Eoin 2
2
1Agus an tríomhadh lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí bainis i gCána na Galilé; agus bhí máthair Íosa ann: 2agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh chum na bainse. 3Agus nuair d’éirigh an fíon gann, adubhairt máthair Íosa leis, Ní fhuil fíon aca. 4Agus adubhairt Íosa léi, Caidé sin duit‐se nó damh‐sa, a bhean? ní tháinig m’uair‐se go fóill. 5Adubhairt a mháthair leis na seirbhíseachaibh, Cibé rud adeir sé libh, déanaidh é. 6Agus do bhí sé soithigh cloiche, do cuireadh ann de réir reachta glantóireachta na nIúdach, agus lán a dó nó a trí d’fheircínibh ins gach soitheach díobh. 7Adubhairt Íosa leo, Líonaidh na soithigh d’uisce. Agus do líonadar go béal iad. 8Agus adubhairt sé leo, Taoscaidh anois, agus beiridh chum uachtaráin na fleidhe é. Agus rugadar. 9Agus nuair do bhlais uachtarán na fleidhe an t‐uisce ’n‐a fhíon, agus gan a fhios aige cad as é (acht do bhí a fhios ag na seirbhíseachaibh do tharraing an t‐uisce), do ghlaodh uachtarán na fleidhe ar an bhfear nua‐phósta, 10agus adubhairt sé leis, Cuireann gach uile dhuine an fíon maith ar bórd ar dtús; agus nuair bhíos cuid mhaith dhe olta, an fíon is measa, acht do choimhéadais‐se an fíon maith go dtí anois. 11Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a mhíorbhailtibh i gCána na Galilé, agus d’fhoillsigh sé a ghlóir; agus do chreid a dheisceabail ann.
12I n‐a dhiaidh sin do chuaidh sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a mháthair, agus a bhráithre, agus a dheisceabail: acht níor fhanadar annsin acht beagán laethe.
13Agus do bhí cáisc na nIúdach i bhfogas, agus do chuaidh Íosa suas go h‐Iarúsalem. 14Agus fuair sé sa teampall lucht díolta damh agus caorach agus colm, agus lucht malarta an airgid ’n‐a suidhe ann. 15Agus do‐rinne sé sciúirse de théadaibh, agus do ruaig sé as an teampall amach iad uile, agus na caoirigh agus na daimh; agus do scaip sé airgead na malartóir, agus do leag sé a mbúird; 16agus adubhairt sé le lucht díolta na gcolm, Tógaidh na neithe sin as so; ná bidhidh ag déanamh tighe ceannaidheachta de thigh m’Athar. 17Do chuimhnigh a dheisceabail ar a raibh scríobhtha, Sloigfidh díoghrais dod’ thigh mé. 18Agus d’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Caidé an cómhartha thaisbeánas tú dhúinn fá n‐a ndéanann tú na neithe seo? 19D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Leagaidh ar lár an teampall so, agus i gcionn trí lá tógfad‐sa é. 20Agus adubhairt na h‐Iúdaigh, Sé bliadhna agus dá fhichid do bhí an teampall so d’á thógáil, agus an gcuirfidh tusa suas é i gcionn trí lá? 21Acht is do theampall a chuirp féin do bhí sé ag tagairt. 22D’á bhrigh sin, nuair d’éirigh sé ó na marbhaibh, do chuimhnigh a dheisceabail gur labhair sé mar sin; agus do chreideadar an scrioptúir agus an briathar adubhairt Íosa.
23Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do chreid móran ’n‐a ainm, ó do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé. 24Acht ní dheachaidh Íosa ’n‐a n‐iontaoibh, toisc go raibh eolas aige ar gach uile dhuine, 25agus nár theastuigh uaidh teist ar an duine d’fhágháil ó aoinneach; óir do b’eol dó féin créad do bhí sa duine.
Tans Gekies:
Eoin 2: ATN1951
Kleurmerk
Deel
Kopieer
Wil jy jou kleurmerke oor al jou toestelle gestoor hê? Teken in of teken aan
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932