Lúcas 22
22
Caibidil XXII
Feall Iúdais. An suipéar deireannaċ. An ċéad ċuid de stair na páise.
1Agus ḃí féile an aráin gan deascaiḋ,#Mait. 26, 2; Marc. 14, 1. dá ngoirtear an Ċáisc, ag druidim leo.
2Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe ar lorg sliġe ina gcuirfeaḋ siad Íosa ċun báis; aċt ḃí eagla roiṁ na daoine orṫa.
3Aċt ċuaiḋ Satan isteaċ i n-Iúdas,#Mait. 26, 14; Marc. 14, 10. dá ngoirtí Iscariot, duine de’n dáréag.
4Agus d’imṫiġ sé agus laḃair sé le h-uaċtaráin na sagart agus le ceannairí an ġárda fá’n ċaoi ina mbraiṫfeaḋ sé dóiḃ é.
5Agus ḃí áṫas orṫa, agus ṡocruiġ siad airgead a ṫaḃairt dó.
6Agus ġeall seisean, agus ḃíoḋ sé ag cuartuġaḋ caoi ċun é ḃraṫ nuair naċ mbéaḋ an sluaġ i láṫair.
7Agus ṫáinic lá an aráin gan deascaiḋ i n-arḃ éigean an ċáisc a ṁarḃaḋ.
8Agus ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eoin, ag ráḋ: Imṫiġigiḋ agus déanaigiḋ réiḋ dúinn, ċun go n-iṫimíd an ċáisc.
9Aċt duḃairt siad-san: Cá h-áit ar toil leat go ndéanfaḋ sinn fá réir?
10Agus duḃairt sé leo: Féaċ, ag dul isteaċ san ċaṫair díḃ, casfar oraiḃ fear áiriṫe ag iomċar crúiscín uisce; leanaigiḋ eisean ċun an tiġe ina raċaiḋ sé isteaċ,
11Agus déarfaiḋ siḃ le fear an tiġe: Deir an Máiġistir leat: Cá ḃfuil an seomra aoiḋeaċta, go n-iṫiḋ mé an ċáisc i dteannta mo ḋeisciobal?
12Agus taisbeánfaiḋ sé díḃ seomra mór bíḋ curṫa i n-eagar, agus déanaigiḋ réiḋ annsin.
13D’imṫiġ siad agus fuair siad mar a duḃairt sé leo, agus d’ullṁuiġ siad an ċáisc.
14Agus nuair a ṫáinic an uair, ṡuiḋ sé síos,#Mait. 26, 20; Marc. 14, 17. agus an dáréag Abstal ina ċuideaċta,
15Agus duḃairt sé leo: Ba ṁór mo ṁian an ċáisc seo d’iṫe i n-aoinḟeaċt liḃ roiṁ mo ṗáis.
16Óir deirim liḃ, naċ n-íosaiḋ mé í feasta go dtí go gcóiṁlíontar í i ríoġaċt Dé.
17Agus ag breiṫ ar an ċailís dó, ṫug sé buiḋeaċas, agus duḃairt: Glacaigiḋ agus roinnigiḋ eadraiḃ;
18Óir deirim liḃ, naċ n-ólfaiḋ mé de ṫoraḋ na fíneaṁna, go dtí go dtigiḋ ríoġaċt Dé.
19Agus ag breiṫ ar arán dó,#1 Cor. 11, 24. ṫug sé buiḋeaċas, agus ḃris agus ṫug dóiḃ, ag ráḋ: Is é seo mo ċorp, a ḃeirtear ar ḃur son; déanaigiḋ seo mar ċuiṁne orm-sa#22, 19 Déanaigiḋ seo mar ċuiṁne orm-sa. Tá an íoḋbairt agus an tSacramaint seo le mairstin san Eaglais go deireaḋ ah tsaoġail, ċun bás Ċríost a ċur i n-iúl go dtí go dtigiḋ sé. Aċt ní ċuireann an ċuiṁne, nó an cuiṁneaċán, seo ar ḋóiġ ar biṫ i n-aġaiḋ an teagaisc go mbíonn a ċorp agus a ċuid fola go fíor i láṫair san tsacramaint faoi ġnéiṫe aráin agus fíona, gnéiṫe a ḃios ina gcóṁarṫa ċun a bás a léiriuġaḋ. A ṁalairt ar fad atá fíor: is é féin a d’órduiġ a bás a ċuiṁniuġḋ agus a ṡollaṁnaḋ san íoḋbairt agus san tSacramaint, tré ofráil agus tré ġlacaḋ an ċuirp agus na fola le n-ar slánuiġeaḋ sinn, ar ar ċuma seo..
20Agus mar an gcéadna an ċailís, i ndiaiḋ a ṡuipéar a ċaiṫeaṁ, ag ráḋ: Is í an ċailís seo an tiomna nua i mo ċuid fola, a ḋoirtfear ar ḃur son.
21Aċt féaċ, tá láṁ an té a ḃraiṫeas mé ar an tábla liom.#Mait. 26, 21; Marc. 14, 20; Eoin 13, 18.
22Agus téiġeann Mac an Duine go deiṁin ḋo réir mar a cinneaḋ dó;#Sailm 40, 9. ciḋeaḋ, is mairg do’n duine sin le n-a mbraiṫfear é.
23Agus ṫoisiġ siad a ḟiafruiġe eatorṫa féin, cé acu a ḃí ar tí an níḋ seo a ḋéanaṁ.
24Agus d’éiriġ imreas eatorṫa fosta, féaċaint cé acu a ṁeastaí ḃeiṫ ar an té ba ṁó.
25Agus duḃairt sé leo:#Mait. 20, 25; Marc. 10, 42. Bíonn smaċt ag ríġṫé na gciniḋeaċ orṫa, agus iad sin a mbíonn cuṁaċt acu orṫa, goirtear daoine deiġ-ġníoṁaċa díoḃ.
26Aċt ná bíoḋ siḃ-se aṁlaiḋ; aċt an té is mó eadraiḃ, bíoḋ sé mar an té is óige, agus an té is ceannaire, mar an ḟreastalaiḋe.
27Óir cé acu is mó, an té a ṡuiḋeas ċun bíḋ, ná an té a ġní freastal? An é naċ é an té a ṡuiḋeás ċun bíḋ? Agus tá mise i ḃur measc mar ḟreastalaiḋe.
28Agus is siḃ-se an ṁuinntir a d’ḟan i m’ḟoċair i mo ċaṫuiġṫe,
29Agus fágaim agaiḃ-se ríoġaċt, fá mar a d’ḟág m’Aṫair agam-sa,
30Go n-iṫiḋ agus go n-ólaiḋ siḃ ag mo ṫábla i mo ríoġaċt, agus go suiḋiḋ siḃ ar ċaṫaoireaċa ríoġḋa ag taḃairt ḃreiṫeaṁnais ar ḋá-ṫreiḃ ḋéag Israéil.
31Agus duḃairt an Tiġearna: A Ṡíomoin, a Ṡíomoin, ḃí Satan ḃur n-iarraiḋ, ċun siḃ a ċriaṫraḋ mar ċruiṫneaċt;
32Aċt ġuiḋ mise ar do ṡon-sa, ċun naċ dtraoṫaḋ do ċreideaṁ. Agus ar do ṫionntóḋ duit-se, neartuiġ do ḃráiṫre.
33Agus duḃairt seisean leis: A Ṫiġearna, tá mé réiḋ le ḋul leat-sa ċun príosúin agus ċun báis.
34Aċt duḃairt seisean: Deirim leat,#Mait. 26, 34; Marc. 14, 30. a Ṗeadair, naċ scairt-fiḋ an coileaċ indiu, nó go séanaiḋ tú trí h-uaire go ḃfuil aiṫne agat orm. Agus duḃairt sé leo:
35Nuair a ċuir mé uaim siḃ gan sparán,#Mait. 10, 9. ná mála, ná bróga, an raiḃ díṫ aoin ruda oraíḃ?
36Agus duḃairt siad-san: Ní raiḃ. Ar an aḋḃar sin, duḃairt sé leo: Aċt anois, an té a ḃfuil sparán aige, beireaḋ sé leis é; agus mála, mar an gcéadna; agus an té naċ ḃfuil, díolaḋ sé a ċasóg, agus ceannuiġeaḋ sé claiḋeaṁ.
37Óir deirim liḃ, gurab éigean an níḋ seo atá scríoḃṫa a ċóiṁlíonaḋ go fóill ionnam-sa:#Isaias 53, 12. “Agus h-airṁiġeaḋ é le cuirpṫiġ”; óir na neiṫe a ḃaineas liom-sa, tig siad ċun críċe.
38Aċt duḃairt siad-san: A Ṫiġearna, féaċ, tá ḋa ċlaiḋeaṁ annseo.#Mait. 26, 30; Marc. 14, 26; Eoin 18, 1. Agus duḃairt seisean leo: Is leor sin.
39Agus ar ḋul amaċ dó, ċuaiḋ sé do réir a ġnáis go Sliáḃ na n-Ológ. Agus lean a ḋeisciobail é fosta.
40Agus nuair a ṫáinic sé go dtí an áit, duḃairt sé leo: Guiḋigiḋ, ċun naċ dtéiġiḋ siḃ isteaċ i gcaṫuġaḋ.
41Agus d’imṫiġ sé uaṫa fad urċar cloiċe, agus ag dul ar a ġlúna dó, rinne sé urnaiġe,#Mait. 26, 39; Marc. 14, 35.
42Ag ráḋ: A Aṫair, má’s toil leat, beir uaim an ċailís seo. Ciḋeaḋ, ná déantar mo ṫoil-se, aċt do ṫoil-se.
43Agus taisbeánaḋ dó aingeal ó neaṁ ġá neartuġaḋ. Agus ó ḃí sé i bpian-ċráḋ, rinne sé urnaiġe an-ḟada.
44Agus ṫáinic a ċuid alluis mar ḋeora fola ag sileaḋ anuas ar an talaṁ.
45Agus nuair a d’éiriġ sé ó’n urnaiġe agus ṫáinic sé ċuig a ḋeisciobail, fuair sé ina gcodlaḋ iad tré ḃrón.
46Agus duḃairt sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ i ḃur gcodlaḋ? Éiriġigiḋ, guiḋigiḋ, ċun naċ dtéiġiḋ siḃ isteaċ i gcaṫuġaḋ.
47Agus le linn dó a ḃeiṫ go fóill ag cainnt, féaċ, sluaġ ag teaċt, agus an té dá ngoirtí Iúdas,#Mait. 26, 47; Marc. 14, 43; Eoin 18, 3. duine de’n dáréag, ar a dtoiseaċ, agus ṫáinic sé ag triall ar Íosa, ċun é ṗógaḋ.
48Agus duḃairt Íosa leis: A Iúdais, an le póig a ḃraiṫeas tú Mac an Duine?
49Agus nuair a ċonnaic an ṁuinntir a ḃí ṫart fá dtaoiḃ de cad é ḃí le ṫeaċt, duḃairt siad leis: A Ṫiġearna, an mbuailfimíd le claiḋeaṁ?
50Agus ḃuail duine acu seirḃíseaċ an árdṡagairt, agus ḃain sé an ċluas ḋeas de.
51Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Fanaigiḋ go fóill. Agus ċuir sé a láṁ ar a ċluais, agus leiġeas sé é.
52Agus duḃairt Íosa le h-uaċtaráin na sagart agus ceannairí ġárda an teampaill agus na seanóirí, a ṫáinic ċuige: An dtáinic siḃ amaċ aṁail ċuig gadaiḋe le claiḋṁe agus bataí?
53Nuair a ḃí mé gaċ lá i ḃur measc san teampall, níor ṡín siḃ láṁ d’ionnsaiḋe orm; aċt is í seo ḃur n-uair-se agus cuṁaċt an dorċadais.
54Agus ag breiṫ air dóiḃ,#Mait. 26, 57; Marc. 14, 53; Eoin 18, 24. rug siad leo é go tiġ an árdṡagairt; aċt lean Peadar iad i ḃfad ar gcúl.
55Agus nuair a las siad teine i lár na cúirte, agus iad ina suiḋe ṫart, ḃí Peadar ina measc.
56Agus nuair a ċonnaic cailín aimsire#Mait. 26, 69; Marc. 14, 66; Eoin 18, 25. áiriṫe é ina ṡuiḋe ag an tsolus agus stán sí air, duḃairt sí: Ḃí sé seo fosta leis.
57Agus ṡéan seisean é, ag ráḋ: A ḃean, ni ḟuil aiṫne agam air.
58Agus i gcionn tamaill ḃig, ċonnaic duine eile#22, 58 Duine eile, ⁊c. Ċun a ṫaisbeáint go ḃfuil tuarascḃála na gceiṫre Soiscéalaiḋṫe ag cur le ċéile, caiṫfear a ṫaḃairt fá dear annseo ġur ċuir ní ba ṁó ná trí ḋuine i leiṫ Ṗeadair gur ḋeisciobal le Ċríost é, go dtí, fá ḋeireaḋ, go dtug siad air a séanaḋ an ṫrí ócáideaċa. (1). Cailín an dorais a leig isteaċ é, agus a ċonnaic é ina ḋiaid sin ag an teiniḋ, is í a ċeistiġ ar dtús é, agus annsin ḋearḃuiġ sí go raiḃ sé i gcuideaċta Ċríost. (2). Annsin ċuir cailín eile ina leiṫ é ós cóṁair a raiḃ i láṫair, agus dá ḃárr sin, ċuir duine de na fir ina leiṫ é, agus ṫárla an dara séanaḋ. (3). Ina ḋiaiḋ sin, ṫug tuilleaḋ dá raiḃ i láṫair fá dear gur Ġaililéaċ é, agus d’aontuiġ gaol le Malċus leo, agus duḃairt go ḃfaca sé san ġarrḋaḋ é. Ḃain seo an tríoṁaḋ séanaḋ as Peadar. é, agus duḃairt: Is duine acu siúd ṫusa fosta. Aċt duḃairt Peadar: A ḋuine, ní h-eaḋ.
59Agus nuair a ċuaiḋ seal ḋe ṫuairim uaire ṫart, dearḃuiġ duine áiriṫe eile, ag rád:#Eoin 18, 26. Go ḋeiṁin ḃí sé seo ina ċuideaċta siúd, óir is Gaililéaċ fosta é.
60Agus duḃairt Peadar: A ḋuine, ní ḟuil a ḟios agam cad é tá dá ráḋ agat. Agus ar an ḃomaite, agus é go fóill ag cainnt, scairt an coileaċ.
61Agus ṫionntuiġ an Tiġearna ṫart, agus d’aṁarc sé ar Ṗeadar. Agus ċuiṁniġ Peadar ar ḃriaṫar an Tiġearna,#Mait. 26, 34; Marc. 14, 30; Eoin 13, 38. mar a duḃairt sé: Sul a scairtiḋ an coileaċ, séanfaiḋ cú mé trí h-uaire.
62Agus d’imṫiġ Peadar amaċ, agus ġoil sé go géar.
63Agus na fir a raiḃ greim acu air, ḃí siad ag déanaṁ magaiḋ faoi agus ġá ḃualaḋ.
64Agus ċuir siad dallóg air, agus ḃuail siad san aġaiḋ é, agus d’ḟiafruiġeáḋ siad de, ag ráḋ: Tairngir, cé h-é an té a ḃuail ṫú?
65Agus duḃairt siad mórán neiṫe eile ina aġaiḋ, ġá ḋiaṁasluġaḋ.
66Agus nuair a ṫáinic an lá, ċruinniġ#Mait. 27, 1; Marc. 15, 1; Eoin 18, 28. seanóirí an ṗobail, agus uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe le ċéile, agus ṫug siad isteaċ ina gcóṁairle é, agus duḃairt: Innis dúinn, an tusa an Críost?
67Agus duḃairt sé leo: Má innsim díḃ, ní ċreidfiḋ siḃ mé;
68Agus fosta má ċeistiġim siḃ, ní ḟreagróċaiḋ siḃ mé, ná ní leigfiḋ siḃ saor mé.
69Aċt ó’n air seo amaċ béiḋ Mac an Duine ina ṡuiḋe ar ḋeis ċuṁaċt Dé.
70Agus duḃairt siad uilig: Mar sin, an tusa Mac Dé? Duḃairt seisean: Deir siḃ-se gur mé.
71Agus duḃairt siad-san: Cad é an feiḋm atá againn le n-a ṫuilleaḋ fiaḋnaise? Óir ċualamar as a ḃéal féin é.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland