1
Eoin 10:10
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Ní thig an gadaidhe, acht a ghoid, agus a mharbhadh, agus a mhilleadh. Tháinic mise chun go mbéadh beatha acu, agus go mbéadh sí acu níos iomláine.
Сравнить
Изучить Eoin 10:10
2
Eoin 10:11
Is mise an t-aodhaire maith. Bheir an t-aodhaire maith a bheatha ar son a chaorach.
Изучить Eoin 10:11
3
Eoin 10:27
Éisteann mo chaoirigh-se le mo ghuth: agus aithnim-se iad, agus leanann siad mé
Изучить Eoin 10:27
4
Eoin 10:28
Agus bheirim-se beatha shíorraidhe dóíbh: agus ní chaillfear go deo iad, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad.
Изучить Eoin 10:28
5
Eoin 10:9
Is mise an doras. Má’s tríom-sa a rachas aoinneach isteach, slánóchar é: agus rachaidh sé isteach, agus amach, agus gheobhaidh sé beathughadh.
Изучить Eoin 10:9
6
Eoin 10:14
Is mise an t-aodhaire maith: agus aithnim-se mo chuid féin, agus aithneann mo chuid féin mise.
Изучить Eoin 10:14
7
Eoin 10:29-30
Tá an nídh a thug m’Athair damh níos mó ná gach uile nídh: agus ní thig le h-aoinneach fuadach as láimh m’Athar. Is aon mise agus an t-Athair.
Изучить Eoin 10:29-30
8
Eoin 10:15
Mar aithneas m’Athair mise, agus aithnim-se m’Athair: agus bheirim mo bheatha ar son mo chuid caorach.
Изучить Eoin 10:15
9
Eoin 10:18
Ní thógann aoinneach uaim í: acht is uaim féin a bheirim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í thabhairt uaim: agus tá sé ar mo chumas í ghabháil chugam arís. Fuair mé an aithne sin ó m’Athair.
Изучить Eoin 10:18
10
Eoin 10:7
Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leo arís: Amén, amén, adeirim libh, gur mise doras na gcaorach.
Изучить Eoin 10:7
11
Eoin 10:12
Acht an buachaill fostóidh, agus an té nach é an t-aodhaire é, agus nach leis féin na caoirigh, tchí sé an mactíre ag teacht, agus fágann sé na caoirigh agus teicheann sé: agus fuaduigheann an mactíre na caoirigh, agus scaipeann sé iad
Изучить Eoin 10:12
12
Eoin 10:1
Amén, amén adeirim libh: an té nach dtéid isteach ar an doras go cró na gcaorach, acht a théid suas bealach eile, is gadaidhe agus sladaire é.
Изучить Eoin 10:1
Главная
Библия
Планы
Видео