Eóin 4
4
CAIBIDIOL IV.
Críost ag laḃairt leis an mnaoí Ṡamaritánaiġ. Mac an riaġaltóra á leiġeas aige.
1Nuair a ċonaic Íosa gur airiġ na Fairisíniġ go raiḃ níos mó deisgiobul ag Íosa ’á ḋéanaṁ agus ’á ḃaisteaḋ ’ná mar a ḃí ag Eóin 2(bíoḋ nár ḃ’ é Íosa a ḃí ag baisteaḋ aċ a ḋeisgiobuil), 3D’ḟág sé Iúdaéa agus d’imṫiġ sé airís go Gaililí. 4Agus niór ḃfoláir dó gaḃáil tré Ṡamaria.
5Ṫáinig sé isteaċ go caṫair i Samaria, gur ḃ’ ainim dí Siċar, láiṁ leis an ḃfearann #Gen. 33:19; 48:22; Iosué 24:32.a ṫug Iácób d’á ṁac Ióseṗ. 6Ansan iseaḋ ḃí tobar Iácóib. Ḃí Íosa tuirseaċ ó’n mbóṫar agus do ṡuiḋ sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an séṁaḋ h-uair ab eaḋ é. 7Agus ṫáinig bean ó Ṡamaria a d’iarraiḋ uisge. 8Duḃairt Íosa léi: Taḃair ḋom deoċ. Óir ḃí a ḋeisgiobuil imṫiġṫe isteaċ sa ċaṫair ag ceannaċ bíḋ. 9Agus duḃairt an ḃean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdaċ tu, deoċ a d’iarraiḋ orm-sa, agus gur bean Ṡamaritánaċ mé? Ní ḋeinid Iúdaiġ agus Samaritánaiġ cóṁarsanaċt eatarṫa féin. 10D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: Dá mb’eól duit taḃarṫas Dé, agus cé h-é a deir leat, Taḃair ḋom deoċ, is dóiġ gur tusa a ḋ’iarrfaḋ deoċ air-sean, agus ṫaḃarfaḋ sé ḋuit uisge beó. 11Duḃairt an ḃean leis: A uasail, ní’l níḋ agat ċun an uisge ṫógaint aníos, agus tá an tobar doiṁinn; cá ḃfuil an t-uisge beó le fáġail agat? 12An aṁlaiḋ is mó ṫu ’ná ár n-aṫair Iácób a ṫug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a ċlann, agus a áirnéis? 13D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: An t-é a d’ólfaiḋ an t-uisge seo beiḋ tart airís air; aċ an t-é a d’ólfaiḋ an t-uisge a ṫaḃarfad-sa ḋó, ní ḃeiḋ tart go deó airís air; 14Aċ an t-uisge a ṫaḃarfad dó déanfaiḋ tobar uisge ḋé istiġ ann, ag fiaraḋ ċun beaṫa síoruiḋe. 15Duḃairt an ḃean leis: A Ṫiġearna, taḃair dóṁ-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beiḋ tart orm agus ná bead ag teaċt anso a d’iarraiḋ uisge. 16Duḃairt Íosa léi: Imṫiġ agus glaoiḋ ar t’ḟear, agus fill anso. 17D’ḟreagair an ḃean agus duḃairt sí: Ní’l aon ḟear agam. Duḃairt Íosa léi: Duḃraís go maiṫ é, Ní’l aon ḟear agam; 18Óir do ḃí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’ḟear-sa é. D’innsis an ḟírinne sa méid sin. 19Duḃairt an ḃean leis: A uasail, ċím gur fáiḋ tu. 20Is ar an gcnoc so a ḋein ar sínsear-ne Dia d’aḋraḋ, agus dar liḃ-se #Deut. 12:5.is i n-Ierúsalem atá an áit ’n-ar ceart Dia d’aḋraḋ.#4:20 Ver. 20. an gcnoc so .i. Garisim mar a raiḃ a dteampal siosmaċ ag na Samaritánaiġ. 21Duḃairt Íosa léi: A ḃean, creid-se uaim-se go ḃfuil an t-am ag teaċt nuair náċ ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a ḋéanfaiḋ siḃ an t-Aṫair a ḋ’aḋraḋ. 22#4 Ríġ. 17:29,41.Aḋrann siḃ-se an níḋ náċ eól daoiḃ. Aḋraimíd-ne an níḋ is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaiġ atá an slánú. 23Aċ tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-aḋar-ṫóirí fírinneaċa an t-Aṫair a ḋ’aḋraḋ i spioraid agus i ḃfírinne. 24#1 Cor. 3:17.Spioraid iseaḋ Dia, agus an ṁuintir a ḋ’aḋrann é, is i spioraid agus i ḃfírinne is ceart dóiḃ é ḋ’aḋraḋ. 25Duḃairt an ḃean leis: Tá ḟios agam go ḃfuil an Messias ag teaċt, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a ṫiocfaiḋ sé sin neósfaiḋ sé gaċ aon rud dúinn. 26Duḃairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat.
27Agus le n-a linn sin ṫáinig a ḋeisgiobuil agus ḃí iongna orṫa é ḃeiṫ aġ caint leis an mnaoi. Ní duḃairt aoinne, áṁṫaċ, Cad tá uait? ná, Cad ’n-a ṫaoḃ duit ḃeiṫ ag caint léi?
28Agus d’ḟág an ḃean an t-árṫaċ ’n-a diaiḋ, agus d’imṫiġ sí isteaċ sa ċaṫair agus duḃairt si leis na daoine: 29Tagaiḋ go ḃfeicfiḋ siḃ fear a ḋ’innis dóṁ-sa gaċ níḋ d’ár ḋeineas; an féidir gur b’é an Críost é? 30Agus do ġluaiseadar amaċ as an gcaṫair agus ṫánadar ag triall air. 31Aċ sa n-am gcéadna d’iarradar a ḋeisgiobuil air, agus duḃradar: A Máiġistir, iṫ rud. 32Agus duḃairt sé leó: Tá agam-sa le n-iṫe bia náċ eól daoíḃ-se. 33Agus duḃairt na deisgiobuil eatarṫa féin: An féidir gur ṫug aoinne rud le n-iṫe ċuige? 34Duḃairt Íosa leó: Isé is bia ḋóṁ-sa go ndéanfainn toil an t-é a ċuir uaiḋ mé, agus go gcuirfinn a ġnó ċun cinn. 35Ná fuil, dar liḃ-se, an fóġṁar ag teaċt i gceann ċeiṫre ṁí? Féaċ mé ’ġá ráḋ liḃ: Tógaiḋ ḃúr súile agus féaċaiḋ ar ná críoċaiḃ, #Mait. 9:37.conus mar atáid siad geal ċeana féin ċun an ḟóġṁair. 36Agus an t-é a ḃaineann an fóġṁar ġeiḃeann sé a ṫuarasdal, agus cruinniġeann sé toraḋ, ċun na beaṫa síoruiḋe; ionus go ḃfaġaḋ idir ċuradóir agus buanaiḋe áṫas i n-aonḟeaċt. 37Óir is fíor sa níḋ seo an raḋ, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fóġṁar. 38Ċuireas-sa siḃ-se uaim ag baint an ḟóġṁair nár ḋeineaḃair a ṡaoṫrú; daoine eile a ḋein an saoṫrú, agus ċuaḋ-aḃair-se isteaċ ’n-a saoṫar.
39Agus do ċreid mórán de Ṡamaritánaiġ na caṫaraċ san ann, mar ġeall an ċaint na mná ag taḃairt na fiaḋnaise: D’innis sé ḋom gaċ níḋ d’ár ḋeineas. 40Agus ṫáinig na Samaritánaiġ ag triall air, agus d’iarradar air fanṁaint sa n-áit. Agus d’ḟan sé ann ḋá lá. 41Agus do ċreid mórán níba ṁó ḋíoḃ ann mar ġeall an a ċaint féin. 42Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar ġeall an do ċaint-se a ċreidimid anois; mar tá éistiṫe againn féin leis agus tá ḟios againn gur b’é seo go fíor Slánuiġṫeóir an doṁain.
43Aċ tar é s dá lá d’ḟág sé an áit agus d’imṫiġ sé go Gaililí. 44#Mait. 13:57; Marc. 6:4; Lúc. 4:24.Óir do ṫug Íosa féin fiaḋnaise ná faġann fáiḋ onóir ’n-a ḋúṫaiġ féin. 45Agus nuair a ṫáinig sé go Gaililí do ġlac muintir na Gaililí é, mar ḃíodar tar éis gaċ níḋ a d’ḟeisgint d’ár ḋein Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir ḃíodar tar éis teaċt ċun na féile.
46Ṫáinig sé, d’á ḃríġ sin, go Cána na Gaililí #Supra 2:9.mar ar ḋein sé fíon de’n uisge. Agus ḃí taoiseaċ áiriġṫe ann go raiḃ a ṁac breóite i gCaṗarnaum. 47Nuair airiġ sé sin Íosa ḃeiṫ tagaiṫe ó Iúdaéa isteaċ i nGaililí d’imṫiġ sé ag triall air, agus ḃí sé ’ġá iarraiḋ air dul síos agus a ṁac do leiġeas; óir ḃí sé i bpúnc an ḃais. 48Agus duḃairt Íosa leis: Gan fearta agus mírḃúiltí a d’ḟeisgint ní ċreideann siḃ. 49Aċ duḃairt an taoiseaċ leis: A Ṫiġearna, tar anuas san a ḃfaġaiḋ mo ṁac bás. 50Duḃairt Íosa leis: Imṫiġ leat; tá do ṁac beó. Do ċreid an duine an focal aduḃairt Íosa leis agus d’imṫiġ sé. 51Agus nuair a ḃí sé ar an slíġ ag gaḃail síos do ḃuail a ṡeirḃísiġ uime agus d’innseadar dó go raiḃ a ṁac beó. 52Agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ cad é an uair a ṫáinig feaḃas air. Agus duḃradar leis: Indé, ar an seaċtṁaḋ h-uair iseaḋ ḋ’imṫiġ an t-éagcruas de. 53Agus ḃí ḟios ag an aṫair gur le linn na h-uaire sin aduḃairt Íosa leis, Tá do ṁac beó; agus do ċreid sé féinagus a ṫeaġlaċ go léir.
54B’é sin airís an tarna gníoṁ mírḃúilteaċ a dein Íosa tar, éis teaċt dó ó Iúdaéa isteaċ i nGaililí.
Nke Ahọpụtara Ugbu A:
Eóin 4: ABNPOLG
Mee ka ọ bụrụ isi
Kesaa
Mapịa
Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye
historic text maintained by the Bible Society.

: