1
Lúcás 19:10
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Óir is ċun a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú a ṫáinig Mac an Duine.
Ṣe Àfiwé
Ṣàwárí Lúcás 19:10
2
Lúcás 19:38
Agus deiridís: Molaḋ leis an t-é atá ag teaċt ’n-a rí i n-ainim an Tiġearna; síoṫċáin ar neaṁ agus glóire ins na flaṫais.
Ṣàwárí Lúcás 19:38
3
Lúcás 19:9
Agus duḃairt Íosa leis: Tá slánú fáġalta indiu ag an dtiġ seo de ḃríġ gur de ċlainn Ábrahaim é, leis.
Ṣàwárí Lúcás 19:9
4
Lúcás 19:5-6
Agus nuair a ṫáinig Íosa ċun na h-áite d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé é, agus duḃairt sé leis: A Ṡacaeuis, brostuiġ agus tar anuas, mar is ad’ ṫiġ-se a ċaiṫfead-sa stad indiu. Agus do ḃrostuiġ seisean anuas, agus do ġlac sé é go h-áṫasaċ.
Ṣàwárí Lúcás 19:5-6
5
Lúcás 19:8
Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.
Ṣàwárí Lúcás 19:8
6
Lúcás 19:39-40
Agus ḃí cuid de sna Fairisíniġ sa tsluaġ agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, cuir smaċt ar do ḋeisgiobuil. Agus duḃairt sé leó: Deirim liḃ, má éistid siad san, go liúġfaid na cloċa amaċ.
Ṣàwárí Lúcás 19:39-40
Ilé
Bíbélì
Àwon ètò
Àwon Fídíò