Agus ḋein sé mar ḃeaḋ sgiúirse de ṫéadaiḃ caola, agus ċomáin sé iad go léir amaċ as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an luċt sóinseála, agus do leag sé na búird orṫa. Agus duḃairt sé leis an muintir a ḃí ag díol na gcolúr: Tógaiḋ na neiṫe sin as so, agus ná bíḋiḋ ag déanaṁ tiġe margaiḋ de tiġ m’Aṫar.