YouVersion Logo
Search Icon

Seṗaniah 3

3
Caibidil III.
Beúsa mionáireaċ Ierusalem, 7 le caoṁnaḃ na ccineaḋaċ, 14 agus aṫnúaḋuġaḋ Israél.
1Aṁairg ḋise atá salaċ, agus truáilliġṫe, do ċaṫruiġ na héaccóra!
2Níor uṁluiġ sí don ġúṫ; níor ġaḃ sí smaċd; níor ḋóṫċusaiġ sí annsa TIĠEARNA; ní ṫáinic sí a ngar da Día.
3 Atáid a prionsaḋa inte a stiġ na leoṁanumḃ buile; atáid a breiṫeaṁuin na cconaiḃ állta nóna; ní ċreimid siad na cnáṁa gus an maidin.
4 Is éattrom fealltaċ a fáiḋe: do ṡalċadar a sagairt an tsanctóir, do rinneadar éigion air an ndliġeaḋ.
5 Atá an TIĠEARNA ceart iona lársin; ní ḋéana sé éaccóir: do ḃeir sé a ḃreiṫeaṁnus ċum soluis gaċ áon ṁaidin, ní ḟailliġion sé; aċt ní ḃfuil fis náire aig na daóiníḃ éiccearta
6Do ġeárr mé amaċ ná cineaḋaċa: atáid a ttuir uaigneaċ; do rinne mé a sráide na ḃfasaċ, iondus naċ gaḃann dume ar bioṫ ionta: iondus naċ ḃfuil áitreaḃṫaċ ar bioṫ.
7A duḃairt mé, Go deiṁin biáiḋ meagla ort, géaḃa tú teagasg; iondus naċ géarriuiḋe amaċ a náit ċoṁnuiġe, giḋ gur smaċtuiġ mé íad: aċt deirġiodarsan go moċ, agus do ṫruáilleadar a ngníoṁa uile.
8¶ Uimesin feiṫiḋ siḃsi orumsa, a deir an TIĠEARNA, nó go ttig an lá a néireoċa misi súas ċum na creiċe: óir isé is mían daṁ na cineaḋaċa do ċruinniuġaḋ, ionnus go ttoiṫeastluiġ mé na rioġaċda, do ḋórtaḋ mo dioġla orra, eaḋon mfearg ḃorb uile: óir loisgfiġear an talaṁ uile lé téine mo éada.
9Oír annsin iompoċa mé ċum na ndaóine teanga ġlan, ċor go ngoirfid uile ar ainm an TIĠEARNA, dfoġnaṁ ḋó maille re háontoil.
10On taóiḃ ṫall daiḃniḃ na Hétiópia máos gearáin, eaḋon inġean mo ḋaóine seaċránaċ, ḃéaruid mofráil leó.
11Annsa ló sin ní ḃiáiḋ náire ort ar son huile gníoṁ, ionar ṡáruiġ tú am aġuiḋsi: óir annsin do ḃéara me amaċ as do lár an ṁéid ġáirdiġios ann húaḃar, agus ní ḃiáiḋ tú uáiḃreaċ ni is mó do ḃríġ mo ṡléiḃte náoṁṫasa.
12Fúigfiḋ mé fós ann do lársa daóine buáiḋearṫa agus boċta, agus cuirfiḋ a ndóiġ a nainm an TIĠEARNA.
13Ní ḋéana íarsma Israel éicceart ar bioṫ, ní mó laiḃeoruid bréaga; ní mó ġeaḃṫar teanga ċealgaċ iona mbéul: óir do ġeaḃuid beaṫa agus luiġfid síos, agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra.
14¶ Cán, a inġean Ṡíon; gáir, a Israel; bíḋ lúaṫġáireaċ agus gáiriḋ maille red uile ċroiḋe, a inġean Ierusalem.
15Do ṫóig an TIĠEARNA do ḃreiṫeaṁnus díot, do ṫeilg sé amaċ do náṁuid: atá ríġ Israel, eaḋon an TIĠEARNA, ann do lár; ní ḟaicfiḋ tú olc ní is mó.
16Annsa ló sin a déarṫar re Hierusalem, Ná bíoḋ eagla ort: agus re Sion, Ná bídís do láṁa lag.
17 Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.
18Cruinneoċa mé an drong atá dóbrónaċ ar son an ċoiṁṫionoil ṡollamonta, noċ atá ḋíotsa, dá raiḃ a ṁasla na úalaċ.
19Féuċ, millfiḋ mé annsa namsin a nuile ḋuine ḃuáiḋreas siḃ: agus tárṫoċa mé isi atá bacaċ, agus cruinneoċad an ḃean do díbreaḋ amaċ; agus do ġeaḃa mé molaḋ agus clú ḋóiḃ ann gaċ aóintír ionar cuireaḋ náire orra.
20Annsa namsin do ḃéara mé, ar ḃur nais siḃ, eaḋon annsa nam a cruinneoċa mé siḃ: óir do ḋéana mé aium agus molaḋ ḋiḃ eidir uile ḋaóiniḃ na talṁan, an tan iompoċus mé arais ḃur ndaóirsine as coinne ḃur súl, a deir an TIĠEARNA.

Currently Selected:

Seṗaniah 3: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in