1
Maitiú 27:46
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Agus timċeall na naoṁaḋ h-uaire scairt Íosa de ġuṫ árd, ag ráḋ: Eli, Eli, lamma sabacthani? Is é sin, A Ḋia, A Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?
Compare
Explore Maitiú 27:46
2
Maitiú 27:51-52
Agus féaċ, réabaḋ brat an teampaill ina ḋá ċuid ó ḃárr go bun, agus ċraiṫ an talaṁ, agus scoilteaḋ na carraigeaċa, Agus fosclaḋ na h-uaiġeanna, agus d’éiriġ mórán de ċuirp na naoṁ a ḃí ina gcodlaḋ
Explore Maitiú 27:51-52
3
Maitiú 27:50
Agus ar ġlaoḋaċ amaċ do Íosa arís de ġuṫ árd, ṫug sé suas, n spiorad.
Explore Maitiú 27:50
4
Maitiú 27:54
Agus nuair a ċonnaic an ceanntúir, agus an méid a ḃí leis ag coiṁéad Íosa, an craṫaḋ talaiṁ, agus na neiṫe a rinneaḋ, ġaḃ eagla iad, agus duḃairt: Go ḋeiṁin b’é seo Mac Dé.
Explore Maitiú 27:54
5
Maitiú 27:45
Agus ḃí dorċadas ṫar iomlán an doṁain ó’n seiseaḋ h-uair go dtí an naoṁaḋ h-uair.
Explore Maitiú 27:45
6
Maitiú 27:22-23
Deir Pioláit leo: Cad é ḋéanfas mé, mar sin, le h-Íosa dá ngoirtear Críost? Deir siad uilig: Céastar é. Duḃairt an t-uaċtarán leo: Cad é an t-olc atá déanta aige? Aċt ba ṁó go mór a scairt siad amaċ, ag ráḋ: Céastar é.
Explore Maitiú 27:22-23
Home
Bible
Plans
Videos