Maitiú 27
27
Caibidil XXVII
Tuairisc ar ṗáis Ċríost ar leanaṁaint. A ḃás agus a aḋlacaḋ.
1Agus ar ṫeaċt na maidne, ċuaiḋ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail uilig i gcóṁairle i n-aġaiḋ Íosa, ċun é ċur ċun báis.
2Agus rug siad leo é, agus é ceangailte acu, agus ṫug siad suas do Ṗoint Ṗioláit,#Marc. 15, 1; Lúc. 23, 1; Eoin 18, 28. an t-uaċtarán, é.
3Annsin nuair a ċonnaic Iúdas, a ḃraiṫ é, gur daoraḋ é, ġlac sé aiṫreaċas, agus ṫug sé na deiċ bpíosaí fiċead airgid ṫar ais ċuig uaċtaráin na sagart agus ċuig na seánóirí,
4Ag ráḋ: Ṗeacuiġ mé, óir ḃraiṫ mé fuil neaṁ-ċoirṫeaċ. Aċt duḃairt siad-san: Cad é sin dúinne. Ort féin a bíoḋ.
5Agus ar ċaiṫeaṁ na bpíosaí airgid uaiḋ san teampall dó, ċuaiḋ sé ar ṡiuḃal; agus d’imṫiġ sé, agus ċroċ sé é féin le h-aḋastar.#Gníoṁ. 1, 18.
6Aċt ġlac uaċtaráin na sagart na píosaí airgid, agus duḃairt: Ní cóir iad a ċur san ċorbona#27, 6 ċorbona. Áit ina gcuireaḋ na daoine a dtioḋlaicṫe agus a n-ofrála fá ċoinne an teampaill., óir is luaċ fola iad.
7Agus i ndiaiḋ cóṁairle a ġlacaḋ le ċéile, ċeannuiġ siad páirc an ċriaṫadóra orṫa le ḃeiṫ ina h-áit aḋlaicṫe do ċoiṁiġṫiġ.
8Ar an aḋḃar sin, tugaḋ Haceldama,#Gníoṁ. 1, 19. is é sin, gort na fola, ar an ṗáirc sin go dtí an lá atá indiu ann.
9Annsin a cóiṁlíonaḋ an níḋ a duḃraḋ tré Ieremías, fáiḋ, a duḃairt:#Sac. 11, 12. Agus ġlac siad na deiċ bpíosaí fiċead airgid, luaċ an té a measaḋ, an té a ḃí ar a ṁeas ag Cloinn Israéil.
10Agus ṫug siad ar ṗáiro an ċriaṫadóra iad, mar a d’órduiġ an Tiġearna daṁ-sa:
11Agus ṡeasuiġ Íosa i láṫair an uaċtaráin, agus d’ḟiafruiġ an t-uaċtarán de, ag ráḋ:#Marc. 15, 2; Lúc. 23, 3; Eoin 18, 33. An tusa Rí na n-Iúdaċ? Deir Íosa leis: Deir tú é.
12Agus nuair a ċuir uaċtaráin na sagart agus na seanóirí neiṫe ina leiṫ, níor ḟreagair sé rud ar biṫ.
13Annsin deir Pioláit leis: Naċ gcluin tú an méid fiaḋnaise atá á ċur i d’aġaiḋ?
14Aċt ar aon ḟocal ní ṫug sé freagair ar biṫ, san ċruṫ go raiḃ iongantas mór ar an uaċtarán.
15Anois ar lá ṡollaṁanta na féile bá ġnáṫaċ leis an uaċtarán aon príosúnaċ aṁáin, cibé príosúnaċ a b’áil leo, a leigin saor do’n ṗobal.
16Agus ḃí aige san am sin príosúnaċ iomráiḋteaċ, darḃ ainm Barabbas.
17Ar an aḋḃar sin, ar ḃeiṫ cruinniġṫe le ċéile dóiḃ, duḃairt Pioláit: Cé is toil liḃ go leigfinn saor díḃ, Barrabas, nó Íosa dá ngoirtear Críost?
18Óir ḃí a ḟios aige gur tré ṫnúṫ a ṫug siad suas é.
19Agus nuair a ḃi sé ina ṡuiḋe i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, ag ráḋ: Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine ċóir sin, óir d’ḟulaing mé cuid ṁór indiu i n-aisling mar ġeall air.
20Aċt ḃrostuiġ uaċtaráin na sagart agus na seanóirí an pobal ċun Barabbas d’iarraiḋ, agus Íosa a ċur ċun báis.#Marc. 15, 11; Lúc. 23, 18; Eoin 18, 40; Gníoṁ. 3, 14.
21Agus d’ḟreagain an t-uaċtarán, agus duḃairt sé leo: Cé acu de’n ḃeirt is toil liḃ a leigin saor díḃ? Aċt duḃairt siad-san: Barabbas.
22Deir Pioláit leo: Cad é ḋéanfas mé, mar sin, le h-Íosa dá ngoirtear Críost?
23Deir siad uilig: Céastar é. Duḃairt an t-uaċtarán leo: Cad é an t-olc atá déanta aige? Aċt ba ṁó go mór a scairt siad amaċ, ag ráḋ: Céastar é.
24Aċt ar ḟeiceáil do Ṗioláit naċ raiḃ ag éirġe leis, aċt ina áit sin, go raiḃ gleo dá ṫógáil, ġlac sé uisce, agus niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an ṗobail, ag ráḋ: Tá mé neiṁ-ċionntaċ i ḃfuil an ḟir ċóir seo; oraiḃ féin a bíoḋ.
25Agus d’ḟreagair na daoine go h-uile, agus duḃairt: Bíoḋ a ċuid fola orainne agus ar ár gcloinn.
26Annsin scaoil sé ċuca Barabbas; agus i ndiaiḋ Íosa a sciúrsáil, ṫug sé suas dóiḃ é ċun a ċéasta.
27Annsin ṫug saiġdiuirí#Marc. 15, 16; Sailm 21, 17. an uaċtaráin Íosa isteaċ san halla, agus ċruinniġ siad ċuige an ḃuiḋean go h-iomlán.
28Agus ḃain siad a ċuid éadaiġ féin de, agus ċuir siad fallaing ḋearg fá dtaoiḃ de,
29Agus ag snaiḋmeaḋ coróin spíona#Eoin 19, 2. dóiḃ, ċuir siad ar a ċionn í, agus gas cuiscriġe ina láiṁ ḋeis. Agus ag cromaḋ na glúine dóiḃ óṡ a ċóṁair, rinne siad ṁagaḋ faoi, ag ráḋ: Go mbeannuiġṫear duit, a Rí na n-Iúdaċ.
30Agus ċaiṫ siad seileogaí air, rug greim ar an ċuiscriġ, agus ḃuail siad a ċeann.
31Agus i ndiaiḋ magaḋ a ḋéanaṁ faoi, ḃain siad an ḟallaing de, agus ċuir air a ċuid éadaiġ féin, agus rug leo ċun a ċéasta é.
32Agus ar ḋul amaċ dóiḃ, fuair siad fear as an Ċuiréin, darḃ ainm Síomon;#Marc. 15, 21; Lúc. 23, 26. ṫug siad air-sean a ċros d’iomċar.
33Agus ṫáinic siad go dtí an áit dá ngoirtear Golgota, is é sin, áit Ċalḃaire.#Marc. 15, 22; Lúc. 23, 33; Eoin 19, 17.
34Agus ṫug siad fíon meascṫa le domblas dó le h-ól; agus nuair a ḃlais sé, ní ólfaḋ sé.
35Agus i ndiaiḋ é a ḃeiṫ céasta acu, roinn siad a ċuid éadaiġ eatorṫa, ag caiṫeaṁ crann orṫa;#Marc. 15, 24; Lúc. 23, 24; Eoin 19, 23. ionnas go gcóiṁlíontaí an níḋ a duḃraḋ tríd an ḟáid, a duḃairt:#Sailm 21, 19. Roinn siad mo ċuid éadaiġ eatorṫa, agus ar mo ċulaiṫ ċaiṫ siad crainn.
36Agus ṡuiḋ siad agus ċoiṁéad siad é.
37Agus ċuir siad a ċúis scríoḃṫa ós cionn a ċinn: IS É SEO ÍOSA, RÍ NA n-IÚDAĊ.
38Annsin céasaḋ mar aon leis ḋá ġadaiḋe, duine ar an taoiḃ ḋeís, agus duine ar an taoiḃ ċlí.
39Agus na daoine a ċuaiḋ ṫart, ṫug siad diaṁasla dó, ag craṫaḋ a gcinn,
40Agus ag ráḋ: Ḃeá, tusa a ṁilleas teampall Dé,#Eoin 2, 19. agus a ṫógas arís é i gcionn ṫrí lá, saor ṫú féin; má’s Mac Dé ṫú, tar anuas de’n ċrois.
41Mar an gcéadna duḃairt uaċtaráin na sagart mar aon leis na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí fosta, ag magaḋ faoi:
42Ṡaor sé daoine eile; ní ṫig leis é féin a ṡaoraḋ.#Eagna 2, 18. Má’s é Rí Israéil é, taraḋ sé anuas anois de’n ċrois, agus creidfimíd ann.
43Ċuir sé a ṁuiniġin i nDiá;#Sailm 21, 9. saoraḋ seisean é anois, má’s áil leis é; óir duḃairt sé: Is mise Mac Dé.
44Agus ṫug na gadaiḋṫe, a céasaḋ i n-aoinḟeaċt leis, an masla céadna dó.
45Agus ḃí dorċadas ṫar iomlán an doṁain ó’n seiseaḋ h-uair go dtí an naoṁaḋ h-uair.
46Agus timċeall na naoṁaḋ h-uaire scairt Íosa de ġuṫ árd, ag ráḋ:#Sailm 21, 2. Eli, Eli, lamma sabacthani? Is é sin, A Ḋia, A Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?
47Agus cuid acu dá raiḃ ina seasaṁ annsin, agus a ċuala, duḃairt siad: Tá an fear seo ag glaoḋaċ ar Elías.
48Agus ar an ḃomaite nṫ duine acu, ġlac maċdual, agus líon le fínéigir é, agus ċuir sé ar ġas cuiscriġe é, agus ṫug dó le h-ól.
49Agus duḃairt an ċuro eile: leig dó; feicimís an dtiocfaiḋ Elías le n-a ṡaoraḋ.
50Agus ar ġlaoḋaċ amaċ do Íosa arís de ġuṫ árd, ṫug sé suas, n spiorad.
51Agus féaċ, réabaḋ brat an teampaill#2 Par. 3, 14. ina ḋá ċuid ó ḃárr go bun, agus ċraiṫ an talaṁ, agus scoilteaḋ na carraigeaċa,
52Agus fosclaḋ na h-uaiġeanna, agus d’éiriġ mórán de ċuirp na naoṁ a ḃí ina gcodlaḋ,
53Agus ag teaċt amaċ as na tuambaí dóiḃ i ndiaiḋ a eiséirġe, ṫáinic siad isteaċ ċun na caṫraċ naoṁṫa, agus ṫaisbeán siad iad féin do ṁórán.
54Agus nuair a ċonnaic an ceanntúir, agus an méid a ḃí leis ag coiṁéad Íosa, an craṫaḋ talaiṁ, agus na neiṫe a rinneaḋ, ġaḃ eagla iad, agus duḃairt: Go ḋeiṁin b’é seo Mac Dé.
55Agus ḃí mórán ban annsin giota maiṫ ar ṡiuḃal, a lean Íosa ó’n Ġailile, ag freastal air;
56Ina measc sin ḃí Máire Magdailéin, agus Máire, máṫair Ṡéamuis agus Ióseṗ, agus máṫair ċlann Sebede.
57Nuair a ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinic fear saiḋḃir áiriṫe as Arimatea, darḃ ainm Ióseṗ,#Marc. 15, 42; Lúc. 23, 50; Eoin 19, 38. a ḃí é féin fosta ina ḋeisciobal ag Íosa.
58Ċuaiḋ seisean ċuig Pioláit, agus d’iarr sé corp Íosa. Annsin ṫug Pioláit órduġaḋ an corp a ṫaḃairt dó.
59Agus ġlac Iósep an corp, agus ċuaċ sé suas i línéadaċ ġlan é,
60Agus ċuir sé é ina ṫuamba nua féin a ġearr sé i gcarraig, agus ṫionntuiġ sé cloċ ṁór go béal an tuamba, agus d’imṫiġ leis.
61Agus ḃí Máire Magdailéin agus an Máire eile ina suiḋe annsin ós cóṁair an tuamba.
62Agus lá ar n-a ḃáraċ, an lá i ndiaiḋ an ullṁuiġṫe#27, 62 Lá...an ullṁuiġṫe. An lá roiṁ an tsabóid. Tugaḋ an t-ainm sin air de ḃríġ go ndéantaí gaċ níḋ dá mbéaḋ riaċtanaċ d’ullṁuġaḋ an lá sin, óir ní raiḃ cead fiú biaḋ a ḋéanaṁ réiḋ ar an tsabóro., ṫáinic uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ le ċéile ċuig Pioláit,
63Ag ráḋ: A ṫiġearna, is cuiṁin linn gur ḋuḃairt an mealltóir úd le linn é ḃeiṫ beo: Éireoċaiḋ mé i gcionn ṫrí lá.
64Ar an aḋḃar sin, órduiġ an tuamba a ġárdáil go dtí an tríoṁaḋ lá, ar eagla go dtigeaḋ a ḋeisciobail agus go ngoideaḋ siad leo é, agus go n-abraḋ siad leis na daoine: D’éiriġ sé ó na mairḃ; agus béiḋ an earráid ḋeireannaċ níos measa ná an ċéad ċeann.
65Duḃairt Pioláit leo: Tá gárda agaiḃ; imṫiġigiḋ, agus déanaigiḋ é a ġárdáil mar is eol díḃ.
66Agus ar imṫeaċt dóiḃ, ḋaingniġ siad an tuamba, ag cur séala ar an ċloiċ, agus ag ḟágáil luċt ḟaire ann.
Currently Selected:
Maitiú 27: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland