Eoin 13
13
1Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ. 2Agus le linn an tsuipéir, agus an diaḃal tar éis a ċur i gcroiḋe Iúdáis Iscariót Ṡíomóin, é do ḃraṫ, 3ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia, 4agus go raiḃ sé ag dul ċum Dé, d’éiriġ sé ó’n mbórd, agus do ċuir sé a ḃrat i leaṫtaoiḃ, agus do ġlac sé tuḃáille, agus do ċeangail sé fá n‐a ċom é. 5Annsin do ḋoirt sé uisce isteaċ i mbáisín, agus do ṫosnuiġ sé ar ċosa a ḋeisceabal do niġe, agus ar a dtriomú leis an tuḃáille do ḃí timċeall a ċuim. 6Annsin ṫáinig sé go dtí Síomón Peadar. Aduḃairt seisean leis, Tusa ag niġe mo ċos‐sa, a Ṫiġearna! 7D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, An niḋ do‐ġním‐se, ní ṫuigeann tú anois é; aċt tuigfiḋ tú é ar ball. 8Aduḃairt Peadar leis, Ní niġfir mo ċosa‐sa go bráṫ. D’ḟreagair Íosa ḋó, Muna niġim ṫú, ní ḟuil aon roinn agat liom. 9Aduḃairt Síomón Peadar leis, A Ṫiġearna, nár ab iad mo ċosa aṁáin aċt mo láṁa agus mo ċeann, ċóṁ maiṫ. 10Aduḃairt Íosa leis, an té atá niġte ní gáḃaḋ ḋó aċt a ċosa do niġe, agus atá sé glan ar fad: agus atá siḃ‐se glan, aċt ní ḟuil gaċ duine agaiḃ glan. 11Óir ḃí a ḟios aige cia’rḃ é do ḃí le n‐a ḃraṫ; do b’uime sin aduḃairt sé, Ní ḟuil siḃ go léir glan.
12Annsin nuair ḃí a gcosa niġte aige, agus a éadaiġe curṫa air, agus nuair do ṡuiḋ sé siar arís, aduḃairt sé leo, An dtuigeann siḃ céard atá déanta agam daoiḃ? 13Glaoḋann siḃ Múinteoir agus Tiġearna orm: agus atá an ceart agaiḃ; óir is mé sin. 14D’á ḃriġ sin, má niġeas‐sa ḃúr gcosa, agus gur mé an Tiġearna agus an Múinteoir, ba ċeart daoiḃ‐se cosa a ċéile do niġe. 15Óir atá eisiompláir taḃarṫa agam daoiḃ, go ndéanfaḋ siḃ‐se fá mar tá déanta agam‐sa ḋaoiḃ. 16Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ’ná a ṁáiġistir; agus ní mó an teaċtaire ’ná an té do ċuir uaiḋ é. 17Má’s eol daoiḃ an méid sin, is aoiḃinn daoiḃ má ġníonn siḃ d’á réir. 18Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ. 19Atáim g‐á innsin sin daoiḃ roiṁ ré, ionnas, nuair ṫiocfas sé ċum críċe, go gcreidfeaḋ siḃ gur mé atá ann. 20Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé ġlacas an té ċuirim uaim, ġlacann sé mise; agus cibé ġlacas mise, glacann sé an té do ċuir uaiḋ me.
21Ar n‐a ráḋ sin d’Íosa, do ḃí sé go buaiḋearṫa ’n‐a spioraid, agus do ḋearḃuiġ sé, agus aduḃairt, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ mé. 22Do ḋearc na deisceabail ar a ċéile, agus mearḃall orṫa i dtaoḃ an té d’á mbéaḋ sé ag tagairt. 23Agus do ḃí ag an mbórd duine d’á ḋeisceablaiḃ, do b’ionṁain le h‐Íosa, ’n‐a luiġe ar uċt Íosa. 24Agus do sméid Síomón Ṗeadar airsean, agus aduḃairt sé leis, Innis dúinn cia ḋó go ḃfuil sé ag tagairt. 25Aduḃairt seisean leis, agus é sínte siar ar uċt Íosa, A Ṫiġearna, cia h‐é? 26D’ḟreagair Íosa ḋó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiuḃrad dó é, is é é. Agus nuair do ḃí an giota aráin tomṫa aige, do ṫóg sé é agus ṫug d’Iúdás Ṡíomóin Iscariót é. 27Agus i ndiaiḋ an ġiota, do ċuaiḋ Sátan isteaċ ann, agus aduḃairt Íosa leis, An niḋ atá le déanaṁ agat, déan gan ṁoill é. 28Aċt níor ṫuig aoinneaċ d’á raiḃ ag an mbórd cad ċuige go nduḃairt sé leis é. 29Do ċeap cuid aca, ó ḃíoḋ an sparán ag Iúdás, go nduḃairt Íosa leis, Ceannuiġ a ḃfuil ag teastáil uainn i gcóṁair na féile; nó, rud éigin do ṫaḃairt do na boċtaiḃ. 30Agus nuair do ġlac seisean an giota aráin d’imṫiġ sé amaċ ar an láṫair: agus ḃí an oiḋċe ann.
31Agus nuair do ḃí sé imṫiġṫe amaċ, aduḃairt Íosa, Anois atá Mac an Duine glóiriġṫe, agus atá Dia glóiriġṫe tríd; 32agus glóireoċaiḋ Dia eisean ann féin, agus glóireaċaiḋ sé ar ball é. 33A ċlann dílis, atáim ’n‐ḃúr ḃfoċair tamall beag go fóill. Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, aċt, mar aduḃairt mé leis na h‐Iúdaċaiḃ, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann siḃ‐sé teaċt ann; deirim liḃ‐se anois é. 34Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ. 35As sin aiṫneoċaiḋ gaċ uile ḋuine gur deisceabail daṁ‐sa siḃ, aċt gráḋ ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile.
36Aduḃairt Síomón Peadar leis, A Ṫiġearna, cá ḃfuil tú ag dul? D’ḟreagair Íosa, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann tusa mo leanaṁain ann anois; aċt leanfaiḋ tú mé ’n‐a ḋiaiḋ seo. 37Aduḃairt Peadar leis, A Ṫiġearna, cad ċuige naċ ḃféadaim ṫú do leanaṁain anois díreaċ? doḃéarfad m’anam ar do ṡon. 38D’ḟreagair Íosa, An dtiuḃraiḋ tú t’anam ar mo ṡon? Go fírinneaċ adeirim leat, Ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sara séanfair trí h‐uaire mé.
Nke Ahọpụtara Ugbu A:
Eoin 13: JOYNTG
Mee ka ọ bụrụ isi
Kesaa
Mapịa
Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.