Maitiú 20
20
Caibidil XX
Fáiṫscéal na n-oibriḋṫe san ḟíonġort. Glóirṁian ċlann Ṡebede. Ḃeir Críost aṁarc a súl do ḋá ḋall.
1Is cosaṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le fear tiġe a ċuaiḋ amaċ go luaṫ ar maidin le luċt oibre d’ḟostóḋ dá ḟíonġort.
2Agus i ndiaiḋ réiḋteaċ a ḋéanaṁ leis na h-oibriḋṫe ar ṗiġinn san lá, ċuir sé isteaċ ċun a ḟíonġuirt iad.
3Agus ag dul amaċ dó timċeall na tríoṁaḋ h-uaire, ċonnaic sé tuilleaḋ ina seasaṁ gan obair i n-áit an ṁargaiḋ.
4Agus duḃairt sé leo: Téiġigiḋ siḃ-se fosta isteaċ ċun mo ḟíonġuirt, agus ḃéarḟaiḋ mé díḃ cibé a ḃéas ceart.
5Agus ar ṡiuḃal leo-san. Agus ċuaiḋ sé amaċ arís timċeall na seiseaḋ agus na naoṁaḋ h-uaire, agus rinne sé mar an gcéadna.
6Agus timċeall na h-aonṁaḋ h-uaire déag ċuaiḋ sé amaċ, agus fuair sé tuillead ina seasaṁ, agus deir sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ḃur seasaṁ annseo i riṫ an lae gan obair?
7Agus deir siad-san leis: De ḃríġ nár ḟostuiġ aoinneaċ sinn. Deir seisean leo: Imṫiġigiḋ siḃ-se fosta isteaċ ċun mo ḟíonġuirt.
8Nuair a ḃí an tráṫnóna ann, deir máiġistir an ḟíonġuirt le n-a stiuḃard: Scairt ar na h-oibriḋṫe agus taḃair a dtuarastal dóiḃ ag toiseaċt leis an méid is moille a ṫáinic agus ag dul go dtí an méid a ṫáinic i gcéaduair.
9Ar ṫeaċt i láṫair, mar sin, do’n méid a ṫáinic timċeall na h-aonṁaḋ h-uaire déag, fuair siad uilig piġinn an duine.
10Nuair a ṫáinic na ċéad daoine i láṫair, ṁeas siad go raiḃ siad ar tí níos mó d’ḟaġáil; aċt fuair siad-san fosta piġinn an duine.
11Agus nuair a fuair siad é, ṫoisiġ siad a ṁonaḃar i n-aġaiḋ ṁáiġistir an tiġe,
12Ag ráḋ: Níor oibir na daoine seo a ṫáinic go mall aċt aon uair aṁáin, agus ċuir tú iad ar ċóiṁeas linne a d’ḟulaing cruaḋtán agus teasḃaċ an lae.
13D’ḟreagair seisean duine acu, agus duḃairt: A ċaraid, ní ḟuil mé ag déanaṁ eagcóra ar biṫ ort; nár réiḋtiġ tú liom ar piġinn?
14Glac do ċuid, agus bog leat: is é mo ṫoil a oiread a ṫaḃairt do’n duine seo is deireannaiġe a ṫáinic agus atá mé a ṫaḃairt duit-se.
15An aṁlaiḋ naċ dlisteannáċ daṁ an rud is toil liom#20, 15 An rud is toil liom. Is é sin le ráḋ, an rud is toil liom a ḋéanaṁ le mo ċuid féin, agus le neiṫe a ḃíos ag braṫ ar mo ċórtas féin. a ḋéanaṁ? An droċ-ṡuil atá agat, as siocair go ḃfuil mise maiṫ?
16Sin mar ḃéas an ṁuinntir ḋeiriḋ ar toiseaċ, agus an ṁuinntir ṫoisiġ ar deireaḋ.#Marc. 10, 31; Lúc. 13, 30. Óir tá glaoiḋte ar ṁórán agus ní ḟuil toiġte aċt beagán.
17Agus ag dul suas go h-Ierusalem#Marc. 10, 32; Lúc. 18, 31. do Íosa, ṫug sé an dá ḋeisciobal déag i leaṫ taoiḃ, agus duḃairt leo:
18Féaċ, támuid ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃéarfar suas Mac an Duine do uaċtaráin na sagart agus do na Scríoḃaiḋṫe, agus daorfaiḋ siad ċun báis é.
19Agus ḃéarfaiḋ siad suas do na ciniḋeaċa é go ndéanaiḋ siad fonaṁaid faoi, agus go sciúrsálaiḋ, agus go gcéasaiḋ siad é; agus an treas lá, éireoċaiḋ sé arís.
20Annsin ṫáinic ċuige máṫair ċlann Sebede le n-a cuid mac,#Marc. 10, 35. ag sléaċtaḋ dó, agus ag larraiḋ ruda éigin air.
21Agus duḃairt sé léi: Cad é is toil leat? Deir sise leis: Abair go suiḋfiḋ an ḃeirt ṁac seo agam, duine ar do ḋeis agus duine ar do ċlí, i do ríoġaċt.
22Aċt d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Ní ḟuil a ḟios agaiḃ cad é atá dá iarraiḋ agaiḃ. An dtig liḃ an ċailís atá le h-ól agam-sa d’ól? Deir siad leis: Tig.
23Deir seisean leo: Go dearḃṫa ólfaiḋ siḃ mo ċailís-se: aċt suiḋe ar mo ḋeis nó ar mo ċlí, ní ḟuil a ṫaḃairt sin agam díḃ-se, aċt dóḃṫa sin a ḃfuil sé ullṁuiġṫe fá n-a gcoinne ag m’Aṫair.
24Agus nuair a ċuala an deiċneaḃar é, ḃí fearg orṫa leis an ḃeirt ḋearḃráṫar.#Marc. 10, 41.
25Aċt ġoir Íosa ċuige iad,#Lúc. 22, 25. agus duḃairt: is eol díḃ mar a ċuireas prionnsaí na gciniḋeaċ smaċt orṫa: agus na daoine is mó, cuireann siad a gcuṁaċt i ḃḟeiḋm orṫa.
26Ní mar sin a ḃéas eadraiḃ-se; aċt cibé ar bit ar mian leis a ḃeiṫ ar an té is mó eadraíḃ, bíoḋ sé ina ḟrioṫálaiḋe agaiḃ.
27Agus an té eadraíḃ ar mian leis a ḃeiṫ ina ḟear tosaiġ, béiḋ sé ina ṡeirḃíseaċ agaiḃ.
28Aṁail agus naċ dtáinic Mac an Duine le seirḃís d’ḟaġáil, aċt le seirḃís a ṫaḃairt,#Pilip. 2, 7. agus le n-a anam a ṫaḃairt mar éiric ar son móráin.
29Agus ag dul amaċ as Ierico#Marc. 10, 46; Lúc. 18, 35. dóiḃ, lean sluaġ mór é.
30Agus féaċ, ḋá ḋall a ḃí ina suiḋe ar ṫaoiḃ an ḃóṫair, nuair a ċuala siad go raiḃ Íosa ag dul ṫart, scairt siad amaċ, ag ráḋ: A Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orainn.
31Agus ḃagair an sluaġ orṫa a ḃeiṫ ina dtost. Aċt is aṁlaiḋ a ba ṁó a scairt siad-san, ag ráḋ: A Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orainn.
32Agus scad Íosa agus ġoir sé orṫa, agus duḃairt: Cad é is toil liḃ go ndéanfainn díḃ?
33Agus deir siad-san leis: A Ṫiġearna, go ḃfoscaltaí ár súla.
34Ḃí truaiġe ag Íosa dóiḃ agus ḃain sé le n-a súla; fuair siad a n-aṁarc ar an ḃomaite, agus lean siad é.
Currently Selected:
Maitiú 20: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland