Seċariah 5
5
Caibidil V.
Inneaċaḋ Dé, ar ġaduiḋiḃ, agus ar luċt mionna: 5 le saṁlaċus ḋroċ ṫeagaisc, agus leír‐scrios Ḃabilon.
1Annsin dfill mé, agus do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus daṁairc, agus féuċ rola ag eiteolluiġ.
2Agus a duḃairt sé riom, Cred do ċí tú? agus do ḟreagair misi, Do ċím rola ag eitiolluiġ; fiṫċe cuḃad iona ḟad, agus deiċ ccuḃaid iona leiṫiod.
3Annsin a duḃairt seision riom, Isé so an malluġaḋ ṫéid amaċ ṫair aġaiḋ na talṁan uile: óir géarrfuiġear amáċ gaċ uile ḋuine ġadus mar buḋ eaḋ don taóiḃsi ḋá réir; agus géarrfuiġear amaċ gaċ uile ḋuine do ḃeir mionna mar buḋ eaḋ don taóiḃ oile ḋá réir.
4Do ḃéara mé amaċ é, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus raċuiḋ a steaċ go tiġ an ġaduiġe, agus go tiġ an té do ḃeir mionna bréige fam ainmsi: agus anfa a lár a ṫiġe, agus cnaóiḋfiḋ é maille re na aḋmad agus gun a ċloċaiḃ.
5¶ Annsin do ċuáiḋ an taingiol do laḃair riom amaċ, agus a duḃairt sé riom, Tóig súas a nois do ṡúile, agus féuċ cred é án ní so ṫéid amaċ.
6Agus a duḃairt misi, Cred é? agus a duḃairt seision, Is éṗah so ṫéid amaċ. A duḃairt sé fós, Isé so a ccosaṁlaċd air feaḋ na talṁan uile.
7Agus, féuċ, do tógḃaḋ súas talann luáiġe: agus is bean so na suiḋe a lár a néṗah.
8Agus a duḃairt sé, Isé so an tolc. Agus do ṫeilg sé a lár a néṗah é; agus do ṫeilg sé an coṁṫrom luáiġe air a ḃéul.
9Ann sin do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus daṁairc mé, agus, féuċ, ṫáinic días ban amaċ, agus do ḃí an ġáoṫ iona sciaṫánuiḃ: (óir do ḃádar sciaṫáin orra aṁuil sciaṫáin cúirre glaise:) agus do ṫóġbadar súas an téṗah idir an ttalaṁ agus neaṁ.
10Annsin a duḃairt misi ris a naingiol do ċombráiḋ riom, Cáit a mbéaruid so an téṗah?
11Agus a duḃairt seision riom, Do ḋéanaṁ tiġe ḋó a ttír Ṡinar: agus daingneoċṫar é, agus suiġeoċṫar ann sin air a ḃunáit féin é.
Currently Selected:
Seċariah 5: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.