Maitiú 28
28
Caibidil XXVIII
Eiséirġe Ċríost. An t-uġdarás a ḃeir sé dá ḋeisciobail.
1Agus i ndeireaḋ na sabóide, nuair a ṫoisiġ an ċéad lá de’n tseaċtṁain a ġealuġaḋ, ṫáinic Máire Magdailéin, agus an Ṁáire eile, d’ḟeiceáil an tuamba.#Marc. 16, 1; Eoin 20, 11.
2Agus féaċ, ḃí craṫaḋ mór talaiṁ ann. Óir ṫuirling aingeal leis an Tiġearna ó neaṁ, agus ṫáinic sé gur ṫionntuiġ sé siar an ċloċ, agus ṡuiḋ sé uirṫí.
3Agus ḃí a ġné mar splainnc, agus a éadaċ mar ṡneaċta.
4Agus le h-eagla roiṁe scannruiġeaḋ na gárdaí, agus fágaḋ iad mar ḋaoine marḃa.
5Agus d’ḟreagair an t-aingeal, agus duḃairt leis na mná: Ná bíoḋ eagla oraiḃ-se; óir tá a ḟios agam go ḃfuil siḃ ag cuartuġaḋ Íosa a céasaḋ.
6Ní ḟuil sé annseo; óir d’éiriġ sé, mar a duḃairt sé. Taraigiḋ, agus feicigiḋ an áit ina raiḃ an Tiġearna ina luiġe.
7Agus imṫiġigiḋ go tapaiḋ, agus innsigiḋ dá deisciobail gur éiriġ sé: agus féaċ, raċaiḋ sé róṁaiḃ ċun na Gailile: tċífiḋ siḃ annsin é; féaċ, d’innis mé díḃ é roiṁ ré.
8Agus d’imṫiġ siad amaċ go tapaiḋ ó’n tuamba fá eagla agus fá ṁór-áṫas, ina riṫ le h-innse dá ḋeisciobail.
9Agus féaċ, casaḋ Íosa orṫa, agus duḃairt: Go mbeannuiġṫear díḃ. Agus ṫáinic siad, agus rug greim ar a ċosa, agus ṫug aḋraḋ dó.
10Annsin deir Íosa leo: Ná bíoḋ eagla oraiḃ. Imṫiġigiḋ agus abraigiḋ le mo ḃráiṫre dul ċun na Gailile: tċífiḋ siad annsin mé.
11Agus nuair a d’imṫiġ siad-san, féaċ, ṫáinic cuid de na gárdaí isteaċ ċun na caṫraċ, gur innis do uaċtaráin na sagart gaċ níḋ dár ṫárla.
12Agus ċruinniġ siad-san i gcionn a ċéíle mar aon leis na seanóirí, agus i ndiaiḋ dul i gcóṁairle dóiḃ, ṫug siad suim ṁór airgid do na gárdaí,
13Ag ráḋ: Abraigiḋ go dtáinic a ḋeisciobail san oiḋċe, agus gur ġoid siad é, nuair a ḃí sinne i n-ár gcodlaḋ.
14Agus má ċluin an t-uaċtarán fá seo, cuirfimíd-ne cóṁairle air, agus cuirfimíd siḃ-se ó ḃaoġal.
15Agus ġlac siad-san an t-airgead, agus rinne siad mar duḃraḋ leo. Agus leaṫnuiġeaḋ an scéal sin imeasc na n-Iúdaċ go dtí an lá atá indiu ann.
16Agus d’imṫiġ an t-aon deisciobal déag ċun na Gailile; go dtí an sliaḃ ar ċinn Íosa air dóiḃ.
17Agus ar a ḟeiceáil dóiḃ, ṫug siad aḋraḋ dó; aċt ḃí aṁras ar ċuid acu.
18Agus ar ṫeaċt do Íosa, laḃair sé leo, ag ráḋ: Tá an uile ċuṁaċt#28, 18 Tá an uile ċuṁaċt, ⁊c. Seo í an obair, man aon le n-a h-uġdarás, a tugaḋ do na h-Abstail agus dá gcóṁarbaí, easbuig agus tréadaiḋṫe na h-Eaglaise. Fuair Críost gaċ uile ċuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ ó n-a Aṫair; agus as uċt na cuṁaċta sin (mar a ċuir a Aṫair uaiḋ é féin, Eoin 20, 21), cuireann seisean uaiḋ iad-san le teagasc a ṫaḃairt, agus le deisciobail a ḋéanaṁ, (maṫéteuein) ní d’aon ċineaḋ, aċt de na ciniḋeaċa go léir. Ṫug sé órduġaḋ dóiḃ gaċ uile ḟírinne a ṫeagasc: agus ċun go mbéaḋ caḃair éifeaċtaṁail acu i ndéanaṁ na h-oibre sin, ġeall sé a ḃeiṫ ina ḃfoċair, ní ar feaḋ ṫrí gcéad ná ar feaḋ ċeiṫre gcéad bliaḋan, aċt go h-uile lá go deireaḋ an tsaoġail. Ar an aḋḃar sin, cad é mar ṫiocfaḋ leis an Eaglais Ċatoiliciġ dul a ċoiḋċe ar seaċrán, óir, mar atá geallta annseo, bíonn i ḃfoċair a tréadaiḋṫe de ṡíor Críost é féin, arab é an tsliġe, an ḟírinne, agus an ḃeata, é. (Eoin 14.) ar neaṁ agus ar talaṁ tugṫa daṁ-sa.
19Ar an aḋḃar sin, imṫiġigiḋ, agus teagascaigiḋ na h-uile ċiniḋeaċa,#Marc. 16, 15. ġá mbaisteaḋ i n-ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ;
20Agus teagascaigiḋ dóiḃ gaċ uile níḋ dár aiṫin mise díḃ a ċoiṁéad. Agus féaċ, tá mise i ḃur ḃfoċair gaċ aon lá go deireaḋ an tsaoġail.
Currently Selected:
Maitiú 28: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland