Eóin 5
5
CAIBIDIOL V.
Críost ag leiġeas, lá na Sabbóide, an duine a ḃí gan sláinte ar feaḋ tríoċad a h-oċt de ḃlianaiḃ. An ċaint a ḋein sé an uair sin.
1Tar éis na neiṫe sin do ṫárla #Leḃit. 23:5; Deut. 16:1.lá féile ag na Iúdaiġ, agus ċuaiḋ Íosa suas go Ierúsalem. 2Tá ag Ierúsalem loċ ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eaḃra, agus ċúig cinn de sgáṫanaiḃ i n’aice.#5:2 Ver. 2. Probatica, .i. “Loċán na gcaoraċ;” toisg, gurab ann do níġtí na caoíre a ḃíoḋ le h-íḋbirt sa teampul; nú toisg é ḃeiṫ i n-aice ġeata na gcaoraċ. Is léir ó’n dtéacs naoṁṫa go ndeintí mírḃúiltí sa loċ san. Agus is léir, leis, nác leiġeas nádúrṫa a ḃí sa n-uisge, óir ní leiġstí aċ aoinne aṁáin de sna daoine a curtí isteaċ ann nuair a ċorruíġeaḋ an t-uisge, dá mba i nádúr an uisge ḃeaḋ an leiġeas do leiġisfí gaċ aoinne a curfí isteaċ an uair sin. 3Agus ḃíoḋ ionta san cruinniú mór de ḋaoiniḃ laga, de ḋallaiḃ, de ḃacaċaiḃ, de ḋaoine crapaiṫe, agus iad ag feiṫeaṁ le coruiġe an uisge. 4Óir do ṫagaḋ aingeal an Tiġearna anuas ar uairiḃ áiriṫe, sa loċ, agus do cor-uiġtí an t-uisge. Agus an t-é ba ṫúisge ḃíoḋ istiġ sa loċ tar éis ċoruiġe an uisge, do leiġistí é ó pé gearán a ḃíoḋ air. 5Aċ ḃí aon duine aṁáin ann agus ḃí oċt mbliana déag ar ḟiċid caiṫte aige ann agus a ġearán air. 6Nuair a ċonaic Íosa an duine sin ’n-a luiġe, agus a ḟios aige go raiḃ an aimsir ḟada caiṫte aige ann, duḃairt sé leis: Ar ṁaiṫ leat go slánó-faí ṫu? 7Agus duḃairt an duine breóite: A Ṫiġearna, ní’l duine agam ċun mé ċur sa loċ nuair a coruiġtear an t-uisge, agus an ḟaid a ḃím ag teaċt bíonn duine eile istiġ róṁam. 8Duḃairt Íosa leis: Eiriġ, agus tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ. 9Agus do leiġiseaḋ an duine sin láiṫreaċ, agus ṫóg sé a leabaiḋ agus do ṡiuḃluiġ sé. Agus ḃí an tsabbóid ann an lá san.
10Agus duḃairt na Iúdaiġ leis an nduine a leiġiseaḋ: Tá an tsabbóid ann; #Exod. 20:11; Ierem. 17:24.ní ceaduiġṫe ḋuit ḃeiṫ ag iompar do leabṫa. 11D’ḟreagair sé iad: An t-é do leiġis mé duḃairt sé liom: Tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ. 12Agus d’ḟiafraiġeadar de: Cé h-é an duine sin aduḃairt leat: Tóg suasdo leabaiḋ agus siuḃluiġ? 13Aċ ní raiḃ ḟios ag an t-é do leiġiseaḋ cé ’r b’é. Óir do ċuaiḋ Íosa i leiṫ taoiḃ ó sna daoine a ḃí cruinniġṫe sa n-áit. 14Do fuair Íosa ’n-a ḋiaiḋ san é sa teampul agus duḃairt sé leis: Féaċ, táir leiġiste; ná dein peacaḋ feasda sar a mbain-feaḋ rud éigin níosa ṁeasa ḋuit. 15D’imṫiġ an duine agus d’innis sé do sna Iúdaiġ gur ḃ’é Íosa do leiġis é. 16D’á ḃríġ sin ḃí na Iúdaiġ ag cur ar Íosa mar ġeall ar na neiṫe sin a ḋéanaṁ sa tsabbóid.
17Agus d’ḟreagair Íosa iad: Oibriġeann m’Aṫair go dtí anois, agus oibriġim-se. 18Mar ġeall air sin ba ró-ṁian leis na Iúdaiġ é ċur ċun báis, toisg nár ḃ’é aṁáin go raiḃ sé ag briseaḋ na sabbóide, aċ ’n-a ṫeannta san go raiḃ sé ’ġá ráḋ gur ḃ’é Dia a aṫair, ’ġá cur féin ar aon dul le Dia.
19Aċ d’ḟreagair Íosa agus duḃairt se leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ní féidir do’n Ṁac aon níḋ a ḋéanaṁ aċ an níḋ a ċíonn sé ag an Aṫair ’á ḋéanaṁ; óir pé neiṫe a ḋeineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna. 20Óir is ionṁuin leis an Aṫair an Mac, agus noċtann se ḋó gaċ níḋ d’á ndeineann sé féin; agus noċtfaiḋ sé ḋó oibreaċa is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeiḋ iongna oraiḃ-se. 21Óir, fé mar a ṫógann an t-Aṫair na mairḃ agus ḋeineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an ṁuintir is toil leis. 22Óir ní ḃeireann an t-Aṫair breiṫ ar aoinne, aċ tá gaċ breiṫ taḃarṫa aige do’n Ṁac. 23I dtreó go dtaḃarfaḋ gaċ aoinne onóir do’n Ṁac, fé mar a ṫugaid siad onóir do’n Aṫair; an t-é ná tugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair a ċuir uaiḋ an Mac. 24Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, an t-é a ḋ’éisteann le m’briaṫar-sa agus a creideann an t-é a ċuir uaiḋ mé tá beaṫa ṡíoruiḋe aige, agus ní ṫagann sé isteaċ sa ḃreiṫ, aċ téiġeann sé ó bás go beaṫa. 25Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóċaid na mairḃ guṫ Ṁic Dé, agus an ṁuintir a ḋ’aireóċaiḋ beid siad beó. 26Óir, fé mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma gcéadna do ṫug sé do’n Ṁac beaṫa ḃeiṫ aige ann féin. 27Agus ṫug sé cóṁaċt dó ċun breiṫe do ḋéanaṁ, mar isé Mac an Duine é. 28Ná déiniḋ iongna ḋe seo, mar tá an uair ag teaċt ’n-a n-aireóċaid a ḃfuil ins na h-uaġnaiḃ guṫ Ṁic Dé. 29#Mait. 25:46.Agus tiocfaid luċt deaġ-ġníoṁ amaċ go h-aiseiriġe na beaṫa agus luċt droċ-ġníoṁ go h-aiseiriġe na breiṫe.#5:29 Ver. 29. go h-aiseiriġe na breiṫe, .i. ċun daor-ḃreiṫeaṁantais. 30Ní ḟéadaim-se aon níḋ do ḋéanaṁ uaim féin. Mar a ċloisim iseaḋ ṫugaim breiṫ; agus bíonn mo ḃreiṫ ceart, óir ní h-í mo ṫoil féin is áil liom, aċ toil an t-é a ċuir uaiḋ mé.
31Má ṫugaim-se fiaḋnaise am ṫaoḃ féin ní’l m’ḟiaḋnaise fíor. 32#Mait. 3:17; supra 1:15.Tá neaċ eile a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ, agus is eól dom gur fiór an ḟiaḋnaise a ṫugann sé am’ ṫaoḃ. 33Ċuireaḃair-se ag triall ar Eóin, agus ṫug sé fiaḋnaise ar an ḃfirinne. 34Aċ ní ġlacaim-se fiaḋnaise ó ḋuine; aċ deirim na neiṫe seo i dtreó go saorfaí siḃ-se. 35Lóċran ar lasaḋ agus ag taiṫneaṁ ab eaḋ é siúd, agus níor ṁisde liḃ-se ar feaḋ tamaill áṫas a ḋ’ḟáġail ’n-a ṡolus. 36Aċ tá agam-sa fiaḋnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreaċa gur ṫug m’Aṫair dom iad le déanaṁ, na h-oibreaċa san féin a ḋeinim, tugaid siad fiaḋnaise am’ ṫaoḃ gur b’é an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé. 37Agus an t-Aṫair féin a ċuir mé uaiḋ #Mait. 3:17; 17:5.do ṫug sé fiaḋnaise am’ ṫaoḃ. Agus níor ċloiseaḃair-se riaṁ a ġuṫ, #Deut. 4:12.ná ní ḟeacaḃair a ḋealḃ. 38Agus ní’l a ḃriaṫar agaiḃ ag fanṁaint ionaiḃ, óir an t-é a ċuir seisean uaiḋ ní ṫugann siḃ-se creideaṁaint dó. 39Cuardaiġtear na scriptiúirí, óir is dóiġ liḃ gur ionta atá beaṫa ṡíoruiḋe le faġáil; agus isiad san a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ-sa.#5:39 Ver. 39. Cuardaiġtear na scriptiúirí, nú Cuarduiġiḋ, nú Cuarduiġeann siḃ, na scriptiúirí. Ní h-aṁlaiḋ a ḋ’órduíġ-tear do’n uile ḋuine na scriptiúirí do sgrúdú. Is aṁlaiḋ a ċasann ár Slánuiġṫeóir leis na Fairisíniġ go raḃdar i gcoṁnuíḋe ag sgrúdúġaḋ na scriptiúirí ċun ná beaṫa síoruiḋe ḟáġail ionta agus, tar éis an sgrúduiġṫe go leír, ná glacfidís an t-é ar a raiḃ na scriptiúirí go léir ag taḃairt fiaḋnaise, an t-é aṁáin a ṫaḃarfaḋ an ḃeaṫa ṡioruíḋe ḋóiḃ. 40Agus ní h-áil liḃ teaċt ċúġam i dtreó go mbeaḋ an ḃeaṫa agaiḃ. 41Ní ġaḃaim glóire ó ḋaoine. 42Aċ tá aiṫne agam oraiḃ-se, ná fuil gráḋ Dé agaiḃ istiġ ionaiḃ. 43Do ṫánag-sa i n-ainim m’Aṫar, agus ní ġlacann siḃ mé: má ṫagann duine eile i n-a ainim féin glacfaiḋ siḃ é. 44Conus ab ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ-se agus gur ó n-a ċéile a ġlacann siḃ glóire, #1 Cor. 4:5.agus gan aon lorg agaiḃ ar an nglóire a ṫagann ó Ḋia aṁáin? 45Ná measaiḋ go ḃfuilim-se ċun siḃ a ġearán leis an Aṫair; tá duine a ḋeineann gearán oraiḃ, eaḋon, Maois, an t-é go ḃfuil ḃúr mainiġín as. 46Óir dá gcreideaḋ siḃ Maois b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ mise; óir #Gen. 3:15; 22:18; 44:10; Deut. 18:15.is orm-sa do sgríḃ sé sin. 47Aċ mura gcreideann siḃ a sgríḃinn sin, conus a ċreidfiḋ siḃ mo ḃréiṫre-se?
Nke Ahọpụtara Ugbu A:
Eóin 5: ABNPOLG
Mee ka ọ bụrụ isi
Kesaa
Mapịa
Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye
historic text maintained by the Bible Society.

: