Eoin 1

1
1Ar dtús do bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus do b’é Dia an briathar. 2Do bhí sé ar dtús i bhfochair Dé. 3Is tríd‐sean do rinneadh an uile nidh, agus ’na éagmais‐sean ní dearnadh éinnidh d’á bhfuil ann. 4Is ann do bhí an bheatha, agus do b’é solas na ndaoine an bheatha. 5Agus lonnruigheann an solas san dorchadas; agus níor sháruigh an dorchadas é.
6Do bhí fear ann do cuireadh ó Dhia, darbh ainm Eoin. 7Tháinig seisean mar fhiadhnaise, chum go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsolais, chum go gcreidfeadh gach aoinneach tríd. 8Níorbh é féin an solas, acht tháinig sé chum go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsolais. 9Do b’é sin an fíor‐sholas shoillsigheas gach uile dhuine, ag teacht ar an saoghal. 10Do bhí sé ar an saoghal, agus is tríd do‐rinneadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11Is chum a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuinntear féin leis. 12Acht an méid do ghlac leis, thug sé mar cheart dóibh bheith ’n‐a gclainn do Dhia, dóibh‐sean chreideas ’n‐a ainm: 13nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia. 14Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne. 15Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham. 16Óir is as a líonmhaire do ghlacamar uile, agus grás ar ghrás. 17Óir tugadh an reacht tré Mhaois, acht tháinig grás agus fírinne tré Íosa Críost. 18Ní fhaca aoinneach Dia ariamh; an t‐Aon‐Mhac atá i n‐ucht an Athar, do b’é d’fhoillsigh é.
19Agus is í seo fiadhnaise Eoin, nuair do chuir na h‐iúdaigh sagairt agus Lebhítigh ó Iarúsalem chuige g‐á fhiafruighe dhe, Cia h‐é thusa? 20Agus d’admhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhuigh sé, Ní mise an Críost? 21Agus d’fhiafruigheadar de, Cia h‐é thusa, má’s eadh? An tú Élias? Adubhairt seisean, Ní mé. An tusa an fáidh? Agus d’fhreagair seisean, Ní mé. 22Adubhradar leis, d’á bhrigh sin, Cia h‐é thú? ionnas go dtiubhraimís freagra dhóibh‐sean do chuir uatha sinn. Cad adeirir id’ thaobh féin? 23Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh. 24Agus dream de na Fairisíneachaibh ab eadh iad‐san do cuireadh. 25Agus do cheistigheadar é, agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann tú baisteadh, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáidh? 26D’fhreagair Eoin dóibh, g‐á rádh, Do‐ghním‐se baisteadh i n‐uisce: acht atá ’n‐a sheasamh ’n‐bhúr measc duine nach aithnid daoibh, 27an té atá ag teacht im’ dhiaidh‐se, nach fiú mise oiread agus iall a bhróige do scaoileadh. 28Tharla an méid sin i mBétánia ar an taobh thall de Iórnán, mar a raibh Eoin ag baisteadh.
29An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain! 30Is é sin an té go ndubhras ’n‐a thaobh, Atá ag teacht im’ dhiaidh fear do cuireadh rómham, óir do bhí sé ann rómham. 31Agus níor aithnigheas‐sa é; acht is chuige seo tháinig‐mé ag baisteadh i n‐uisce chum go bhfoillseochaidhe d’Israel é. 32Agus thug Eoin fiadhnaise, g‐á rádh, Do chonnacas an Spiorad ag teacht ó neamh anuas i riocht cuilm; agus d’fhan sé air. 33Agus níor aithnigheas‐sa é: acht an té do chuir uaidh mé ag baisteadh le h‐uisce, adubhairt sé liom, An té go bhfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanamhain air, is é sin an té bhaisteas leis an Spiorad Naomh. 34Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo.
35Arís, lá ar n‐a bhárach, do bhí Eoin ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht le beirt d’á dheisceablaibh: 36agus d’fhéach sé ar Íosa do bhí ag dul thart, agus adubhairt sé. Féach Uan Dé! 37Agus do‐chuala an bheirt deisceabal é ag labhairt, agus do leanadar Íosa. 38Agus d’iompuigh Íosa, agus do chonnaic sé iad g‐á leanamhain, agus adubhairt sé leo, Créad atá uaibh? Agus dubhradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le rádh, A Mháighistir), cá gcómhnuigheann tú? 39Adubhairt sé leo, Tagaidh, agus do‐chífidh sibh. Thángadar, mar sin, agus do chonnacadar an áit ’n‐a raibh sé ’n‐a chómhnaidhe; agus d’fhanadar ’n‐a fhochair an lá sin: do bhí sé tuairim na deicheamhadh h‐uaire. 40Duine de’n bheirt do bhí ag éisteacht le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eadh Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar. 41Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost). 42Agus thug sé leis é chum Íosa. D’fhéach Íosa air, agus adubhairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le rádh, Peadar, nó Carraig).
43Ba mhian leis, lá ar n‐a bhárach, dul go dtí an Ghalilé, agus fuair sé Pilib: agus adubhairt Íosa leis, Lean mise. 44Agus as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh. 46Agus adubhairt Natanaél leis, An féidir aon nidh maith do theacht ó Nasair? Adubhairt Pilib leis, Tar go bhfeicidh tú. 47Do chonnaic Íosa Natanaél ag teacht chuige, agus adubhairt sé leis, Féach an t‐Israelíteach fíor nach bhfuil aon chealg ann! 48Adubhairt Natanaél leis, Cionnas aithnigheas tú mé? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Sarar ghlaodh Pilib ort, an tráth ’n‐a raibh tú fá’n gcrann fige, do chonnacas thú. 49D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel. 50D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, De bhrigh go ndubhras leat, Do chonnacas fá’n gcrann fige thú, an gcreideann tú? do chífir neithe is mó ’ná sin. 51Agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Do chífidh sibh na flaithis ar fhoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.

目前选定:

Eoin 1: ATN1951

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录