Exodus 6
6
Caibidil VI.
Noċd Iehóḃa e fein tré ṡaoraḋ Israel. 16 Mic Léḃi, ó á ttaínic Maoisi agus Aaron.
1Ann sin a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, A nois dó ċifé tú cread do ḋéansa ré Ṗárao: óir is lé láiṁ láidir léig feas sé ḋóiḃ imṫeaċd, agus lé láiṁ láidir ḋíbeorus sé as a ḋúṫaiġ íad.
2Agus do laḃair Día ré Maóisi, agus a duḃairt sé ris, Is misi an TIĠEARNA;
3Agus do ṫáisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile ċuṁaċduiġ, aċd ann mainm IEHOḂAH níor ḃaiṫne ḋóiḃ mé.
4Agus do ḋaingniḋ mé mo ċunnraḋ ríu, tír Ċánaain do ṫaḃairt dóiḃ, fearann a noiṫliṫre, ann a raḃadar na gcoiṁiġṫiḃ.
5Agus do ċúala mé mar an gcéadna osnaḋ ċloinne Israel, noċ ċongṁuid na Hégiptiġ a ndaóirsi; agus do ċuiṁniḋ mé mo ċunnraḋ.
6Uimesin abair ré cloinn Israel, Is misi an TIĠEARNA, agus do ḃéura mé amaċ siḃ ó nualaċ fár ċuireadar na Hégiptiġ siḃ, agus sáorfa mé siḃ óna ndaóirse, agus fuasgeólad siḃ lé láiṁ ṡínte amaċ, agus maille re breiṫeaṁnusuiḃ móra:
7Agus glacfa mé ċugam siḃsi mar ṗobal, agus biáiḋ misi mar Ḋía aguiḃsi: agus áiṫeóntaoi gur mé an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ḃéurus amaċ siḃ ó ḃeiṫ fá úaluiġiḃ na Négipteaċ.
8Agus béura mé asteaċ siḃ san tír, lé ttug mé mionna go ttiuḃruinn í do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; agus do ḃéur ḋaóiḃsi í mar oiġreaċd: is misi an TIĠEARNA.
9Agus do laḃair Maóise mar sin lé cloinn Israel: agus níor éisdeadar ré Maóise, tré ċráḋ spioraide, agus tre ḋaoir i roiġéir.
10Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóisi, ag ráḋ,
11Eírgiḋ a steaċ, laḃair ré Ṗárao ríġ na Hégipte, go léigeaḋ sé clann Israel dimṫeaċd as a ṫír.
12Agus do laḃair Maóisi as coinne an TIĠEARNA, ag ráḋ, Níor éisdeadur clann Israel rium; mar sin cionnus eisdfios Ṗáráo rium, noċ atáim ann mo ṗusaiḃ neiṁṫimċillġearrṫa?
13Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóisi agus re Háaron, águs do ċuir cúram leó go cloinn Israel, agus go Ṗárao ríġ ná Hégipte, do ṫaḃairt ċloinne Israel amaċ as críċ na Hégipte.
14 Is íad so cinn tiġe a naiṫreaḋ: clann Réuben, céidġin Israel; Hanoċ, agus Pallu, Hesron, agus Carmí: a siad so slioċd Reuben.
15Agus mic Ṡimeón; Iemuel, agus Iámin, agus Ohad, agus laċin, agus Sóhar, agus Saul mac ṁná Cananítiġ; is íad so slioċd Ṡimeóin.
16Agus is íad so anmanna ṁac Léḃi, do réir a ngeinealuiġ; Gerson, agus Cohat, agus Merári: agus dob íad blíaḋna ḃeaṫa Léḃi céad tríoċád agus seaċd mblíaḋna.
17Mic Ġerson; Libni, agus Simi, do reir a sleaċda.
18Agus mic Ċohat; Amram, agus Isar, agus Hebron, agus Ussiel: agus dob íad blíaḋna ḃeaṫa Ċohat, céad agus tríoċad agus trí blíaḋna.
19Agus mic Ṁerári; Máhali, agus Mussi; is íad so slioċd Léḃi do réir a ngeinealaċ.
20Agus tug Amram Ioċebed deirḃṡíur a aṫar na mnáoi ċuige; agus do rug sí Aáron dó agus Maóisi: agus bá híad blíaḋna ḃeaṫá Amraim céad agus tríoċad agus seaċd mbliaḋna.
21Agus mic Isar; Córah, agus Neṗeg, agus Siċri.
22Agus mic Ussiel; Misael, agus Elsaṗan, agus Sitri.
23Agus tug Aarón Eliseba, inġean Aminadab, deirḃṡíur do Naason, na mnáoi; agus rug sí ḋó Nádab, agus Abihú, Eleasar, agus Itamar.
24Agus mic Ċórah; Assir, agus Elcanah, agus Abiasaṗ; is íad so treaḃa na Ccoiriteaċ.
25Agus tug Eleasar ṁac Aároin inġean Ṗutiel na mnáoi; agus rug sí Ṗinehas dó: is íad so cinn áiṫreaċ na Léḃiteaċ do réir a dtreaḃa.
26 A síad so an Taaron sin agus an Maóise, ré a nduḃairt an TIĠEARNA, Beiriḋ amaċ clann Israel as críċ na Hégipte do réir a sluáġ.
27Agus a síad so do laḃair ré Ṗárao ríġ na Hégipte, do ṫaḃairt cloinne Israel amaċ as a Négipt: is íad so ann Maóise agus an Taáron sin.
28Agus tárla san ló ar laḃair an TIĠEARNA ré Máoisi a ccríċ na Hegipte,
29Gur laḃair an TIĠEARNA ré Maóisé, ag ráḋ, Is misi an TIĠEARNA: laḃair ṫusa ré Ṗárao ríġ na Hégipte gaċ ni dá nabruimse riot.
30Agus a duḃairt Maóisi a laṫair an TIĠEARNA, Féaċ, atáimsi am ḃeul neiṁṫimċillġeárrṫa, agus cionnus éisdfios Ṗárao rium?
Currently Selected:
Exodus 6: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.