Eóin 15

15
CAIBIDIOL XV.
Caint Ċríost le n-a ḋeisgiobulaiḃ ar leanṁaint.
1Is mise an ḟíneaṁuin ḟírinneaċ, agus isé m’Aṫair an saoṫruiġṫeóir. 2Gaċ géag atá orm agus ná tugann toraḋ, gearrfaiḋ sé í; agus gaċ géag a ṫugann toraḋ, glanfaiḋ sé í, ionus go dtaḃarfaḋ sí breis toraḋ. 3#Supra 13:10.Táṫaoí-se anois glan de ḃárr na cainte do laḃras liḃ. 4Fanaiḋ ionam-sa, agus mise ionaiḃ. Fé mar náċ féidir do’n ġéig toraḋ ṫaḃairt uaiṫe féin, mura ḃfanaiḋ sí ar an ḃfínea-ṁuin, sin mar naċ féidir daoiḃ-se mura ḃfanaiḋ siḃ ionam-sa. 5Mise an ḟíneaṁuin, siḃ-se na géaga; an t-é ḟanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toraḋ mór uaiḋ; óir am’ éaġmuis-se ní féidir daoiḃ aon níḋ a ḋéanaṁ. 6An t-é ná fanfaiḋ ionam-sa, caiṫfar amaċ é mar ġéag, agus feóċfaiḋ sé; agus tógfar é agus caiṫfar sa teine é, agus loisgfar é. 7Má ḟanann siḃ ionam-sa, agus má ḟanaid mo ḃréiṫre ionaiḃ, iarrfaiḋ siḃ pé níḋ is maiṫ liḃ, agus déanfar daoiḃ é. 8As so a tugtar glóire do m’Aṫair, siḃ-se do ṫaḃairt mór-ṫoraḋ uaiḃ, agus siḃ a ḃeiṫ i nḃúr ndeisgiobuil agam-sa.
9Mar a ṫug an t-Aṫair gráḋ ḋóṁ-sa, sin mar a ṫugas-sa gráḋ ḋaoiḃ-se. 10Fanaiḋ am’ ġráḋ. Má ċoiméádann siḃ m’aiṫeanta fanfaiḋ siḃ am’ ġráḋ; fé mar a ċoimeádaim-se aiṫeanta m’Aṫar agus go ḃfanaim ’n-a ġráḋ. 11Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ m’áṫas-sa ionaiḃ, agus go mbeaḋ ḃúr n-áṫas-sa iomlán.
12 # Supra 13:34; Eṗes. 5:2; 1 Tess. 4:9. Sidí m’aiṫne-se, go dtaḃarfaḋ siḃ-se gráḋ d’á ċéile, fé mar a ṫugas-sa gráḋ ḋaoiḃ-se. 13Ní’l ag aon duine gráḋ is mó ’na so, go dtaḃarfaḋ duine a anam ar son a ċarad. 14Is siḃ-se mo ċáirde-se aċ go ndéanfaiḋ siḃ na neiṫe adeirim liḃ. 15Ní seirḃísiġ a ṫaḃarfaḋ oraiḃ feasda, óir ní fios do’n tseirḃíseaċ an níḋ a ḋeineann a ṁáiġistir. Aċ is cáirde atá taḃarṫa agam oraiḃ; óir gaċ níḋ d’ár airiġeas féin ó m’Aṫair do ċuireas i n-iúil daoiḃ-se é. 16Ní siḃ-se a ḋein mise do ṫoġaḋ: aċ is mise a ḋein siḃ-se do ṫoġaḋ, agus do ċeapaḋ ċun go n-imṫeoċaḋ siḃ agus go dtaḃarfaḋ siḃ toraḋ uaiḃ, agus go leanfaḋ ḃúr dtoraḋ; i dtreó, pé rud a ḋ’iarrfaḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se, go dtaḃarfaḋ sé daoiḃ é. 17#1 Eóin 3:11; 4:7.Tugaim na h-aiṫeanta so ḋaoiḃ i dtreó go mbeaḋ gráḋ agaiḃ d’a ċéile.
18Má ṫugann an saoġal fuaṫ ḋaoiḃ, bíoḋ ḟios agaiḃ gur ṫug sé fuaṫ ḋóṁ-sa róṁaiḃ. 19Dá mba leis an saoġal a ḃainfeaḋ siḃ ḃeaḋ gráḋ ag an saoġal d’a ċuid féin; aċ óir ná baineann siḃ leis an saoġal, aċ gur ḋeineas-sa siḃ a ṫoġaḋ as an saoġal, uime sin tá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ. 20Cuiṁniġiḋ ar an ḃfocal aduḃart liḃ: #Supra 13:16; Mait. 10:24.Ní’l an seirḃíseaċ níos mó ’ná a ṁaiġistir. #Mait. 24:9.Má ḋeineadar géarleanṁaint orm-sa déanfaid siad géarleanṁaint oraiḃ-se, leis; má ċoimeádadar mo ḃréiṫre-se, coimeádfaid siad ḃúr mbréiṫre-se, leis. 21Aċ déanfaid siad na neiṫe sin go léir liḃ mar ġeall ar m’ ainim-se, toisg gan aiṫne ḃeiṫ acu ar an t-é a ċuir uaiḋ mé. 22Dá mba ná tiocfainn agus laḃairt leó, ní ḃeaḋ an peaca orṫa; aċ anois ní’l aon leaṫsgéal acu i dtaoḃ a bpeaca. 23An t-é go ḃfuil fuaṫ aige ḋóṁ-sa, tá fuaṫ aige do m’Aṫair, leis. 24Dá mba na déanfainn na h-oibreaċa ’n-a measg, oibreaċa nár ḋein aoinne eile, ní ḃeaḋ an peaca orṫa; aċ anois do ċonacadar agus ṫugadar fuaṫ i n-aonḟeaċt, dóṁ-sa agus do m’Aṫair i n-aonḟeaċt. 25Aċ ionus go gcóṁlíonfaí an focal atá sgríoḃṫa sa dlíġ atá acu: #Salm 24:19.Do ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis.
26Aċ nuair a ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe, an t-é a ċuirfead-sa ċúġaiḃ-se ó’n Aṫair, Spioraid na fírinne, a ġluaiseann ó’n Aṫair, déanfaiḋ sé sin fiaḋnaise orm-sa.#15:26 Ver. 26. a ċuirfead-sa — deiṁníġeann an ċaint sin, i n-aġaiḋ na nGréagaċ ndeirineaċ so, go ngluaiseann an Spioraid Naoṁ ó’n Mac, ċóṁ maiṫ le h-ó’n Aṫair. Mura mbeaḋ san ní ḟéadfaḋ an Mac ḃeiṫġá ċur uaiḋ. 27Agus déanfaid siḃ-se fiaḋnaise, óir táṫaoí am’ ḟoċair ó ṫusaċ.

Okuqokiwe okwamanje:

Eóin 15: ABNPOLG

Qhakambisa

Dlulisela

Kopisha

None

Ufuna ukuthi okuvelele kwakho kugcinwe kuwo wonke amadivayisi akho? Bhalisa noma ngena ngemvume