Eoin 8
8
1Aċt do ċuaiḋ Íosa go cnoc na nOla‐ċrann. 2Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampall arís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ċuige, agus do ṡuiḋ sé síos, agus do ḃí sé g á dteagasc. 3Agus ṫug na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ leo bean go rugaḋ uirṫi i n‐aḋaltranas; agus ar n‐a cur ’n‐a seasaṁ i láṫair, 4aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, rugaḋ ar an mnaoi seo i n‐aḋaltranas, sa ngníoṁ féin. 5Agus d’órduiġ Maois sa dliġe ḋúinn a leiṫéid seo do ċur ċum báis ag gaḃáil de ċloċaiḃ uirṫi: créad deirir‐se? 6Aċt g‐á ṫriail aduḃradar é sin, le súil go ḃféadfaidís rud éigin do ċur ’n‐a leiṫ. Aċt do ċrom Íosa síos, agus do ḃí sé ag scríoḃaḋ le n‐a ṁéir ar an talaṁ. 7Agus mar leanadar ag cur na ceiste air, d’éiriġ sé suas agus aduḃairt sé leo, Cibé duine agaiḃ atá gan ṗeacaḋ, caiṫeaḋ seisean an ċéad ċloċ léi. 8Agus do ċrom sé síos arís, agus do scríoḃ sé ar an talaṁ. 9Agus nuair do‐ċualadar sin, d’imṫiġeadar ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, na daoine ba ṡine ar dtús, go dtí an duine deiriḋ, agus do fágaḋ Íosa ’n‐a aonar, agus an ḃean ’n‐a seasaṁ ’n‐a láṫair. 10Annsin d’éiriġ Íosa suas, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, cá ḃfuil siad? An aṁlaiḋ nár ḋaor aoinneaċ ṫú? 11Aduḃairt sise, Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus aduḃairt Íosa, Ní mó ḋaoraim‐se ṫú: imṫiġ, agus ná déan aon ṗeacaḋ arís.]
12Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige. 13Agus aduḃairt na Fairisíniġ leis, Atá tú ag taḃairt fiaḋnaise id’ ṫaoḃ féin, ní ḟuil t’ḟiaḋnaise fírinneaċ. 14D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ go ḃfuilim ag déanaṁ fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, atá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá ḃfuilim ag dul; aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá ḃfuilim ag dul. 15Do‐ḃeir siḃ‐se breiṫ de réir na feola; ní ṫugaim‐se breiṫ ar aoinneaċ. 16Agus má ḃeirimse breiṫ féin, tá mo ḃreiṫ fíor: óir ní ḟuilim im’ aonar, aċt atá mise agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé i n‐éinḟeaċt. 17Agus fós, atá scríoḃṫa ’n‐ḃúr ndliġe‐se, gur fírinneaċ fiaḋnaise beirte. 18Is mise do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, do‐ḃeir seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ. 19Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ. 20Do laḃair Íosa na briaṫra sin i n‐áit an ċiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor ċuir aon duine láṁ air, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.
21Agus aduḃairt sé leo arís, Atáim‐se ag imṫeaċt, agus béiḋ siḃ ’gam’ lorg, agus ġeoḃaiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaḋ; an áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann. 22Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, An aṁlaiḋ ṁuirḃfeas sé é féin, go n‐abrann sé, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ‐se teaċt ann? 23Agus aduḃairt sé leo, Ó’n áit ṫíos daoiḃ‐se, ó’n áit ṫuas daṁ‐sa: de’n tsaoġal so siḃ‐se, ní de’n tsaoġal so mise. 24Ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ, go ḃfaiġiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaiḋiḃ: óir muna gcreideann siḃ gur mise é, ġeoḃaiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaiḋiḃ. 25Uime sin aduḃradar leis, Cia ṫú féin? Aduḃairt Íosa léo, Cad ċuige ḋom ḃeiṫ ag laḃairt liḃ, ar ċor ar biṫ? 26Atá mórán agam le ráḋ agus le breaṫnú ’n‐ḃúr dtaoḃ: aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor; agus na neiṫe do‐ċualas uaiḋ‐sean, is iad sin na neiṫe laḃraim leis an saoġal. 27Níor ṫuigeadar gur i dtaoḃ an Aṫar do ḃí sé ag cainnt. 28Uime sin aduḃairt Íosa, Nuair árdócaiḋ siḃ Mac an Duine, béiḋ a ḟios agaiḃ annsin gur mise é, agus naċ ndéanaim éinniḋ uaim féin, aċt gur fá mar ṫeagaisc an t‐Aṫair dom, laḃraim na neiṫe seo. 29Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis. 30Ar n‐a ráḋ sin dó, do ċreid mórán daoine ann.
31Agus aduḃairt Íosa leis na h‐Iúdaċaiḃ do ċreid ann, Má ċlaoiḋeann siḃ lem’ ḃriaṫraiḃ, go fírinneaċ is deisceabail agam siḃ; 32agus aiṫneoċaiḋ siḃ an ḟírinne, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ. 33D’ḟreagradar é, De ṡíol Abraċaim sinne, agus ní raḃamar riaṁ ’n‐ár seirḃiseaċaiḃ ag aon duine: cionnas adeirir‐se, Saorfar siḃ? 34D’ḟreagair Íosa iad, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Duine ar biṫ do‐ġní peacaḋ is seirḃíseaċ do’n ṗeacaḋ é. 35Agus ní ḟanann an seirḃíseaċ sa teaġlaċ de ṡíor: fanann an Mac de ṡíor. 36Ar an aḋḃar sin, má ṡaorann an Mac siḃ, béiḋ siḃ saor dá ríriḃ. 37Atá a ḟios agam gur de ṡíol Abraċaim siḃ; aċt atá siḃ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ, de ḃriġ naċ ḃfaġann mo ḃriaṫra sliġe ionnaiḃ. 38Laḃraim‐se i dtaoḃ a ḃfaca mé i ḃfoċair m’Aṫar: agus do‐ġní siḃ‐se, leis, na neiṫe doċualaḃar ó ḃúr n‐Aṫair. 39D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is é Abraċam ár nAṫair‐ne. Aduḃairt Íosa leo, Dá mba ċlann d’Abraċam siḃ, do‐ġéanaḋ siḃ oibreaċa Abraċaim. 40Aċt atá siḃ anois ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ, duine d’innis daoiḃ an ḟírinne do‐ċuala mé ó Ḋia: ní ḋearna Abraċam sin. 41Do‐ġní siḃ oibreaċa ḃúr n‐aṫar. Aduḃradar‐san leis, Ní clann bastairt sinne, atá aon aṫair aṁáin againn, Dia. 42Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé. 43Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ mo ċainnt? De ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas daoiḃ éisteaċt lem’ ḃriaṫraiḃ. 44Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é. 45Aċt de ḃriġ go laḃraim‐se an ḟírinne, ní ċreideann siḃ mé. 46Cia aca ḋíḃ‐se ċuireas peacaḋ im’ leiṫ? Má laḃraim an ḟírinne, cad ċuige naċ gcreideann siḃ mé? 47An té is ó Ḋia éisteann sé le briaṫraiḃ Dé: is uime sin naċ n‐éisteann siḃ, óir ní ó Ḋia sí. 48D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Naċ maiṫ adeirimíd é gur Samáritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat? 49D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil deaṁan ionnam‐sa; aċt do‐ḃeirim onóir dom’ Aṫair, agus do‐ḃeir siḃ‐se easonóir ḋaṁ‐sa. 50Aċt ní h‐í m’onóir féin loirgim‐se: atá Aon loirgeas agus do‐ḃeir breiṫ. 51Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ċoiṁéadann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḟeicfiḋ sé bás go deoiḋ. 52Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ. 53An mó tusa ’ná ár n‐aṫair Abraċam atá marḃ? agus atá na fáiḋe marḃ: cia h‐é a deir tusa gur tú, mar sin? 54D’ḟreagair Íosa, Má ḃeirim glóir ḋom féin, is neaṁ‐niḋ mo ġlóir: is é m’Aṫair do‐ḃeir glóir ḋom; an té adeir siḃ‐se gur ab é ḃúr nDia é; 55agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ‐se air: aċt atá aiṫne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní ḟuil aiṫne agam air, béiḋ mé im’ ḃréagaire ċóṁ maiṫ liḃ‐se: aċt atá aiṫne agam air, agus coiṁéadaim a ḃriaṫar. 56Ba ġeal le ḃúr n‐aṫair Abraċam go ḃfaca sé mo lá, agus do ċonnaic sé é, agus ḃí áṫas air. 57Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Ní ḟuil caogaḋ bliaḋain d’aois agat fós, agus an ḃracatusa Abraċam? 58Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Sara rugaḋ Abraċam, atáim‐se ann. 59Annsin do ṫógadar cloċa le caiṫeaṁ leis: aċt do ċuaiḋ Íosa i ḃfolaċ, agus d’imṫiġ sé as an teampall.
Nke Ahọpụtara Ugbu A:
Eoin 8: JOYNTG
Mee ka ọ bụrụ isi
Kesaa
Mapịa
Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.