Lúcás 14
14
CAIBIDIOL XIV.
An duine go raiḃ an líonaḋ ann dá leiġeas ag Críost. Parabal an tsuipéir. An riaċtanas atá le gaċ níḋ do ṫréigean ċun go leanfí Críost.
1Agus do ṫárla go ndeaġaiḋ Íosa isteaċ i dtiġ uaċtaráin do sna Fairisíniġ sa tsabbóid ċun bíḋ a ċaiṫeaṁ, agus go raḃadar san ag faire air. 2Agus féaċ ḃí ’n-a láṫair duine go raiḃ líonaḋ ann. 3Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis an luċt dlíġe agus leis na Fairisíniġ: An ceart leiġeas a ḋéanaṁ sa tsabbóid? 4Agus níor laḃradar. Aċ ṫóg sé an duine agus do leiġis sé é, agus ċuir sé ċun siúḃail é. 5Agus duḃairt sé ’ġá ḃfreagairt sin: Cé’cu agaiḃ-se, n-a dtuitfeaḋ asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóċaḋ amaċ é lá na sabbóide? 6Agus níor ḟéadadar freagra ṫaḃairt air sin.
7Duḃairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireaḋ nuair a ċonaic sé iad ag dul suas ins na suiḋċánaiḃ uaċtaraċa. 8Nuair a ġeoḃair cuireaḋ ċun bainise ná suiḋ sa tsuiḋċán uaċtaraċ, le h-eagla go mbeaḋ duine is onóráiġe ’ná ṫu tar éis cuireaḋ ḋ’ḟáġail uaiḋ, 9Agus nuair a ṫiocfaḋ sé sin go ndéarfaḋ an t-é a ṫug cuireaḋ ḋuit-se agus dó-san leat, Taḃair an áit sin dó so; agus ansan go gcaiṫfá dul agus fanṁaint sa n-áit is ísle agus náire ort. 10Aċ nuair a ġeoḃair an cuireaḋ suiḋ sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a ṫiocfaiḋ an t-é a ṫug cuireaḋ ḋuit, go ndéarfaiḋ sé leat: #Sean-ráiḋte 25:7.A ċara, eiriġ níos sia suas. Ansan beiḋ onóir ag dul duit ó’n gcuideaċtain. 11Óir #Mait. 23:12.gaċ aoinne a ḋ’árdóċaiḋ é féin, ísleófar é; agus an t-é a ḋ’ísleóċaiḋ é féin, árdófar é.
12Agus duḃairt sé leis an t-é a ṫug an cuireaḋ ḋó féin: #Tobias 4:7; Sean-ráiḋte 3:9.Nuair a ḋéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoiḋ ar do ċáirdiḃ, ná ar do ḃráiṫre, ná ar do ġaolta, ná ar do ċóṁarsanaiḃ saiḋḃre, le h-eagla dtaḃarfaidís sin cuireaḋ ṫar a ċeann duit-se, agus go dtaḃarfaí do ċuid ṫar n-air duit. 13Aċ nuair a ḋéanfair féasda glaoiḋ ċúġat na daoine boċta, na daoine gortuiġṫe, na bacaiġ, na daill, 14Agus beiḋ áṫas ort, mar ní ḃeiḋ ar a gcumas cúiteaṁ a ḋéanaṁ leat; agus déanfar an cúiteaṁ leat i n-aiseiriġe na ḃfíoraon.
15Nuair a ḋ’airiġ duine d’á raiḃ láiṫreaċ an focal san duḃairt sé: Is aoiḃinn do’n t-é a ḋ’íosfaiḋ arán i ríġeaċt De. 16Agus duḃairt seisean leis: #Mait. 22:2; Apoc. 19:9.Do ḋein fear féasda mór, agus ṫug sé cuireaḋ d’á lán daoine. 17Agus ċuir sé a ṡeirḃíseaċ amaċ, nuair a ṫáinig am an ḟéasda, ċun a ráḋ leis an muintir a fuair cuireaḋ gur ṁiṫid dóiḃ teaċt mar go raiḃ gaċ níḋ ollaṁ. 18Agus ċromadar go léir i n-aonḟeaċt ar leaṫsgéal do ġaḃáil. Duḃairt an ċéad duine, Tá tiġ ceannuiġṫe agam, agus ní mór ḋom dul amaċ ’ġá ḟeisgint: iarraim ort mo leaṫsgéal a ġaḃáil. 19Agus duḃairt duine eile, Ċeannuiġeas ċúig seisreaċa daṁ, agus táim ag dul ’ġá dtriail: iarraim ort mo leaṫsgéal, a ġaḃáil. 20Agus duḃairt duine eile, Ṗósas bean, agus d’á ḃríġ sin ní féidir dom teaċt. 21Agus d’ḟill an seirḃíseaċ agus d’innis sé na neiṫe sin d’á ṁaiġistir. Ansan ṫáinig fearg ar ḟear an tiġe, agus duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ d’uraċar i sráidiḃ agus i bpóirsíḃ na caṫaraċ, agus taḃair leat anso isteaċ na daoine boċta agus na daoine gortuiġṫe agus na daill agus na bacaiġ. 22Agus duḃairt an seirḃíseaċ, A ṫiġearna, do deineaḋ mar a ḋ’órduiġis, agus tá slíġ fós. 23Agus duḃairt an tiġearna leis an seirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ fan na mbóiṫre agus fan na sgart, agus comáin isteaċ iad, i dtreó go líonfar mo ṫiġ. 24Deirim liḃ áṁṫaċ, an ṁuintir úd a fuair cuireaḋ, ní ḃlaisfiḋ aon ḟear acu mo ḃia.
25Agus ḃí mórán daoine ag gluaiseaċt i n-aonḟeaċt leis, agus d’iompuiġ sé agus duḃairt sé leó: 26Má ṫagann duine ċúġam-sa agus #14:26 Ver. 26. gan fuaṫ aige — Ní ċeaduiġeann dlíġ Ċríost dúinn fuaṫ a ṫaḃairt d’ár naṁaid féin, gan tráċt ar ár n-aṫair agus ár máṫair. Aċ isé bríġ atá leis an gcaint ’ná so, .i. gur ceart dúinn ár n-aigne ḃeiṫ socair againn ar sgaraṁaint le gaċ níḋ, agus le gaċ duine d’á annsaċt, do ċoisgfaḋ sinn ar Ċríost do leanṁaint.gan fuaṫ aige d’á aṫair agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi agus d’á ċlainn, agus d’á ḋriṫáraċa agus d’á ḋriféaraċa, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam. 27Agus an t-é ná deineann a ċros féin d’iompar agus teaċt am’ ḋiaiḋ, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam. 28Óir cé’cu agaiḃ-se gur ṁaiṫ leis túr do ċur suas ná suiḋfeaḋ síos ar dtúis ċun an ċosdais, nár ḃfoláir a ḋéanaṁ, do ṁeas, féaċaint an mbeaḋ dóiṫin na h-oibre aige? 29Le h-eagla, tar éis an ḃuinn do ċur agus gan ar a ċumas críoċnú, go dtusnóċaḋ gaċ a ḃfeicfeaḋ é ar ṁagaḋ fé, 30Agus go ndéarfaidís: Ḋein an duine seo tusnú ar ċur suas, agus ní’l ar a ċumas críoċnú. 31Nó cé h-é an rí a ḃeaḋ ag dul ċun cogaiḋ a ḋeanaṁ le rí eile, ná suíḋfeaḋ síos ar dtúis ag déanaṁ maċtnaiṁ, féaċaint ar ḃ’ ḟéidir dó, le deiċ míle, seasaṁ i n-aġaiḋ an t-é atá ag teaċt ’n-a ċoinniḃ agus fiċe míle aige? 32Agus mura féidir, an ḟaid a ḃeiḋ an fear eile aḃfad uaiḋ, cuirfiḋ sé teaċtaireaċt ċuige ag fiafraiġe i dtaoḃ síoṫċána. 33Ar an gcuma gcéadna, gaċ duine agaiḃ-se ná tugann druim láṁa le n-a ḃfuil aige, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam-sa.
34Is maiṫ an rud salann, aċ má ċailleann an salann a ḃlas, cad leis go ndéanfar deiġ-ḃlasta é? 35Ní’l tairḃe ann do’n talaṁ ná ċun aoiliġ; caiṫtear amaċ é. An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta cloiseaḋ sé.
Nke Ahọpụtara Ugbu A:
Lúcás 14: ABNPOLG
Mee ka ọ bụrụ isi
Kesaa
Mapịa
Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye
historic text maintained by the Bible Society.

: