Lúcas 22
22
Caibidil XXII
Feall Iúdais. An suipéar deireannach. An chéad chuid de stair na páise.
1Agus bhí féile an aráin gan deascaidh,#Mait. 26, 2; Marc. 14, 1. dá ngoirtear an Cháisc, ag druidim leo.
2Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe ar lorg slighe ina gcuirfeadh siad Íosa chun báis; acht bhí eagla roimh na daoine ortha.
3Acht chuaidh Satan isteach i n-Iúdas,#Mait. 26, 14; Marc. 14, 10. dá ngoirtí Iscariot, duine de’n dáréag.
4Agus d’imthigh sé agus labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus le ceannairí an ghárda fá’n chaoi ina mbraithfeadh sé dóibh é.
5Agus bhí áthas ortha, agus shocruigh siad airgead a thabhairt dó.
6Agus gheall seisean, agus bhíodh sé ag cuartughadh caoi chun é bhrath nuair nach mbéadh an sluagh i láthair.
7Agus tháinic lá an aráin gan deascaidh i n-arbh éigean an cháisc a mharbhadh.
8Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eoin, ag rádh: Imthighigidh agus déanaigidh réidh dúinn, chun go n-ithimíd an cháisc.
9Acht dubhairt siad-san: Cá h-áit ar toil leat go ndéanfadh sinn fá réir?
10Agus dubhairt sé leo: Féach, ag dul isteach san chathair díbh, casfar oraibh fear áirithe ag iomchar crúiscín uisce; leanaigidh eisean chun an tighe ina rachaidh sé isteach,
11Agus déarfaidh sibh le fear an tighe: Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seomra aoidheachta, go n-ithidh mé an cháisc i dteannta mo dheisciobal?
12Agus taisbeánfaidh sé díbh seomra mór bídh curtha i n-eagar, agus déanaigidh réidh annsin.
13D’imthigh siad agus fuair siad mar a dubhairt sé leo, agus d’ullmhuigh siad an cháisc.
14Agus nuair a tháinic an uair, shuidh sé síos,#Mait. 26, 20; Marc. 14, 17. agus an dáréag Abstal ina chuideachta,
15Agus dubhairt sé leo: Ba mhór mo mhian an cháisc seo d’ithe i n-aoinfheacht libh roimh mo pháis.
16Óir deirim libh, nach n-íosaidh mé í feasta go dtí go gcóimhlíontar í i ríoghacht Dé.
17Agus ag breith ar an chailís dó, thug sé buidheachas, agus dubhairt: Glacaigidh agus roinnigidh eadraibh;
18Óir deirim libh, nach n-ólfaidh mé de thoradh na fíneamhna, go dtí go dtigidh ríoghacht Dé.
19Agus ag breith ar arán dó,#1 Cor. 11, 24. thug sé buidheachas, agus bhris agus thug dóibh, ag rádh: Is é seo mo chorp, a bheirtear ar bhur son; déanaigidh seo mar chuimhne orm-sa#22, 19 Déanaigidh seo mar chuimhne orm-sa. Tá an íodhbairt agus an tSacramaint seo le mairstin san Eaglais go deireadh ah tsaoghail, chun bás Chríost a chur i n-iúl go dtí go dtigidh sé. Acht ní chuireann an chuimhne, nó an cuimhneachán, seo ar dhóigh ar bith i n-aghaidh an teagaisc go mbíonn a chorp agus a chuid fola go fíor i láthair san tsacramaint faoi ghnéithe aráin agus fíona, gnéithe a bhios ina gcómhartha chun a bás a léiriughadh. A mhalairt ar fad atá fíor: is é féin a d’órduigh a bás a chuimhniughadh agus a shollamhnadh san íodhbairt agus san tSacramaint, tré ofráil agus tré ghlacadh an chuirp agus na fola le n-ar slánuigheadh sinn, ar ar chuma seo..
20Agus mar an gcéadna an chailís, i ndiaidh a shuipéar a chaitheamh, ag rádh: Is í an chailís seo an tiomna nua i mo chuid fola, a dhoirtfear ar bhur son.
21Acht féach, tá lámh an té a bhraitheas mé ar an tábla liom.#Mait. 26, 21; Marc. 14, 20; Eoin 13, 18.
22Agus téigheann Mac an Duine go deimhin dho réir mar a cinneadh dó;#Sailm 40, 9. cidheadh, is mairg do’n duine sin le n-a mbraithfear é.
23Agus thoisigh siad a fhiafruighe eatortha féin, cé acu a bhí ar tí an nídh seo a dhéanamh.
24Agus d’éirigh imreas eatortha fosta, féachaint cé acu a mheastaí bheith ar an té ba mhó.
25Agus dubhairt sé leo:#Mait. 20, 25; Marc. 10, 42. Bíonn smacht ag ríghthe na gcinidheach ortha, agus iad sin a mbíonn cumhacht acu ortha, goirtear daoine deigh-ghníomhacha díobh.
26Acht ná bíodh sibh-se amhlaidh; acht an té is mó eadraibh, bíodh sé mar an té is óige, agus an té is ceannaire, mar an fhreastalaidhe.
27Óir cé acu is mó, an té a shuidheas chun bídh, ná an té a ghní freastal? An é nach é an té a shuidheás chun bídh? Agus tá mise i bhur measc mar fhreastalaidhe.
28Agus is sibh-se an mhuinntir a d’fhan i m’fhochair i mo chathuighthe,
29Agus fágaim agaibh-se ríoghacht, fá mar a d’fhág m’Athair agam-sa,
30Go n-ithidh agus go n-ólaidh sibh ag mo thábla i mo ríoghacht, agus go suidhidh sibh ar chathaoireacha ríoghdha ag tabhairt bhreitheamhnais ar dhá-threibh dhéag Israéil.
31Agus dubhairt an Tighearna: A Shíomoin, a Shíomoin, bhí Satan bhur n-iarraidh, chun sibh a chriathradh mar chruithneacht;
32Acht ghuidh mise ar do shon-sa, chun nach dtraothadh do chreideamh. Agus ar do thionntódh duit-se, neartuigh do bhráithre.
33Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, tá mé réidh le dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis.
34Acht dubhairt seisean: Deirim leat,#Mait. 26, 34; Marc. 14, 30. a Pheadair, nach scairtfidh an coileach indiu, nó go séanaidh tú trí h-uaire go bhfuil aithne agat orm. Agus dubhairt sé leo:
35Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán,#Mait. 10, 9. ná mála, ná bróga, an raibh díth aoin ruda oraibh?
36Agus dubhairt siad-san: Ní raibh. Ar an adhbhar sin, dubhairt sé leo: Acht anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é; agus mála, mar an gcéadna; agus an té nach bhfuil, díoladh sé a chasóg, agus ceannuigheadh sé claidheamh.
37Óir deirim libh, gurab éigean an nídh seo atá scríobhtha a chóimhlíonadh go fóill ionnam-sa:#Isaias 53, 12. “Agus h-airmhigheadh é le cuirpthigh”; óir na neithe a bhaineas liom-sa, tig siad chun críche.
38Acht dubhairt siad-san: A Thighearna, féach, tá dha chlaidheamh annseo.#Mait. 26, 30; Marc. 14, 26; Eoin 18, 1. Agus dubhairt seisean leo: Is leor sin.
39Agus ar dhul amach dó, chuaidh sé do réir a ghnáis go Sliábh na n-Ológ. Agus lean a dheisciobail é fosta.
40Agus nuair a tháinic sé go dtí an áit, dubhairt sé leo: Guidhigidh, chun nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh.
41Agus d’imthigh sé uatha fad urchar cloiche, agus ag dul ar a ghlúna dó, rinne sé urnaighe,#Mait. 26, 39; Marc. 14, 35.
42Ag rádh: A Athair, má’s toil leat, beir uaim an chailís seo. Cidheadh, ná déantar mo thoil-se, acht do thoil-se.
43Agus taisbeánadh dó aingeal ó neamh ghá neartughadh. Agus ó bhí sé i bpian-chrádh, rinne sé urnaighe an-fhada.
44Agus tháinic a chuid alluis mar dheora fola ag sileadh anuas ar an talamh.
45Agus nuair a d’éirigh sé ó’n urnaighe agus tháinic sé chuig a dheisciobail, fuair sé ina gcodladh iad tré bhrón.
46Agus dubhairt sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh i bhur gcodladh? Éirighigidh, guidhigidh, chun nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh.
47Agus le linn dó a bheith go fóill ag cainnt, féach, sluagh ag teacht, agus an té dá ngoirtí Iúdas,#Mait. 26, 47; Marc. 14, 43; Eoin 18, 3. duine de’n dáréag, ar a dtoiseach, agus tháinic sé ag triall ar Íosa, chun é phógadh.
48Agus dubhairt Íosa leis: A Iúdais, an le póig a bhraitheas tú Mac an Duine?
49Agus nuair a chonnaic an mhuinntir a bhí thart fá dtaoibh de cad é bhí le theacht, dubhairt siad leis: A Thighearna, an mbuailfimíd le claidheamh?
50Agus bhuail duine acu seirbhíseach an árdshagairt, agus bhain sé an chluas dheas de.
51Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaigidh go fóill. Agus chuir sé a lámh ar a chluais, agus leigheas sé é.
52Agus dubhairt Íosa le h-uachtaráin na sagart agus ceannairí ghárda an teampaill agus na seanóirí, a tháinic chuige: An dtáinic sibh amach amhail chuig gadaidhe le claidhmhe agus bataí?
53Nuair a bhí mé gach lá i bhur measc san teampall, níor shín sibh lámh d’ionnsaidhe orm; acht is í seo bhur n-uair-se agus cumhacht an dorchadais.
54Agus ag breith air dóibh,#Mait. 26, 57; Marc. 14, 53; Eoin 18, 24. rug siad leo é go tigh an árdshagairt; acht lean Peadar iad i bhfad ar gcúl.
55Agus nuair a las siad teine i lár na cúirte, agus iad ina suidhe thart, bhí Peadar ina measc.
56Agus nuair a chonnaic cailín aimsire#Mait. 26, 69; Marc. 14, 66; Eoin 18, 25. áirithe é ina shuidhe ag an tsolus agus stán sí air, dubhairt sí: Bhí sé seo fosta leis.
57Agus shéan seisean é, ag rádh: A bhean, ni fhuil aithne agam air.
58Agus i gcionn tamaill bhig, chonnaic duine eile#22, 58 Duine eile, &c. Chun a thaisbeáint go bhfuil tuarascbhála na gceithre Soiscéalaidhthe ag cur le chéile, caithfear a thabhairt fá dear annseo gur chuir ní ba mhó ná trí dhuine i leith Pheadair gur dheisciobal le Chríost é, go dtí, fá dheireadh, go dtug siad air a séanadh an thrí ócáideacha. (1). Cailín an dorais a leig isteach é, agus a chonnaic é ina dhiaid sin ag an teinidh, is í a cheistigh ar dtús é, agus annsin dhearbhuigh sí go raibh sé i gcuideachta Chríost. (2). Annsin chuir cailín eile ina leith é ós cómhair a raibh i láthair, agus dá bhárr sin, chuir duine de na fir ina leith é, agus thárla an dara séanadh. (3). Ina dhiaidh sin, thug tuilleadh dá raibh i láthair fá dear gur Ghaililéach é, agus d’aontuigh gaol le Malchus leo, agus dubhairt go bhfaca sé san gharrdhadh é. Bhain seo an tríomhadh séanadh as Peadar. é, agus dubhairt: Is duine acu siúd thusa fosta. Acht dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eadh.
59Agus nuair a chuaidh seal de thuairim uaire thart, dearbhuigh duine áirithe eile, ag rád:#Eoin 18, 26. Go deimhin bhí sé seo ina chuideachta siúd, óir is Gaililéach fosta é.
60Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní fhuil a fhios agam cad é tá dá rádh agat. Agus ar an bhomaite, agus é go fóill ag cainnt, scairt an coileach.
61Agus thionntuigh an Tighearna thart, agus d’amharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tighearna,#Mait. 26, 34; Marc. 14, 30; Eoin 13, 38. mar a dubhairt sé: Sul a scairtidh an coileach, séanfaidh tú mé trí h-uaire.
62Agus d’imthigh Peadar amach, agus ghoil sé go géar.
63Agus na fir a raibh greim acu air, bhí siad ag déanamh magaidh faoi agus ghá bhualadh.
64Agus chuir siad dallóg air, agus bhuail siad san aghaidh é, agus d’fhiafruigheádh siad de, ag rádh: Tairngir, cé h-é an té a bhuail thú?
65Agus dubhairt siad mórán neithe eile ina aghaidh, ghá dhiamhaslughadh.
66Agus nuair a tháinic an lá, chruinnigh#Mait. 27, 1; Marc. 15, 1; Eoin 18, 28. seanóirí an phobail, agus uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe le chéile, agus thug siad isteach ina gcómhairle é, agus dubhairt: Innis dúinn, an tusa an Críost?
67Agus dubhairt sé leo: Má innsim díbh, ní chreidfidh sibh mé;
68Agus fosta má cheistighim sibh, ní fhreagróchaidh sibh mé, ná ní leigfidh sibh saor mé.
69Acht ó’n am seo amach béidh Mac an Duine ina shuidhe ar dheis chumhacht Dé.
70Agus dubhairt siad uilig: Mar sin, an tusa Mac Dé? Dubhairt seisean: Deir sibh-se gur mé.
71Agus dubhairt siad-san: Cad é an feidhm atá againn le n-a thuilleadh fiadhnaise? Óir chualamar as a bhéal féin é.
اکنون انتخاب شده:
Lúcas 22: ASN1943
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
کپی
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
rights held by the Bible Society in Northern Ireland