1
Eóin 15:5
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Mise an ḟíneaṁuin, siḃ-se na géaga; an t-é ḟanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toraḋ mór uaiḋ; óir am’ éaġmuis-se ní féidir daoiḃ aon níḋ a ḋéanaṁ.
Qhathanisa
Hlola Eóin 15:5
2
Eóin 15:4
Fanaiḋ ionam-sa, agus mise ionaiḃ. Fé mar náċ féidir do’n ġéig toraḋ ṫaḃairt uaiṫe féin, mura ḃfanaiḋ sí ar an ḃfínea-ṁuin, sin mar naċ féidir daoiḃ-se mura ḃfanaiḋ siḃ ionam-sa.
Hlola Eóin 15:4
3
Eóin 15:7
Má ḟanann siḃ ionam-sa, agus má ḟanaid mo ḃréiṫre ionaiḃ, iarrfaiḋ siḃ pé níḋ is maiṫ liḃ, agus déanfar daoiḃ é.
Hlola Eóin 15:7
4
Eóin 15:16
Ní siḃ-se a ḋein mise do ṫoġaḋ: aċ is mise a ḋein siḃ-se do ṫoġaḋ, agus do ċeapaḋ ċun go n-imṫeoċaḋ siḃ agus go dtaḃarfaḋ siḃ toraḋ uaiḃ, agus go leanfaḋ ḃúr dtoraḋ; i dtreó, pé rud a ḋ’iarrfaḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se, go dtaḃarfaḋ sé daoiḃ é.
Hlola Eóin 15:16
5
Eóin 15:13
Ní’l ag aon duine gráḋ is mó ’na so, go dtaḃarfaḋ duine a anam ar son a ċarad.
Hlola Eóin 15:13
6
Eóin 15:2
Gaċ géag atá orm agus ná tugann toraḋ, gearrfaiḋ sé í; agus gaċ géag a ṫugann toraḋ, glanfaiḋ sé í, ionus go dtaḃarfaḋ sí breis toraḋ.
Hlola Eóin 15:2
7
Eóin 15:12
Sidí m’aiṫne-se, go dtaḃarfaḋ siḃ-se gráḋ d’á ċéile, fé mar a ṫugas-sa gráḋ ḋaoiḃ-se.
Hlola Eóin 15:12
8
Eóin 15:8
As so a tugtar glóire do m’Aṫair, siḃ-se do ṫaḃairt mór-ṫoraḋ uaiḃ, agus siḃ a ḃeiṫ i nḃúr ndeisgiobuil agam-sa.
Hlola Eóin 15:8
9
Eóin 15:1
Is mise an ḟíneaṁuin ḟírinneaċ, agus isé m’Aṫair an saoṫruiġṫeóir.
Hlola Eóin 15:1
10
Eóin 15:6
An t-é ná fanfaiḋ ionam-sa, caiṫfar amaċ é mar ġéag, agus feóċfaiḋ sé; agus tógfar é agus caiṫfar sa teine é, agus loisgfar é.
Hlola Eóin 15:6
11
Eóin 15:11
Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ m’áṫas-sa ionaiḃ, agus go mbeaḋ ḃúr n-áṫas-sa iomlán.
Hlola Eóin 15:11
12
Eóin 15:10
Fanaiḋ am’ ġráḋ. Má ċoiméádann siḃ m’aiṫeanta fanfaiḋ siḃ am’ ġráḋ; fé mar a ċoimeádaim-se aiṫeanta m’Aṫar agus go ḃfanaim ’n-a ġráḋ.
Hlola Eóin 15:10
13
Eóin 15:17
Tugaim na h-aiṫeanta so ḋaoiḃ i dtreó go mbeaḋ gráḋ agaiḃ d’a ċéile.
Hlola Eóin 15:17
14
Eóin 15:19
Dá mba leis an saoġal a ḃainfeaḋ siḃ ḃeaḋ gráḋ ag an saoġal d’a ċuid féin; aċ óir ná baineann siḃ leis an saoġal, aċ gur ḋeineas-sa siḃ a ṫoġaḋ as an saoġal, uime sin tá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ.
Hlola Eóin 15:19
Ikhaya
IBhayibheli
Amapulani
Amavidiyo