Lúcas 23

23
Caibidil XXIII
Tuairisc na páise ar leanamhaint.
1Agus ag éirghe ina suidhe de’n iomlán acu, rug siad leo go Pioláit é.
2Agus thoisigh siad a chur neithe ina leith, ag rádh: Fuaireamar é seo ag cur ár gcinidh ar a n-aimhleas, ag crosadh cáin a thabhairt do Chaesar,#Mait. 22, 21; Marc. 12, 17. agus ag rádh gurab é féin Críost, an Rí.
3Agus d’fhiafruigh Pioláit de, ag rádh:#Mait. 27, 11; Marc. 15, 2; Eoin 18, 33. An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Deir tú é.
4Agus dubhairt Pioláit le h-uachtaráin na sagart agus leis na sluaighte: Ní fhaghaim-se aon choir san duine seo.
5Acht d’éirigh siad-san ní ba dhéine, ag rádh: Tá sé ag gríosughadh na ndaoine, ag teagasc ar fud Iudaia go léir, ag toiseacht ó’n Ghailile go dtí an áit seo.
6Acht ar chluinstin Gailile do Phioláit, dh’fhiafruigh sé ar Ghaililéach an duine.
7Agus nuair a thuig sé gur faoi chumhacht Ioruaidh a bhí sé, chuir sé chuig Ioruadh é; agus bhí seisean fosta i n-Ierusalem na laethe sin.
8Agus nuair a chonnaic loruadh Íosa, bhí lúthgháir mhór air, óir bhí fonn air le fada é d’fheiceáil; de bhrígh gur chuala sé mórán fá dtaoibh de, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin dá déanamh aige.
9Agus chuir sé mórán ceist air. Acht ní thug seisean freagair ar bith air.
10Agus sheasuigh uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe ag cur ina leith go teann.
11Agus thug Ioruadh mar aon le n-a lucht airm tarcuisne dó, agus chuir éadach geal air, ag déanamh magaidh faoi, agus, sheol thar ais chuig Pioláit é.
12Agus rinneadh cáirde dá chéile de Ioruadh agus Pioláit an lá sin; óir roimhe sin bhíodh siad ina náimhde ag a chéile.
13Agus ghoir Pioláit chuige uachtaráin na sagart, agus ceannairí an ghárda, agus na daoine,
14Agus dubhairt leo: Thug sibh chugam an duine seo, amhail neach a bhéadh ag cur na ndaoine ar a n-aimhleas, agus féach, cheistigh mé é ós bhur gcómhair, agus ní fhuarr mé#Eoin 18, 38, agus 19, 4. an duine sin cionntach i n-aon chionn de na neithe atá sibh a chur ina leith.
15Ná ní fhuair Ioruadh; óir chuir mé chuige-sean sibh, agus féach, níor thárla aon nídh dó a thuillfeadh bás.
16Ar an adhbhar sin, smachtfaidh mé é, agus leigfidh mé saor é.
17Óir b’éigean dó aoinneach amháin a leigin saor dóibh lá na; féile.
18Acht scairt an sluagh uilig amach i n-aoinfheacht, ag rádh: Beir uainn é seo, agus scaoil chugainn Barabbas,
19Agus cuireadh eisean i bpríosún mar gheall ar cheannairc áirithe agus ar dhúnmharbhadh a thárla san chathair.
20Agus labhair Pioláit leo arís, ag súil le h-Íosa a leigin saor.
21Acht scairt siad amach arís, ag rádh: Céas é, céas é.
22Agus dubhairt sé leo an tríomhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige seo?#Mait. 27, 23; Marc. 15, 14. Ní fhaghaim-se aon chúis bháis ann; ar an adhbhar sin, smachtfaidh mé é, agus leigfidh mé saor é.
23Agus lean siad-san de iarraidh i n-árd a gcinn go ndéanfaidhe é chéasadh, agus bhuaidh a nguthanna.
24Agus thug Pioláit mar bhreith go ndéanfaidhe an rud a d’iarr siad.
25Agus scaoil sé chuca an té a d’iarr siad, agus a bhí curtha i bpríosún mar gheall ar dhúnmharbhadh agus ceannairc; acht thug sé suas Íosa dóibh le déanamh leis mar ba mhian leo.
26Agus nuair a bhí siad ghá bhreith leo, rug siad ar Shíomon, duine áirithe as an Chuiréin,#Mait. 27, 32; Marc. 15, 21. agus é ag teacht ó’n tuaith, agus chuir siad an chros air le h-iomchar ar chúl Íosa.
27Agus lean sluagh mór é de’n phobal, agus de mhná a bhí ag gol agus ghá chaoineadh.
28Acht thionntuigh Íosa chuca, agus dubhairt: A ingheanacha Ierusalem, ná caoinigidh mise, acht caoinigidh sibh féin agus bhur gclann.
29Óir tiocfaidh na laethe ina n-abróchaidh siad: Is méanar do na mná aimride, agus do na bronna nach rug clann, agus do na cíocha nach dtug bainne.
30Annsin toiseochaidh siad a rádh leis na sléibhte:#Isaias 2, 19; Osee 10, 8; Taidhbh. 6, 16. Tuitigidh orainn; agus leis na cnuic: Foluighigidh sinn.
31Óir má ghní siad na neithe seo san adhmad úr, cad é dhéanfar san adhmad chríon?
32Agus tugadh beirt eile fosta, beirt chuirptheach, i n-aoinfheacht leis, chun iad a chur chun báis.
33Agus nuair a tháinic siad go dtí an áit, dá ngoirtear Calbhaire,#Mait. 27, 33; Marc. 15, 22; Eoin 19, 17. chéas siad annsin é féin agus na gadaidhthe, duine ar a dheis, agus an duine eile ar a chlí.
34Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dóibh; óir ní fhuil a fhios acu cad é tá dá dhéanamh acu. Agus ag roinn a chuid éadaigh eatortha dóibh, chaith siad crainn ortha.
35Agus bhí na daoine ina seasamh ag stánadh, agus bhí na h-uachtaráin mar aon leo ag déanamh magaidh faoi, ag rádh: Shábháil sé daoine eile, sábháileadh sé é féin, má’s é seo an Críost a thogh Dia.
36Agus rinne na saighdiuirí fosta magadh faoi, ag teacht chuige agus ag tairgint fínéigre dó,
37Agus ag rádh: Má’s tú rí na n-Iúdach, sábháil tú féin.
38Agus bhí scríbhinn scríobhtha fosta ós a chionn i litreacha Gréigise agus Laidne agus Eabhraise: IS É SEO RÍ NA N-IÚDACH.
39Agus duine de na gadaidhthe seo a bhí ar crochadh, thug sé diamhasla dó, ag rádh: Má’s tú an Críost, sábháil thú féin agus sinne.
40Acht d’fhreagair an duine eile, agus thug sé achmhusán dó, ag rádh: An é nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú féin faoi’n daor-bhreith chéadna?
41Agus sinne leoga go ceart, óir fuaireamar an rud a b’airidhe ar ár ngníomhartha; acht ní dhearna sé seo aon olc.
42Agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, cuimhnigh orm-sa, nuair a thiocfas tú isteach i do ríoghacht.
43Agus dubhairt Íosa leis: Amén adeirim leat, béidh tú i m’fhochair-se indiu i bpárrthas#23, 43 Párrthas. Is é sin, áit suaimhnis, agus áthais agus síothchána síorraidhe. B’é toil Chríost, tré phribhléid ar leith, luach saothair a thabhairt do’n ghadaidhe seo as ucht a chreidimh agus a admhála, agus b’é seo an luach saothair; a pheacaidhe agus gach pionós dár thuill siad a mhaitheamh dó, agus é leigin isteach láithreach i ndiaidh a báis i gcuideachta aoibhinn na naomh. An limbo, ina mbíodh na naoimh, rinneadh párrthas de nuair a chuaidh ár dTighearna ann..
44Agus bhí sé timcheall na seiseadh h-uaire, agus tháinic dorchadas ar an talamh uilig go dtí an naomhadh h-uair.
45Agus dorchuigheadh an ghrian, agus réabadh brat an teampaill ina lár.
46Agus scairt Íosa amach de guth árd, agus dubhairt:#Sailm 30, 6. A Athair, cuirim mo spiorad isteach i do lámha. Agus ghá rádh sin dó, shíothluigh sé.
47Agus nuair a chonnaic an ceanntúir an nídh a thárla, thug sé glóir do Dhia, ag rádh: Go dearbhtha ba dhuine cóir é seo.
48Agus an sluagh sin uilig a bhí i láthar ag an radharc úd, nuair a chonnaic siad na neithe a thárla, phill siad thar ais ag bualadh a n-ucht.
49Agus a lucht aitheantais uilig, agus na mná a lean é ó’n Ghailile, sheasuigh siad i bhfad amach ag amharc ar na neither sin.
50Agus féach, bhí fear ann, darbh ainm Ióseph,#Mait. 27, 57; Marc. 15, 43; Eoin 19, 38. fear maith agus cóir, arbh chómhairleach é,
51Agus níor aontuigh sé seo leis an chómhairle ná le n-a ngníomhartha, agus b’as Arimatea, cathair de chuid Iudaia, dó agus bhí súil aige-sean fosta le ríoghacht Dé:
52Agus chuaidh sé seo chuig Pioláit, agus d’iarr sé corp Íosa.
53Agus ghá tógáil anuas dó, chuach sé i línéadach é, agus chuir sé é i dtuamba a bhí gearrtha as carraig, agus nach raibh aoinneach curtha ann go dtí sin.
54Agus bhí an t-ullmhughadh#23, 54 An t-ullmhughadh. Is é sin le rádh, an lá roimh an tsabóid nuair a ghníthí ullmhughadh fá choinne na saoire. ann, agus an tsabóid ag teacht.
55Agus na mná a tháinic leis ó’n Ghailile, ghá leanamhaint dóibh, chonnaic siad an tuamba, agus cad é mar bhí a chorp curtha.
56Agus ar philleadh dóibh, d’ullmhuigh siad spíosraí agus ungtha, agus annsin ghlac siad a scíste ar an tsabóid do réir na h-aithne.

اکنون انتخاب شده:

Lúcas 23: ASN1943

های‌لایت

به اشتراک گذاشتن

کپی

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید