1
Lúcás 15:20
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus d’éiriġ sé agus ṫáinig sé ċum a aṫar. Aċt do ċonnaic a aṫair é, agus é fós i ḃfad uaiḋ, agus do ġaḃ truaġ ṁór dó é, agus do riṫ sé, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid, agus do ṗóg sé é go dil, díocra.
Lee anya n'etiti ihe abụọ
Nyochaa Lúcás 15:20
2
Lúcás 15:24
óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.
Nyochaa Lúcás 15:24
3
Lúcás 15:7
Adeirim liḃ gur ab ar an gcuma ċéadna ḃéas áṫas ar neaṁ mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe, seaċas naoi ḃfíréin déag agus ceiṫre fiċid naċ ḃfuil gáḃaḋ le h‐aiṫriġe aca.
Nyochaa Lúcás 15:7
4
Lúcás 15:18
Éireoċad agus raċad ċum m’aṫar, agus adéarfad leis, A aṫair, do‐rinneas peacaḋ i n‐aġaiḋ neiṁe, agus id’ ḟiaḋnaise‐se
Nyochaa Lúcás 15:18
5
Lúcás 15:21
Agus aduḃairt an mac leis, A aṫair, do‐rinneas peacaḋ i n‐aġaiḋ neiṁe, agus id’ ḟiaḋnaise‐se: ní fiú mé feasta go luaḋfaiḋe mé mar ṁac duit.
Nyochaa Lúcás 15:21
6
Lúcás 15:4
Cia agaiḃ‐se ag a ḃfuil céad caora, agus go gcaillfeaḋ sé ceann aca, naċ ḃfágann na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid sa ḃfásaċ, agus naċ dtéid ar lorg na caoraċ do cailleaḋ nó go ḃfaġann sé í?
Nyochaa Lúcás 15:4
Ulo
Akwụkwọ Nsọ
Atụmatụ
Vidiyo