YouVersion Logo
Search Icon

Seċariah 12

12
Caibidil XII.
Búaḋuiġiḋ eagluis Dé ar an uile ní do ṫriall ar a sáruġaḋ.
1Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.
2Féuċ, do ḋéana mé cupán meisge do Ierusalem don ṗobal uile timċioll fa ccuáirt, a nuáir ḃéid síad annsa ċampa aráon a naġaiḋ Iúdah agus a naġaiḋ Ierusalem.
3Agus annsa ló sin do ḋeana mé Ierusalem na cloiċ anúaluiġ do nuile ṗobal: géarrfuiġear na ccodċaiḃ gaċ a núaluiġionn íad féin leis, bíoḋ go ccruinneoċaidís daóine na talṁan a ccionn a ċéile na haġaiḋ.
4Annsa ló sin, a deir an TIĠEARNA, Buáilfiḋ me a nuile eaċ lé hánbḟainne, agus a marcaċ lé buile: agus oisceoluiḋ mé mo ṡúile air ṫiġ Iúdah, agus buáilfe mé eaċ gaċ aóin do na daóiniḃ lé daille.
5Agus a déaruid úaċtaráin Iúdah iona ccroiḋe, Buḋ íad dúṫċusaiġ Ierusalem mo neartsa a TTIĠEARNA na slóġ a Ndía.
6¶ Annsa ló sin do ḋéana mé uaċtarán Iúdah cosṁuil re teallaċ na teineaḋ a measc an ċonnaiḋ, agus aṁuil tóirsi teineaḋ a bpunnainn; agus loiscfiḋ na daóine uile timċioll fa ccuáirt, air an láiṁ ḋeis agus air an láiṁ ċlé; agus áiteoċṫar Ierusalem a rís iona háit féin, eaḋon ann Ierusalem.
7Sáorfuiḋ an TIĠEARNA fós lóistíniġ Iúdah ar ttús, iondus naċ móraḋ glóir ṫiġe Ḋáiḃi no glóir áitreaḃṫaċ Ierusalem íad féin a naġaiḋ Iúdah.
8Annsa lósin cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA áitreaḃṫuiġ Ierusalem; agus biáiḋ an té ḃías lag iona measc an lá sin mar Ḋáiḃi; agus biáiḋ tiġ Ḋáiḃi mar Ḋía, aṁuil aingeal an TIĠEARNA rompa.
9Agus tiucfaiḋ a ccríċ annsa ló sin, go ttríallfa misi a nuile ċineaḋ a scrios noċ ṫig a naġaiḋ Ierusalem.
10¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.
11Annsa lo sin biáiḋ cuṁa ṁór ann Ierusalem, aṁuil cuṁa Hadadrimmon a ngleann Ṁégiddon.
12Agus caóiḋfiḋ an tír, gaċ áon ṁuinntir ar leiṫ; muinntir ṫiġe Ḋáiḃi ar leiṫ, agus a mná ar leiṫ; muinntir ṫiġe Nátan ar leiṫ, agus a mná ar leiṫ;
13Muinntir ṫiġe Leḃi ar leiṫ, agus a mná ar leiṫ; muinntir Ṡimei ar leiṫ, agus a mná ar leiṫ.
14Na huile ṁuinnteara dá maireann, gaċ áon ṁuinntir ar leiṫ, agus a mná ar leiṫ.

Currently Selected:

Seċariah 12: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in