YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 28

28
Caibidil XXVIII.
Orduġaḋ Aaroin agus a ċlann mac ċum bifig an tsagairt. 2 Agus an eáduiġ naoṁṫa, agus na ḃeanus doíḃ.
1Agus glacsa ċugad Aáron do ḋearḃraiṫir, agus a ṁic maille ris, ó ṁeasg ċloinne Israel, ċor go ndéana sé miniostralaċd ḋaṁsa a noifig an tsagairt, eaḋon Aáron, Nadab agus Abihú, Eleasar agus Itamar, mic Aáron.
2Agus do ḋéana tú éadaċ náoṁṫa do Aáron do ḋearḃraṫair mar ġlóir agus mar scéiṁ.
3Agus laiḃeóra tú ris a nuile atá eagnuiḋe a gcroiḋe, noċ do lion misi le spiorad na heagna, ċor go ndéanaid culaiḋ Aáron dá ċoisreagaḋ íonnus go ḃfóġnuiḋ se ḋaṁsa a noifig an tsagairt.
4Agus a síad só na héaduiġe do ḋéanuid; uċdéideaḋ, agus eṗod, agus róba, agus cóta bróidinealta, agus mioċd agus crios: agus do ḋéanuid éaduiġe náoṁṫa mar so do Aáron do ḋearḃraiṫir, agus da ṁacaiḃ, iondus do ḃféadaiġ miniostralaċd do ḋéanaṁ ḋáṁsa a noifig an tsagairt.
5Agus glacfuid ór, agus gorm, agus purpair, agus scarláoid, agus linéadaċ finéalta.
6Agus do ḋéanuid an téṗod dór, do ġorm, do ṗurpair, agus do scarláoid, agus do línéadaċ ḟínealta ċasda, maille re hobair ġlic.
7Biáiḋ aige ḋe sin ḋá ṗíosa gúalann ceangailte agá ḋá imeal; agus mar sin ċeangaltar ḋá ċéile é.
8Agus biáiḋ an crios bróidinealta a neṗoid, noċ atá air, don ccéadna, do réir a oibre sin; dor, do ġorm, do ṗurpair, agus do scarláoid, agus do linéadaċ ḟinealta ċasda.
9Agus glacfa tú ḋá ċloiċ Onix, agus graḃáil anmanna ċloinne Israel orra:
10Sé dá nanmannuiḃ ar éan ċloiċ, agus na sé hanmanna eile na coda eile ar an gcloiċ eile, do réir a sinnsireaċd.
11Maille ré hobair ġraḃaluiġ a gcloiċ, cosṁuil ré gráḃail ṡignéd, ġraḃalfus tú an dá ċloiċ máille re hanmannuiḃ ċloinne Israel: cuirfe tú fa deara a gcur a gcuṁduiġiḃ óir.
12Agus cuirfe tú an dá ċloiċ ar ġuáilliḃ a neṗod mar ċloċuiḃ cuiṁniġe do ċloinn Israel: agus iomċóra Aáron a nanmanna as coinne an TIĠEARNA ar a ḋá ġúaluinn mar ċuiṁne.
13Agus do ḋéaná tú failge dór;
14Agus ḋá ṡlaḃra dór ġlan ar a gceannuiḃ; dobair ḟiġṫe do ḋéana tú íad, agus ccangail na slaḃruiḋe fiṫe do na failġiḃ.
15Agus do ḋéana tú uċdéideaḋ an ḃreiṫeaṁnuis le hobair ċéardaṁuil; aṁuil oibre a neṗod do ḋéana tú é; dór, do ġorm, do ṗurpair, agus do scarlaoid, agus do linéadaċ finealta ċasta, do ḋéana tú é.
16Ceaṫáirḃeannaċ bíasar na ḋúblaḋaḋ; réise ḃías na ḟad, agus réise ḃías na leiṫead.
17Agus cuirfe tú ann cúir do ċloċuiḃ, eaḋon ceiṫre ċúrsa do ċloċuiḃ: biáiḋ an ċéad ċúrsa do ṡardius, do ṫópas, agus do ċarbuncail: buḋ é so an ċéad ċúrsa.
18Agus biáiḋ an dara ċursa, emereud, saṗir, agus diamond.
19Agus an treas cúrsa ligur, agat, agus ametist.
20An ceaṫraṁaḋ cúrsa béril, agus onice, agus iasper: an ór cuirfiġear íad ann a ndruid.
21Agus béid na cloċa maille re hanmannuiḃ ċloinne Israel, a dó ḋéag, do réir a nanmann, aṁail ġráḃail ṡignéid; gaċ áon díoḃ lé na ainm, beid do réir án dá ṫreiḃ ḋéag.
22Agus do ḋéana tú ar an uċdṗláta slaḃruiḋe ag na ceanniḃ dobair ḟiġte dór ḟiorġlan.
23Agus do ḋéana tú ar an uċdṗláta ḋá ḟainne óir, agus cuirfe tú an dá ḟáinne ar
ḋá ċeann an uċdṗláta.
24Agus cuirfe tú an dá ṡlaḃraḋ ḟiġte dór annsa dá ḟáinne atá ar ċeannuiḃ an uċdṗláta.
25Agus an dá ċeann eile don dá ṡlaḃraḋ ḟiġte ceangola tú an sa dá ḟail, agus cuirfe tú íad ar ṗiosuiġiḃ na gúalann an eṗod ar aġaiḋ.
26Agus do ḋéana tú ḋá ḟáinne óir, agus cuirfe tú ar ḋá ċeann an uċdṗláta íad ina nimeal sin, noċ atá leaṫ re táoḃ an uċdṗlata a stiġ.
27Agus ḟáinne eile óir do ḋéana tú, agus cuirfe tú íad ar ḋá ṫáoḃ an eṗóid ṡíos, láiṁ ris an gcuid ṫosuiġ ḋe, ṫall as coinne a ċúpluiḋṫe, os cionn creasa ceardaṁuil an eṗod.
28Agus ceangoluid siad án tuċdéideaḋ le na ḟáinniġiḃ do ḟainniġiḃ an eṗoid le lása do ġorm, cor go mbía os cionn creasa céardaṁuil an eṗod, agus naċ scáoilfíġear an tuċdṗláta don eṗod.
29Agus iomċóra Aáron anmanna ċloinne Israel ann sa nuċdṗláta sin an ḃreaṫeaṁnuis ar a ċroiḋe, a nuáir raċus a steaċ do náit náoṁṫa, mar ċuiṁne do laṫair an TIĠEARNA a gcoṁnuiġe.
30Agus cuirfe tú a nuċdṗláta an ḃreaṫeaṁnuis an Urim agus an Tuimim; agus béid ar ċroiḋe Aáron a nuáir raċus sé a steaċ as coinne an TIĠEARNA: agus iomċóruiḋ Aáron breaṫeaṁnus ċloinne Israel ar a ċroiḋe a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA a gcoṁnuiġe.
31Agus do ḋéana tú róba an eṗod do ġorm uile.
32Agus biáiḋ poll iona ṁullaċ iona lár: biáiḋ ceangal dobair ḟiġte timċioll fa gcuáirt an ṗuill, mar do ḃeiṫ poll haberġion, go naċ bristíġe é.
33Agus ṡíos ar a ḟaṫḟuánn do ḋéana tú pomegranáit do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scarláoid, timċioll fa gcuáirt na faṫuáime; agus cluigine óir eatorra timċioll fa gcuáirt:
34Cluigín óir, agus pomegránait, cluigín óir agus pomegranait, ar ḟaṫuáim an róba fa gcuáirt.
35Agus biáiḋ sé ar Aáron ag miniostrálaċt: agus cluinfiġear a ḟuáim a nuair raċus sé a steaċ do náit náoṁṫa a laiṫair an TIĠEARNA, agus a nuáir ṫiocfas amaċ, go naċ ḃfaġaḋ bás.
36Agus do ḋéana tú pláta dór ḟíorġlan, agus graḃáil air, aṁuil ġráḃála signeid, NAOṀṪAĊD DON TIĠEARNA.
37Agus cuirfe tú é ar lása ġorm, ionnus go mbiáiḋ ar an míter; ar ċuid ṫosúiġ an ṁíter biáiḋ sé.
38Agus biáiḋ sé ar éadan Aáron, ċor go nioṁċóruiḋ Aaron éacceart na niṫeann náoṁṫa, noċ naoṁṫoċuid clann Israel iona mbrontuiḃ náoṁṫa uile; agus biáiḋ sé a gcoṁnuiḋe ar éadan, ċor go nglacfuiġear iad a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.
39Agus cuirfe tú bródáil leis an gcóta do linéadaċ ḟínealta, agus do ḋéana tú an míter do linéadaċ ḟínealta, agus do ḋéana tú an crios dobair ṡnáiṫide.
40Agus do ḋéana tú cótuiḋe do ṁacuiḃ Aáron, agus do ḋéana tú creasanna ḋóiḃ, agus do ḋéana tú buinéit ḋóiḃ, mar ġlóir agus mar scéiṁ.
41Agus cuirfe tú ar Aáron do ḋearḃraṫair íad, agus ar a ṁacuiḃ maille leis: agus ungfuiġ tú íad, agus coisreocuiḋ tú íad, agus náoṁṫoċaiḋ tú íad, ċor go ndéanuid miniostralaċd ḋaṁsa a noifig an tsagairt
42Agus do ḋéana tú brístíġe línéaduiġ ḋóiḃ dfolaċ a ttárnoċd; ó ná háirniḃ go nuige na slíasta rioṫeoċuid síad.
43Agus béid síad ar Aáron, agus ar a ṁacaiḃ, a nuáir ṫiucfaid síad a steaċ go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, nó a nuáir ṫiucfaid síad a ḃfogus do naltóir do ṁiniostralaċd an sa náit náoṁṫa; go naċ iomċraid eúgceart, agus go néagfuid: biáiḋ sé na reaċd go bráṫ ḋó féin, agus dá ṡlioċd na ḋiáiġ.

Currently Selected:

Exodus 28: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in