1
Geineasas 9:12-13
An Bíobla Naofa 1981
Agus dúirt Dia: “Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht. Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh.
Yenzanisa
Ongorora {{vhesi}}
2
Geineasas 9:16
Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”
3
Geineasas 9:6
Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.
4
Geineasas 9:1
Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: “Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh.
5
Geineasas 9:3
Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh
6
Geineasas 9:2
Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir.
7
Geineasas 9:7
Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.”
Pekutangira
Bhaibheri
Zvirongwa
Mavideo