Lúcas 21
21
Caibidil XXI
Cianóga na baintreaḃaiġe. Na ċóṁarṫaí a ṫiocfas roiṁ scrios Ierusalem, agus roiṁ ḋeireaḋ an tsaoġail.
1Agus ag aṁarc dó, ċonnaic sé na daoine saiḋḃre ag cur a dtioḋlaicṫe isteaċ san ċiste.#Marc. 12, 41.
2Agus ċonnaic sé fosta baintreaḃaċ ḃoċt áiriṫe ag cur ḋá ċianóig ḃrais ann,
3Agus duḃairt sé: Deirim liḃ go fírinneaċ, gur mó a ċuir an baintreaḃaċ ḃoċt seo isteaċ ná iad uilig.
4Óir ċuir siad-san uilig isteaċ as a ḃflúirse i dtaḃartaisí Dé; aċt as a gannċuid, ċuir sí seo isteaċ a raiḃ aice de’n tsaoġal.
5Agus le daoine áiriṫe a ḃí ag ráḋ fá’n teampall, go raiḃ sé maisiġṫe le cloċa bréaġa agus tioḋlaicṫe, duḃairt sé:
6Na neiṫe seo atċí siḃ, tiocfaiḋ na laeṫe,#Mait. 24, 2; Marc. 13, 2. nuair naċ ḃfágfar cloċ ós cionn cloiċe naċ scaoilfear anuas.
7Agus d’ḟiafruiġ siad de, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, cá h-uair a ḃéas na neiṫe sin ann, agus cad é ḃéas ina ċóṁarṫa, go mbéiḋ siad ar tí a ṫeaċt?
8Agus duḃairt sé: Taḃairigiḋ aire naċ mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ mórán i m’ainm-se, ag ráḋ: Is mise é agus tá an t-am ar na gaoḃair: ar an aḋḃar sin, ná leanaigiḋ iad.
9Agus nuair a ċluinfeas siḃ fá ċogṫa agus ceannairceaċa, ná bíoḋ scannruġaḋ oraiḃ; is éigean do na neiṫe seo a ḃeiṫ ann ar dtús, aċt ní h-é an deireaḋ é díreaċ go fóill.
10Annsin duḃairt sé leo: Éireoċaiḋ cineaḋ i n-aġaiḋ ciniḋ agus ríoġaċt i n-aġaiḋ ríoġaċta,
11Agus béiḋ creaṫa móra talaiṁ i n-áiteaċa, agus pláiġeanna agus gorta agus uaṫḃáis ó neaṁ agus béiḋ cóṁarṫaí móra ann.
12Aċt rompa seo uilig béarfaiḋ siad oraiḃ, agus cuirfiḋ siad géirleanaṁaint oraiḃ, ḃur dtaḃairt suas do ṡineagóga agus príosúin, ḃur dtarraingt roiṁ ríġṫe agus uaċtaráin mar ġeall ar m’ainm-se.
13Agus tárlóċaiḋ sé díḃ mar ḟiaḋnaise.
14Socruiġigiḋ i ḃur gcroiḋṫe, ar an aḋḃar sin, gan ḃeiṫ ag meaḃruġaḋ roiṁ ré cad é mar ḟreagróċas siḃ;
15Óir ḃéarfaiḋ mise béal agus eagna díḃ, naċ mbéiḋ ḃur n-eascáirde go léir ábalta cur ina n-aġaiḋ ná laḃairt ina n-aġaiḋ.
16Agus braiṫfiḋ aiṫreaċa agus máiṫreaċa agus bráiṫre agus gaolta agus cáirḋe siḃ, agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċun báis,
17Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ aoinneaċ oraiḃ mar ġeall ar m’ainm-se.
18Aċt ruibe de ḃur gcionn ní raċaiḋ amuġa.
19I ḃur ḃfoiġid is eaḋ a ḃéas congḃáil ḃur n-anam agaiḃ.
20Agus nuair atċífeas siḃ arm ṫart fá Ierusalem, bíoḋ a ḟios agaiḃ annsin go ḃfuil a bánuġaḋ i ngaoḃar#Dan. 9, 27; Mait. 24, 15; Marc. 13, 14. dí.
21Annsin iad-san atá i n-Iudaia, teiċeaḋ siad ċun na sléiḃte, agus iad-san atá ina lár, imṫiġeaḋ siad amaċ, agus an ṁuinntir atá ins na guirt, ná taraḋ siad isteaċ inntí,
22Óir is laeṫe díoġaltais iad sin, ċun go gcóiṁlíontaí na h-uile neiṫe dá ḃfuil scríoḃṫa.
23Aċt is mairg do na mná a ḃéas ag iomċar cloinne, agus dóḃṫa-san a ḃeir diúl ins na laeṫe sin; óir béiḋ anróġ mór san tír, agus fearg leis an ṗobal seo.
24Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus ḃéarfar ina ḃpríosúnaiġ iad go dtí na h-uile ċiniḋeaċa, agus béiḋ Ierusalem dá saltairt faoi ċosa na gciniḋeaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar seala na gciniḋeaċ.
25Agus béiḋ cóṁarṫaí#Isaias 13, 10; Eséciel 32, 7; Ióel 2, 10, agus 3, 15; Mait. 24, 29; Marc. 13, 24. san ġréin, agus san ġealaiġ, agus ins na réalta, agus ar an talaṁ imniḋe na gciniḋeaċ mar ġeall ar ċíor-ṫuaṫail ṫormán na mara agus na dtonn,
26Daoine ag dul i meaṫ le scannruġaḋ, agus le feiṫeaṁ ar na neiṫe a ḃéas le ṫeaċt ar an doṁan go léir; óir béiḋ cuṁaċtaí neiṁe dá suaṫaḋ.
27Agus annsin tċífiḋ siad Mac an Duine ag teaċt i néall fá ṁór-ċuṁaċt agus fá ġradam.
28Agus nuair a ṫoiseoċas na neiṫe sin a ḃeiṫ ann, dearcaigiḋ suas, agus tógaigiḋ ḃur gcinn; óir tá ḃur slánuġaḋ i ngaoḃar díḃ.#Róṁ. 8, 23.
29Agus laḃair sé saṁlaoid leo: Dearcaigiḋ ar an ċrann fíge agus ar na crainn go léir;
30Nuair aṫá siad ag taḃairt a dtorṫa amaċ anois, tá a ḟios agaiḃ go ḃfuil an saṁraḋ buailte liḃ.
31Mar sin díḃ fosta, nuair atċífeas síḃ na neiṫe seo ag teaċt, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ríoġaċt Dé buailte liḃ.
32Amén adeirim liḃ, naċ mbéiḋ an ġlúin seo ar ṡiuḃal, go dtí go ndéantar gaċ níḋ a ċóiṁlíonaḋ.
33Raċaiḋ neaṁ agus talaṁ ar neiṁníḋ, aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra-sa ar neiṁníḋ.
34Agus taḃairigiḋ aire díḃ féin, ar eagla go mbéaḋ ḃur gcroiḋṫe luċtuiġṫe le craos agus meisce agus cúraim an tsaoġail seo, agus go dtigeaḋ an lá úd oraiḃ go tobann;
35Óir is mar ġaiste a ṫiocfas sé ar an uile ḋuine dá ḃfuil ina ṡuiḋe ar aġaiḋ an doṁain go léir.
36Ar an aḋḃar sin, bígiḋ ag faire, agus i gcóṁnaiḋe ag guiḋe, ċun go meastaí gurḃ ḟiú siḃ imṫeaċt ar na neiṫe sin uilig atá le ṫeaċt, agus seasaṁ ós cóṁair Ṁic an Duine.
37Agus ḃíoḋ sé ag teagasc san teampall ar feaḋ an lae, aċt ṫéiġeaḋ sé amaċ agus ḃeireaḋ sé an oiḋċe ar an tsliaḃ, dá ngoirtear Oliḃet.
38Agus ṫigeaḋ na daoine uilig ċuige san teampall go luaṫ ar maidin ċun ḋeiṫ ag éisteaċt leis.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland