Maitiú 22
22
Caibidil XXII
Fáiṫscéal na bainḟeise: órduiġeann Críost cáin a ḋíol le Caesar: sáruiġeann sé na Sadducaiġ: innseann sé cé h-í an ċéad aiṫne san dliġe: agus cuireann sé meaḋrán ar na Fairisíniġ.
1Agus d’ḟreagair Íosa, agus laḃair sé arís leo i#Lúc. 14, 16. ḃfáiṫscéalta, ag ráḋ:
2Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le ríġ a rinne bainḟeis#Taiḋḃ. 19, 9. dá ṁac.
3Agus ċuir sé a ṡeirḃisiġ le glaoḋaċ orṫa-san a fuair cuireaḋ ċun na bainḟeise; agus ḋiúltuiġ siad a ṫeaċt.
4Aṫuair ċuir sé seirḃísiġ eile, ag ráḋ: Abraigiḋ leoḃṫa-san a fuair cuireaḋ: Féaċ, d’ullṁuiġ mé mo ḋinnéar, tá mo ṁairt agus mo ḃeiṫiḋiġ reaṁra marḃ, agus tá na h-uile neiṫe réiḋ: taraigiḋ ċun na bainḟeise.
5Aċt rinne siad failliġe, agus d’imṫiġ siad leo, duine ċun a ḟeirme, agus duine ċuig a ċuid earraiḋe.
6Agus rug an ċuid eile ar a ṡeirḃísiġ, agus i ndiaiḋ masla a ṫaḃairt dóiḃ, ċuir siad ċun báis iad.
7Aċt nuair a ċuala an rí seo, ḃí ḟearg air, agus ċuir sé amaċ a airm gur scrios sé na dúnṁarḃṫóirí sin, agus ḋóiġ sé a gcaṫair.
8Annsin deir sé le n-a ṡeirḃísiġ: Tá an ḃainḟeis réiḋ gan aṁras, aċt na daoine a fuair cuireaḋ, níorḃ airiḋe orṫa í:
9Ar an aḋḃar sin, imṫiġigiḋ ḟá na bóiṫre, agus an méid a ċasfar liḃ, goirigiḋ ċun na bainḟeise orṫa.
10Agus ar ḋul amaċ fá na bóiṫre dá ṡeirḃísiġ, ċruinniġ siad le ċéile a ḃfuair siad, eadar olc agus ṁaiṫ, agus ḃí an ḃainḟeis lán de ḋaoine ina suiḋe ċun bíḋ.
11Agus ċuaiḋ an rí isteaċ go ḃfeiceaḋ sé an ċuideaċta, agus ċonnaic sé fear annsin naċ raiḃ éadaċ bainḟeise air.
12Agus deir sé leis: A ċaraid, cad é mar ṫáinic tusa isteaċ annseo gan éadaċ bainḟeise ort? Aċt d’ḟan sé ina ṫost.
13Annsin duḃairt an rí leis na freastalaiḋṫe: Ceanglaigid a láṁa agus a ċosa, agus caiṫigiḋ amaċ san dorċadas amuiġ é; annsin a ḃéas gol agus díoscarnaċ fiacal.
14Óir ta glaoiḋte ar ṁórán, agus ní ḟuil toiġte aċt beagán.
15Annsin d’imṫiġ na Fairisíniġ,#Marc. 12, 13; Lúc. 20, 20. agus ġlac siad cóṁairle le ċéile fá’n dóiġ a ḃḟéadaḋ siad breiṫ air ina ċainnt.
16Agus ċuir siad a ndeisciobail féin mar aon le luċt leanaṁna Ioruaiḋ#22, 16 Luċt leanaṁna Ioruaiḋ. Daoine a ḃí i seirḃís agus ar leiṫ Ioruaiḋ, agus a d’aontuiġ leis gur ċóir cáin a ḋíol le Caesar, an t-Impire Róṁánaċ. Measann corr ḋuine gurḃ aicme de na h-Iúdaiġ iad a síl gurḃ é Ioruaḋ an Messías., ag ráḋ: A ṁáiġistir, is eol dúinn gur cainnteoir fíor ṫú, agus go dteagascann tú sliġe Dé go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil beann agat ar ḋuine ar bit: óir ní ḋearcann tú ar ṗearsam daoine.
17Innis dúinn, mar sin, cad é do ḃaraṁail: An cóir cáin a ṫaḃairt do Ċaesar, nó naċ cóir?
18Aċt ḃí fios a n-urċóide ag Íosa, agus duḃairt sé: A luċt na ceilge, cad ċuige a ḃfuil siḃ ag cur féaċála orm?
19Taisbeáinigiḋ airgead na cánaċ daṁ. Agus ṫairg siad piġinn dó.
20Agus deir Íosa leo: Cé ar de an íoṁáiġ agus an scríḃinn seo?
21Deir siad leis: De Ċaesar. Annsin deir sé leo:#Róṁ. 13, 7. Ar an aḋḃar sin, taḃairigiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar, agus do Ḋia na neiṫe is le Dia.
22Agus ar a ċluinstin sin dóiḃ, ḃí iongantas orṫa; agus d’ḟág siad é, agus d’imṫiġ leo.
23An lá céadna sin ṫáinic Sadducaiġ ċuige, daoine a deir naċ ḃfuil eiséirġe ann,#Gníoṁ. 23, 6. agus ċeistiġ siad é,
24Ag ráḋ: A ṁáiġistir, duḃairt Maoise:#Deut. 25, 5; Marc. 12, 19; Lúc. 20, 28. Má ġeiḃ duine bás gan mac, pósaḋ a ḋearḃráṫair a ḃean, agus tógaḋ sé slioċt dá ḋearḃráṫair.
25Ḃí seaċtar dearḃráiṫreaċ i n-ár measc; agus ṗós an ċéad duine acu bean, agus fuair sé bás: agus mar naċ raiḃ slioċt aige, d’ḟág sé a ḃean ag a ḋearḃráṫair.
26B’aṁlaiḋ sin do’n dara, agus do’n tríoṁaḋ duine, agus dá réir sin go dtí an seaċtṁaḋ duine.
27Agus ina ndiaiḋ go léir, fuair an ḃean bás fosta.
28San eiséirġe, dá ḃríġ sin, cé acu de’n tseaċtar a mbéiḋ sí ina mnaoi aige? Óir ḃí sí acu go léir.
29Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Tá siḃ ar seaċrán as siocair naċ eol díḃ na Scrioptúirí ná cuṁaċt Dé.
30Óir san eiséirġe ní ṗóstar ná ní ṫaḃartar le pósaḋ, aċt béiḋ siad mar aingle Dé ar neaṁ.
31Aċt i dtaoiḃ eiséirġe na marḃ, nár léiġ siḃ an rud a duḃairt Dia, nuair duḃairt sé líḃ:#Ecs. 3, 6.
32Is mise Dia Abrahaim, agus Dia Isaaic, agus Dia Iacóib? ní Dia do ḋaoine marḃa é, aċt do ḋaoine beo.
33Agus nuair a ċuala na sluaiġte sin, rinne siad iongantas dá ṫeagasc.
34Agus nuair a ċuala na Fairisíniġ gur ċuir sé na Sadducaiġ ina dtost, ṫáinic siad i dteannta a ċéile.
35Agus d’ḟiaḟruiġ duine acu, doctúir dliġe,#Marc. 12, 28; Lúc. 10, 25. de, ag cur féaċála air:
36A ṁáiġistir, cé h-í an aiṫne ṁór san dliġe?
37Duḃairt Íosa leis:#Deut. 6, 5. Gráḋóċaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia, le do ċroiḋe go h-iomlán, agus le d’anam go h-iomlán, agus le d’intinn go h-iomlán.
38Is í seo an aiṫne is mó agus an ċéad aiṫne.
39Agus is cosaṁail léiṫe seo an dara h-aiṫne:#Leiḃ. 19, 18; Marc. 12, 31. Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin.
40Is ar an dá aiṫne seo atá seasaṁ an dliġe go h-iomlán agus na ḃfáiḋ.
41Agus ar ḃeiṫ cruinniġṫe i gcionn a ċéile do na Fairisíniġ, d’ḟiafruiġ Íosa díoḃ,
42Ag ráḋ: Cad é ḃur mbaraṁail fá’n Ċríost? Cé h-é ar mac dó é? Deir siad-san leis: Dáiḃiḋ.
43Deir seisean leo:#Marc. 12, 35; Lúc. 20, 41. Cad ċuige, mar sin, a dtaḃrann Dáiḃiḋ Tiġearna air i spiorad, ag ráḋ:
44Duḃairt an Tiġearna le mo Ṫiġearna:#Sailm 109, 1. Suiḋ ar mo ḋeis go dtí go gcuiriḋ mé do náiṁde ina stól faoi do ċosa?
45Dá ḃríġ sin, má ḃeir Dáiḃiḋ Tiġearna air, cad é mar tá sé ina ṁac aige?
46Agus ní ṫáinic le duine ar biṫ focal a ráḋ mar ḟreagair air, agus ó’n lá sin amaċ ní raiḃ sé de ḋánaċt i nduine ar biṫ aon ċeist eile a ċur air.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland