Eóin 16
16
CAIBIDIOL XVI.
Críoċnú cainte Ċríost le n-a ḋeisgiobulaiḃ.
1D’innseas na neiṫe seo ḋaoiḃ ionus ná glacfaḋ siḃ sgannal. 2Cuirfid siad amaċ as na sinagógaiḃ siḃ: seaḋ, agus tá an t-am ag teaċt nuair a ṁeasfaiḋ an t-é a ċuirfiḋ ċun ḃais siḃ go mbeiḋ onóir aige ’á ṫaḃairt do Ḋia. 3Agus déanfaid siad na neiṫe sin liḃ-se toisg gan aiṫne ḃeiṫ acu ar an Aṫair, ná orm-sa. 4Aċ táid na neiṫe seo innste agam daoiḃ i dtreó, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am dóiḃ, go gcuiṁneóċaiḋ siḃ ar mé ’ġá n-innsint daoiḃ. 5Aċ níor innseas na neiṫe seo ḋaoiḃ ó ṫusaċ, mar ḃíos i nḃúr ḃfoċair. Agus anois táim ag imṫeaċt ag triall ar an t-é a ċuir uaiḋ mé, agus ní’l aoinne agaiḃ ’ġá ḟiafraiġe ḋíom: Cá ḃfuilir ag imṫeaċt?
6Aċ toisg gur laḃras na neiṫe seo liḃ do líon ḃúr gcroiḋe de ḋólás. 7Aċ táim-se ag innsint na fírinne ḋaoiḃ: Isé ḃúr leas mé ḋ’imṫeaċt; óir mura n-imṫiġead ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċúġaiḃ; aċ má imṫiġim, cuirfead ċúġaiḃ é. 8Agus nuair a ṫiocfaiḋ sé sin déanfaiḋ sé an doṁan do ḋaoraḋ i dtaoḃ an ṗeacṫa, agus i dtaoḃ cirt, agus i dtaoḃ breiṫeaṁantais:#16:8 Ver. 8. i dtaoḃ an ṗeacṫa, nuair a ṫáinig an Spioraid Naoṁ do ṫug sé mílte ċun a ṫuisgint cad é an peaca a ḃí acu ’á ḋéanaṁ tré gan Críost d’adṁáil; ċun cirt Ċríost do ṫuisgint, agus é n-a ṡuíḋe anois ar ḋeasláiṁ a Aṫar; agus ċun a ṫuisgint cad í an daor-ḃreiṫ atá i gcóir na ndaoine atá ag gaḃáil le Sátan, agus Sátan féin fé ḋaor-ḃreiṫ anois. 9I dtaoḃ peacṫa, toisg ná creidid siad ionam-sa; 10I dtaoḃ cirt, óir táim ag dul ċun an Aṫar, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé feasda. 11Agus i dtaoḃ breiṫeaṁantais, óir tá breiṫeaṁantas taḃarṫa ċeana féin ar priúnsa an doṁain seo.
12Tá mórán eile neiṫe agam le ráḋ liḃ, aċ ní féidir daoiḃ iad a ḃreiṫ liḃ anois. 13Aċ nuair a ṫiocfaiḋ an Spioraid úd na fírinne, múinfiḋ sé ḋaoiḃ an uile ḟírinne. Óir ní h-uaiḋ féin a laḃarfaiḋ sé, aċ laḃarfaiḋ sé gaċ a gcloisfiḋ sé; agus neósfiḋ sé ḋaoiḃ-se na neiṫe atá le teaċt.#16:13 Ver. 13. múinfiḋ sé ḋaoiḃ an uile ḟírinne. Feic an nóta ar 14:26. 14Taḃarfaiḋ sé sin glóire ḋóṁ-sa, óir is de m’ ċuid-se a ġlacfaiḋ sé agus a neósfaiḋ sé ḋaoiḃ-se. 15Gaċ uile níḋ atá ag an Aṫair is liom-sa é. Uime sin iseaḋ aduḃart: Is de m’ ċuid-se a ġlacfaiḋ sé agus a neósfaiḋ sé ḋaoiḃ-se.
16Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé; agus ansan tamall beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé; mar táim ag dul ag triall ar an Aṫair.
17Ansan duḃairt cuid d’á ḋeisgiobulaiḃ le n-a ċéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní ḟeicsiḋ siḃ mé; agus tamall beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé; agus, Mas táim ag dul ag triall ar an Aṫair? 18Agus duḃradar: Cad é seo adeir sé, Tamall beag? Ní ḟeadramair cad ’deir sé.
19Agus ḃí ḟios ag Íosa gur ṁian leó é ċeistiú; agus duḃairt sé leó: Táṫaoí ag ceistiúċán eadraiḃ féin i dtaoḃ an ḟocail sin aduḃart: Tamall beag, agus ní ḟeicsiḋ siḃ mé; agus, tamall, beag airís, agus ċífiḋ siḃ mé. 20Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, go ndéanfaiḋ siḃ caoi agus gol, agus go mbeiḋ áṫas ar an saoġal; agus go mbeiḋ siḃ-se buarṫa, aċ iompófar ḃúr mbrón ċun áṫais. 21Nuair a ḃíonn an ḃean i mbreóiteaċt clainne, bíonn buaireaṁ uirṫi, toisg a h-am a ḃeiṫ tagaiṫe; aċ nuair a ḃeireann sí an mac, ní ḃíonn cuiṁne aici ar an dtein-neas, mar ġeall ar an áṫas, toisg duine ḃeiṫ tagaiṫe ar an saoġal. 22Sin mar atá buaireaṁ oraiḃ-se anois, aċ ċífead-sa siḃ airís, agus beiḋ áṫas ar ḃúr gcroiḋe; agus ní ḃainfiḋ aoinne ḃúr n-áṫas díḃ. 23Agus ní ḟiafróċaiḋ siḃ aon níḋ ḋíom-sa an lá san. #Mait. 7:7; 21:22; Marc. 11:24; Lúc. 11:9; supra 14:13; Séam. 1:5.Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, má iarrann siḃ aon rud ar an Aṫair am’ ainim taḃarfaiḋ sé ḋaoiḃ é. 24Go dtí so níor iarraḃair aon níḋ am’ ainim: Iarraiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ, ionus go mbeaḋ ḃúr n-áṫas iomlán.
25Do laḃras na neiṫe seo liḃ i ḃfuirm soluídí. Tá an t-am ag teaċt nuair ná laḃarfad liḃ feasda i soluídiḃ, aċ neósfad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar. 26Sa lá san iarrfaiḋ siḃ am’ ainim-se; agus ní deirim liḃ go nguiḋfead an t-Aṫair an ḃúr son; 27Óir tá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, toisg gráḋ ḃeiṫ agaiḃ dóṁ-sa agus gur ċreideaḃair gur ó Ḋia do ġluaiseas. 28Do ġluaiseas amaċ ó’n Aṫair, agus do ṫánaġ ar an saoġal; táim ag fágáilt an tsaoġail airís, agus ag dul ag triall ar an Aṫair.
29Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Féaċ, anois taoí ag laḃairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á laḃairt. 30Tá ḟios againn anois go ḃfuil fios gaċ uile níḋ agat, agus náċ gáḋ ḋuit aoinne ḃeiṫ ’ġad’ ċeistiú: as so creidimíd gur ó Ḋia a ġluaisís. 31D’ḟreagair Íosa iad: An gcreideann siḃ anois? 32#Mait. 26:31; Marc. 14:27.Féaċ, tá an tráṫ ag teaċt, agus tá sé tagaiṫe ċeana féin, ’n-a sgaipfar siḃ, gaċ duine ċun a ċoda féin, agus ’n-a ḃfágfaid siḃ mise am’ aonar; aċ ní’lim am’ aonar, mar tá an t-Aṫair am’ ḟoċair. 33Do laḃras na neiṫe sin liḃ ionus go mbeaḋ síoṫċain agaiḃ ionam-sa. Beiḋ trioblóid sa tsaoġal agaiḃ; aċ glacaiḋ misneaċ, tá buaiḋte agam-sa ar an saoġal.
Okuqokiwe okwamanje:
Eóin 16: ABNPOLG
Qhakambisa
Dlulisela
Kopisha
Ufuna ukuthi okuvelele kwakho kugcinwe kuwo wonke amadivayisi akho? Bhalisa noma ngena ngemvume
historic text maintained by the Bible Society.