Biểu trưng YouVersion
Biểu tượng Tìm kiếm

Na Sailm 11

11
Salm 11.
In Domino confido.
1Is sa tiarna a ċuirim mo ḋóċas: conas adeir siḃ lem anam teiṫeaḋ ċun an ċnoic mar éan?
2Óir siúd luċt an oilc ag lúbaḋ a mboġa, agus ag ullṁú bolgán na saiġead: go scaoile siad os íseal le luċt an ċroí ḟír.
3Óir leagfar na buna atá fúinn: agus cad é is féidir leis an ḃfíréan a ḋéanaṁ?
4Tá an Tiarna ina ṫeampall naofa: tá caṫaoir an Tiarna ar neaṁ.
5Breaṫnaíonn a ṡúile na boċta: scrúdaíonn a roisc Síol Áḋaiṁ.
6Proṁann an Tiarna na fíréin: aċ is fuaṫ anama leis fear an oilc, agus an té a mbíonn dúil aige i ndroċġníoṁarṫa.
7Fearfaiḋ sé dola ar luċt an oilc, tine agus ruiḃ, gaoṫ ṁór agus doineann: sin an deoċ a ḃeas acu le n‑ól.
8Óir bíonn grá ag an Tiarna fíréan ar an ḃfíréantaċt: ní ḟeicfiḋ a ġnúis aċ an ní atá ceart.

Tô màu

Chia sẻ

Sao chép

None

Bạn muốn lưu những tô màu trên tất cả các thiết bị của mình? Đăng ký hoặc đăng nhập