Agus d’éiriġ sé ’n‐a ḋúiseaċt, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ, agus aduḃairt sé leis an ḃfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ġaoṫ, agus do ḃí ciúnas mór ann. Agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ? An é naċ ḃfuil creideaṁ agaiḃ fós?