Exodus 25
25
Caibidil XXV.
Ofrála toileaṁla an ṗobail arson na Sanctora; 8 Orduiġṫe lé Día.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, gó ttugaid ofráil ċugam: ó gaċ uile ḋuine dá ttioḃra uaḋa go toileaṁail í lé na ċroiḋe glacfuiḋsi mofráil.
3Agus sí so a nofrail ġlacfuiḋ uáṫa; or, agus airgead, agus prás,
4Agus gorm, agus corcur, agus scarláoid, agus lin fínealta, agus fionnaḋ gaḃar.
5Agus croicne reiṫeaḋ ar na ndaṫuġaḋ deárg, agus croicne broc, agus croinn Sitim,
6Ola ċum an tsoluis, spíosra ċum ola ungṫa, agus ċum túisi deaġḃoluiġ.
7Cloċa Onix, agus cloċa re ccur annsa Néṗod, agus annsa uċdéadaċ.
8Agus déindís sanctóir ḋaṁsa; ċor go ccoiṁneaċa mé na measc.
9Do reír a nuile ní ṫaisbeanuim ḋuit, do reír eisiomplára an tabernacuil, agus eisiomplára a ionnstruiminteaḋ uile, is mar sin do ḋéántaoi é.
10Agus do ḋéanuid áirc do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad go leiṫ iona fad, agus cuḃad go leiṫ iona leiṫead, agus cuḃad go leiṫ íona hairde.
11Agus foileoċuíḋ tu é lé hór fíorglan, táoḃ a stiġ agus a muiġ ḟoileoċus tú é, agus do ḋéana tú air coróin óir timċioll fa gcuáirt.
12Agus teilgfe tú ceiṫre ḟainne óír ḋó, águs cuirfe tú iona ċeiṫre ċorruiḃ iád, agus béid ḋá ḟáinne a ttáoḃ ḋe, agus ḋá ḟáinne san táoḃ eile.
13Agus do ḋéana tú maidiḋe do ċrann Sitim, agus foileoċuiḋ tú le hór íad.
14Agus cuirfe tú na maidiḋe ann sna fáinniḃ, re táoḃuiḃ na háirce, ċor go niomċarṫar a náirc léo.
15Béid na maidiḋe a ḃfáinniḃ na háirce: ní bearṫar as íad.
16Agus cuirfe tú annsa nairc, an ḟiaḋnuisi noċ do ḃéura misi ḋuit.
17Agus do ḋéana tú caṫaóir ṫrócaire dór ḟiórġlan: ḋá ċuḃad go leiṫ a fad, agus cuḃad go leiṫ a leiṫead.
18Agus do ḋéana tú ḋá ċearubin dór, dobair ṡloiġṫe do ḋéana tú íad, a ndá ċionn an tsuiḋe ṫrócaire.
19Agus déana aon ċearub ar ċeann de, agus an ċearub eile ar an gceann eile: don tsuiḋe ṫrócaire do ḋéana tú na ċearubíniġ ar a ḋá ċeann.
20Agus sínfid na ċearuibiniġ a sciaṫaín a maċ go hárd, ag folaċ an tsuiḋe ṫrócaire le na sciaṫanuiḃ, agus a naiġṫe a gcuinne a ċéile; leaṫ ris an tsuiḋe ṫrócaire béid aiġṫe na ċearubiniġ.
21Agus cuirfe tú an suiḋe trócaire súas ar an áirc; agus annsa náirc cuirfe tú an ḟiaḋnuisi do ḃéura misi ḋuit.
22Agus ann sin ṫeigeoṁas misi riot, agus coṁráiḋfe mé riot ós cionn an tsuiḋe ṫrócaire, ó eidir an dá ċearubin noċ atá ar aírc na fiaḋnuisi, do na huile neiṫiḃ do ḃéura me ḋuit a naiṫne do ċloinn Israel.
23Do ḋéana tú mar an ccéadna clár do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad buḋ é a ḟad, agus cuḃad a leiṫead, agus cuḃad go leiṫ a áirde.
24Agus foileoċa tú é dór ḟiórġlan, agus do ḋéana tú coróin oír ḋó timċioll fa gcúairt.
25Agus do ḋéana tú imeal dó leiṫead baise timċioll fa gcúairt, agus do ḋéana ṫú coróin oír timċioll fa gcúairt don imeal.
26Agus do ḋéana tú ḋó ceiṫre ḟainne oír, agus cuir na fainne iona ċeiṫre coirnéuluiḃ atá as a ċeiṫre ċosuiḃ sin.
27Ṫall as coinne an imil béid na fáinniḋe mar áite dona maidiḋiḃ diomċar an ċláir.
28Agus do ḋéana tú na maidiḋe do ċrann Sitim, agus foileoċa tú iád lé hór, ċor go niomċúrṫaoi and bórd léo.
29Agus do ḋéana tú a ṁíasa sin, a líaċa sin, agus a ḃfoluiḋe sin, agus a scáluiḋe sin, ċum a ḃfolaċ leó; dór ḟiórġlan do ḋéana tú íad.
30Agus cuirfe tú ar an mbórd arán taisbeannta a ccoṁnuiḋe roṁamsa.
31Agus do ḋéana tú coinnléoir dór ḟíorġlan: dobair sloiġṫe do ḋéanntar an coinnleóir: a ċos agus a ḃeangáin, a scáluíḋe, agus a ċnapáin, agus a ḃláṫa, béid don ccéadna.
32Agus tiucfuiḋ sé beangáin amaċ as a ṫáoḃ; trí beangáin don ċoinnleóir as aóntaoḃ, agus trí ḃeángáin don ċoinnleóir as an táoḃ eile:
33Trí ḃulla déanta aṁuil almóinne, maille re cnap agus bláṫa a néinḃeangán; agus trí ḃulla déanta aṁuil almóinne annsa mbeangán oile, maille re cnap agus re bláṫ: mar sin ann sna sé beangánuiḃ ṫig amaċ as an ccoinnleóir.
34Agus annsa ċoinnleóir béid ceiṫre scála déanta cósṁuil re halmóinne, maille re cnapuiḃ agus re bláṫuiḃ.
35Agus biáiḋ cnap faói ḋá ḃeangán de, agus cnap faói ḋá ḃeangán de, agus cnap fáoi ḋá ḃeangan de, dó reír na sé mbeangán ṫig amaċ as an gcoinnleóir.
36A ccnaip agus a mbeangáin béid don ní céadna: biáḋ se uile na éanobair ṡloiġṫe dór ḟíorġlan.
37Agus do ḋéana tú a ṡeaċt soillse sin: agus soillseóċuiḋ tú a ṡolus sin, lé ttiuḃra solus anonn as a ċoinne.
38Agus béid a ṫeanċuiriḋ sin, agus a ṁiása smóil, dór ḟíorġlan.
39 Do ṫalluinn dór ḟiórġlan do ḋéana sé é, maille ris na soiṫiġiḃ sin uile.
40Agus taḃair haire go ndéana tú iad do réir a bpátruin, noċ do taisbéanaḋ ḋuit annsa tslíaḃ.
Currently Selected:
Exodus 25: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.