Eoin 2
2
Caibidil II
Aṫruiġeann Críost uisce go fíon: teilgeann sé na díoltóirí amaċ as an teampall.
1Agus ar an treas lá ṫárla pósaḋ i gCána na Gailile: agus ḃí máṫair Íosa ann.
2Agus ḃí cuireaḋ ċun na bainḟeise ag Íosa fosta, agus ag a ḋeisciobail.
3Agus ó ṫárla an fíon riṫte, duḃairt máṫair Íosa leis: Ní ḟuil fíon ar biṫ acu.
4Agus deir Íosa léi: Cad é sin daṁ-sa agus duit-se#2, 4 Cad é sin daṁ-sa agus duit-se ⁊c. Ṁeas míniġṫeoirí áirite go raiḃ a ḃeagán nó a ṁórán de ġéire ins na briaṫra seo a laḃair ár Slánuiġṫeoir le n-a ṁáṫair. Níor ḃrieaṫnuiġ siad i gceart bríġ na cainnte a ṫáinic ina ḋiaiḋ sin: Cibé niḋ a déarfas sé liḃ, déanaigiḃ é. Is léir ó na focla sin go raiḃ a ḟios ag a ṁáṫair go raiḃ sé ar tí míorḃail a ḋéanaṁ, agus go ndearna sé an ṁíorḃail sin tré ġuiḋe a ṁáṫar, giḋ naċ raiḃ am déanta ha míorḃail ann go fóill. B’iad na daoine a ḃí i láṫair, agus a ċonnaic gnúis an tSlánuiġṫeora agus a ċuala fuaim a ġoṫa, a dtiocfaḋ leo innse cé acu ḃí géire ina ċuid cainnte nó naċ raiḃ: briaṫra a mbéaḋ fearg ionnta, aċt iad a ráḋ i nguṫ áiriṫe agus fá ġnúis áirite, ḃéaḋ séiṁe ionnta dá mbéaḋ a ṁalairt de ġuṫ agus de ġnúis ag dul leo. Léiriġeann briaṫra Ṁuire leis an luċt freastail, agus míorḃail Ċríost, naċ géire aċt séiṁe a noċt Íosa dá ṁáṫair nuair a laḃair sé léi., a ḃean? Ní ṫáinic m’uair-se go fóill.
5Deir a ṁáṫair leis an luċt freastail: Cib é níḋ a déarfas sé liḃ, déanaigiḋ é.
6Aċt ḃí sé daḃaċa cloiċe curṫa annsin ċun láṁa a niġe do réir nós na n-Iúdaċ, agus congḃáil ḋá nó trí meadar i ngaċ cionn acu.
7Deir Íosa leo: líonaigiḋ na daḃaċa le h-uisce. Agus líon siad go béal iad.
8Agus deir Íosa leo: Tarraingigiḋ anois agus beirigiḋ ċuig uaċtarán an ḟéasta é: agus rug siad leo é.
9Agus nuair a ḃlais uaċtarán an ḟéasta an t-uisce a ndearnaḋ fíon de, gan fios aige cárḃ as dó, aċt ḃí a ḟios sin ag an luċt freastail a ṫarraing an t-uisce: glaoḋann uaċtarán an ḟéasta ar an ḟear nuapósta,
10Agus deir sé leis: Cuireann gaċ duine an fíon maiṫ ar an tábla ar dtús, agus annsin, nuair a ḃíos cuid ṁaiṫ ólta ag daoine, an fíon naċ mbíonn cóṁ maiṫ. Aċt ċongḃuiġ tusa an fíon maiṫ go dtí seo.
11Ċuir Íosa an tús seo le míorḃailte i gCána na Gailile, agus léiriġ sé a ġlóir, agus ċreid a ḋeisciobail ann.
12Ina ḋiaiḋ seo ċuaiḋ sé féin, agus a ṁáṫair, agus a ḃráiṫre, agus a ḋeisciobail síos go Caṗarnaum: agus d’ḟan siad annsin beagán laeṫe.
13Agus ḃí Cáisc na n-Iúdaċ ar na gaoḃair, agus ċuaiḋ Íosa suas go h-Ierusalem:
14Agus fuair sé luċt díolta daṁ, agus caoraċ, agus colmán, agus malartóirí airgid ina suiḋe san teampall.
15Agus nuair a rinne sé aṁail sciúirse de ċórdaí, ṫiomáin sé amaċ as an teampall iad uilig, na caoiriġ fosta, agus na daiṁ, Agus ḋoirt sé amaċ airgead na malartóirí, agus leag sé na táblaí.
16Agus duḃairt sé le luċt díolta na gcolmán: Beirigiḋ liḃ as seo na neiṫe sin, agus ná déanaigiḋ teaċ margaiḋ de ṫiġ m’Aṫar.
17Agus ṫug a ḋeisciobail i gcuiṁne go raiḃ sé scríoḃṫa: D’iṫ díograis ċun do ṫiġe suas mé.#Sailm 68, 10.
18D’ḟreagair na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, agus duḃairt siad leis: Cad é an cóṁarṫa a ṫaisbeánas tú dúinn, de ḃríġ go ndéan tú na neiṫe seo?
19Duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt:#Mait. 26, 61, agus 27, 40; Marc. 14, 58, agus 15, 29. Leagaigiḋ an teampall seo, agus i gcionn ṫrí lá tógfaiḋ mise é.
20Duḃairt na h-Iúdaiġ, dá ḃríġ sin: Sé bliaḋna agus daiċead a ḃí an teampall seo dá ṫógáil, agus an dtógfaiḋ tusa é i dtrí laeṫe?
21Aċt ba ar ṫeampall a ċuirp féin a laḃair seisean.
22Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí sé tar éis éirġe ó ṁarḃaiḃ, ċuiṁniġ a ḋeisciobail gur ḋuḃairt sé sin, agus ċreid siad an Scrioptúir,#Sailm 3, 6, agus 59, 9. agus an ċainnt a duḃairt Íosa.
23Agus nuair a ḃí sé i n-Ierusalem lá na féile san Ċáisc, ċreid mórán ina ainm, nuair a ċonnaic siad na míorḃailte a ġníoḋ sé.
24Aċt ní ṫaoḃaḋ Íosa é féin leo, de ḃríġ gurḃ aiṫnid dó an uile ḋuine,
25Agus de ḃríġ naċ raiḃ feiḋm aige go dtaḃarfaḋ aoinneaċ fiaḋnaise fá’n duine: óir ḃí a ḟios aige féin cad éḃí san duine.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland