1
Eoin 4:24
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Is spiorad Dia: agus iad sin a adhras é, is cóir dóibh é d’adhradh i spiorad agus i bhfírinne.
Yenzanisa
Ongorora {{vhesi}}
2
Eoin 4:23
Acht tá an uair ag teacht, agus is anois é, nuair a bhéarfas na fíor-adharthóirí adhradh do’n Athair i spioradh agus i bhfírinne. Óir iarrann an t-Athair fosta a leithéidí sin chun é d’adhradh.
3
Eoin 4:14
Acht an t-uisce a bhéarfas mise dó, éireochaidh sé istigh ann ina thobar uisce ag scárdadh suas chun na beatha síorraidhe.
4
Eoin 4:10
Dubhairt Íosa léi, ghá freagairt: Dá mb’eol duit tiodhlacadh Dé, agus cé h-é a deir leat: tabhair deoch damh; b’fhéidir gur tusa a d’iarrfadh air-sean, agus go dtabharfadh sé uisce beo duit.
5
Eoin 4:34
Deir Íosa leo: Is é is biadh damh-sa, toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, chun go dtabhrainn a obair chun críche.
6
Eoin 4:11
Deir an bhean leis: A dhuine uasail, ní fhuil caoi tharraingthe agat, agus tá an tobar domhain: cá bhfuil, mar sin, an t-uisce beo agat?
7
Eoin 4:25-26
Deir an bhean leis: Tá a fhios agam go bhfuil Messías (dá ngoirtear Críost) ag teacht, agus dá bhrígh sin, nuair a thiocfas seisean, innseochaidh sé na h-uile neithe dúinn. Deir Íosa léi: Is mise é, atá ag cainnt leat.
8
Eoin 4:29
Taraigidh, agus feicigidh an duine a d’innis damh gach nídh dá ndearna mé: an é nach é seo an Críost?
Pekutangira
Bhaibheri
Zvirongwa
Mavideo